EU organic awards

In 2022, eagróidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar bhonn comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach, le Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR), COPA-COGECA agus IFOAM Organics Europe Gradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach den chéad uair, agus é mar aidhm aige barrfheabhas a aithint agus duais a bhronnadh ar na gníomhaithe is fearr agus is nuálaí i slabhra luacha orgánach an Aontais.

Áirítear sna gradaim maidir le Táirgeadh Orgánach (#EUOrganic) ocht nduais agus na seacht gcatagóir seo a leanas don táirgeadh orgánach is fearr:

  1. feirmeoir (baineann agus fireann)
  2. réigiún
  3. cathair
  4. bithcheantar
  5. fiontar beag agus meánmhéide (FBM)
  6. miondíoltóir bia
  7. bialann.

Tá beartas níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí bia san Aontas Eorpach á mholadh ag CESE le blianta fada agus beidh sé freagrach as na trí ghradam seo a leanas: an FBM a bhfuil an táirgeadh orgánach is fearr aige, an miondíoltóir bia orgánaigh is fearr, agus an bhialann orgánach is fearr. Tá an fhoirm iarratais le fáil anseo. 

Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh ón 25 Márta go dtí an 8 Meitheamh 2022, agus beidh siad ar il anseo.

Eagrófar searmanas bronnta ar Lá Orgánach an Aontais an 23 Meán Fómhair 2022, ócáid ina gcuirfidh na buaiteoirí a gcuid tionscadal nuálach i láthair. Níl sé beartaithe airgead duaise a bhronnadh.

Cúlra

Shonraigh an Coimisiún an sprioc maidir le 25 % den talamh talmhaíochta a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030. Chun tacú leis an sprioc sin, ghlac an Coimisiún an plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt i mí an Mhárta 2021. Sa phlean gníomhaíochta seo, glactar cur chuige ina n-aithnítear go bhfuil sé ríthábhachtach feasacht an phobail a mhéadú maidir leis na saintréithe agus na tairbhí a bhaineann leis an táirgeadh orgánach, d’fhonn táirgeadh agus tomhaltas orgánach a spreagadh. Dá bhrí sin, áirítear sa phlean gníomhaíochta duaiseanna bliantúla mar cheann de na straitéisí chun an sprioc sin a bhaint amach. (mr)