Tá taispeántas grianghraf á óstáil ag CESE chun comóradh a dhéanamh go bhfuil bliain amháin imithe ó bhuail crith talún tubaisteach an Chróit i mí na Nollag 2020.
Is é ‘Stay with us’ teideal an chnuasaigh sin de 25 ghrianghraf lena n-ardaítear feasacht maidir leis an tionchar millteanach a bhíonn ag tubaistí nádúrtha ar gach gné den saol daonna agus d’imeachtaí sóisialta agus tráchtála.
Tá ceardaithe a chaill a gcuid ceardlann le feiceáil sna pictiúir, daoine nach raibh in ann leanúint lena gcuid oibre ach a spreag daoine eile, mar sin féin, tríd an dea-shampla de bheith aontaithe agus dearfach i gcónaí.
Díríonn na pictiúir ar réigiúin Sisak, Petrinja, Glina agus na dúichí mórthimpeall orthu, ar an léirscrios atá fágtha agus ar na saincheisteanna iomadúla nach mór dul i ngleic leo fós chun filleadh ar an saol mar a bhí, aon bhliain amháin ó croitheadh an talamh.
Beidh an taispeántas ar siúl ón 15 Feabhra go 15 Márta 2022 agus beidh sé go léir le feiceáil go fíorúil ar shuíomh gréasáin CESE. (ck)