European Economic
and Social Committee
Molann CESE nithe tábhachtacha a chur le moltaí an Choimisiúin maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022
I mí Eanáir 2022, ghlac CESE tuairim i dtaobh mholtaí ón gCoimisiún Eorpach maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022, agus na cúinsí reatha á gcur san áireamh.
Thug an rapóirtéir Juraj Sipko an méid seo a leanas le fios: ‘Ceann de na príomhdhúshláin atá roimh gheilleagar an limistéir euro ná conas is féidir déileáil leis an méid mór fiachas poiblí agus, an ardleibhéal boilscithe atá ann anois agus leanúint leis an gclaochlú chuig geilleagar glas agus digiteach, agus béim á leagan ar an gcobhsaíocht shóisialta san am céanna’.
Tá CESE den tuairim nach bhfuil Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an Aontais oiriúnach níos mó do na dálaí sin. Ní mór dul chun cinn níos tapa a dhéanamh i dtionscadal an aontais baincéireachta agus ní mór Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích. Tá imní ar CESE freisin faoin éagobhsaíocht shóisialta atá ag dul in olcas agus tá táscairí nua níos iomchuí á n‑iarraidh aige maidir leis an éagothromaíocht agus an bhochtaineacht. (tk)