Chuir an tUachtarán Christa Schweng in iúl go soiléir ag an gcruinniú iomlánach an 19 Eanáir 2022 agus í ag labhairt le Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Fraince, Clément Beaune gurb iad téarnamh, neart agus muintearas na trí phríomhchuspóir atá ag Uachtaránacht na Fraince, cuspóirí atá ag CESE freisin agus a dtacaíonn sé leo.

‘Agus mé ag féachaint ar bhur gcuid tosaíochtaí – is iad sin, Eoraip níos ceannasaí, samhail Eorpach nua le haghaidh fáis agus Eoraip dhaonnachach – tá mé sásta go bhfuil a lán de na tosaíochtaí sin an-chosúil le tosaíochtaí CESE’, a dúirt Christa Schweng, agus í ag cur béime ar thiomantas agus ar rannchuidiú CESE maidir le hEoraip a bheadh athléimneach, láidir, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mhúnlú.

Chuir an Státrúnaí Beaune béim ar a mhéid a chuideoidh Uachtaránacht na Fraince leis an Eoraip a ullmhú don todhchaí, agus go háirithe le haghaidh 2030, agus an réamhobair á déanamh aici d’athruithe forleathana ar luachanna, infheistíocht, an óige, an cultúr agus an tsláinte. Díreofar go háirithe ar chur chun cinn na luachanna sin a aontaíonn muid ar fad ach ar tháinig lagú orthu le blianta beaga anuas, b’fhéidir toisc go ndearnadh talamh slán díobh, amhail an smacht reachta agus luachanna daonlathacha. ‘Is mian linn muintearas a chothú agus ár gcuid luachanna a chur chun cinn. Ní bheadh tionscadal polaitiúil ar bith ann gan an fhéiniúlacht choiteann Eorpach seo atá níos doimhne ná na féiniúlachtaí náisiúnta’, a dúirt sé.

Agus í ag tagairt don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thabharfar i gcrích go luath, dúirt Christa Schweng freisin ‘gur fearr is féidir linne i dteach na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip a bheith mar chomhghuaillithe daoibh sa chéim dheireanach íogair sin. Beidh sé ríthábhachtach torthaí inláimhsithe agus obair leantach thrédhearcach a áirithiú. Beidh trédhearcacht ag teastáil ó dhaoine chun go bhfeicfidh siad go bhfuil ‘beart de réir briathair’ á dhéanamh ag an Aontas. Mar sin, beidh ról Uachtaránacht na Fraince ríthábhachtach do rath na Comhdhála agus chun an tAontas Eorpach a thabhairt ar ais dá shaoránaigh.

Gheall an Státrúnaí Beaune go mbeadh moltaí praiticiúla mar thoradh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ‘moltaí is gá a chur i bhfeidhm go tapa chun nach cur amú ama a bheidh sa Chomhdháil ach go réiteofar an bealach léi d’fhíor-athchóirithe.’ (mp)