An tráth céanna a bhfuil CESE ag déanamh réidh chun fáilte a chur roimh 99 ndalta mheánscoile agus a múinteoirí chuig an imeacht don aos óg atá á eagrú aige dar teideal ‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’, tá comhaltaí CESE atá ag gníomhú dóibh mar mheantóirí do dhaltaí ag tabhairt cuairt ar na scoileanna a roghnaíodh chun buaileadh leis na toscaireachtaí a ghlacfaidh páirt in YEYS  2022 agus smaointe a mhalartú leo.

Luaitear na cruinnithe seo faoi na caibidlí a bhaineann leis an aos óg agus an daonlathas rannpháirtíochta ar ardán idirghníomhach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.

Is é ‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’ an teideal d’ócáid shuaitheanta CESE don aos óg ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’ i mbliana. Beidh an t-imeacht ar fad ar siúl go cianda an 31 Márta agus an 1 Aibreán 2022. Tá an clár ar fáil ar líne anois. (ck)