Ardán foghlama ar líne saor in aisce is ea Alison atá bunaithe in Éirinn agus atá ar cheann de na hardáin is mó den sórt sin ar domhan. Thug foireann Alison faoi deara ag tús ghéarchéim COVID-19 go raibh géarchéim eile ag bagairt orthu taobh leis an gcoróinvíreas, is é sin an ghéarchéim mhífhaisnéise. Chinn foireann Alison leas a bhaint as an líonra ollmhór de ghairmithe sláinte agus d’aistritheoirí atá acu chun faisnéis agus oideachas iontaofa faoin gcoróinvíreas nua a sholáthar don líon is mó daoine is féidir. Chuir Mike Feerick, bunaitheoir Alison, in iúl do CESE info gur sciobtha iad na hardáin ar líne ná na rialtais agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha, rud a chabhraigh le hardán Alison difear a dhéanamh.

Cad a spreag thú chun tús a chur le do thionscadal nó tionscnamh?

Nuair a luadh an coróinvíreas nua ar an nuacht siar in Eanáir 2020, bhí a fhios againn láithreach gur ghéarchéim dhaonnúil dhomhanda a bhí os ár gcomhair amach. Ós rud é go bhfuil muinín agus spéis ag daoine ar fud an domhain in ardáin ar líne saor in aisce ar nós Alison, is maith atá na hardáin sin in ann faisnéis ríthábhachtach a scaipeadh ar bhealach an-éifeachtach agus an-sciobtha. Chonacthas é sin go háirithe trí na cúrsaí saor in aisce a d’fhorbraíomar chun cabhrú le daoine tuiscint a fháil ar bhagairt na víreas domhanda a theagmhaigh linn roimhe seo, mar atá Ebola, SARS agus fliú na muc. Agus úsáid á baint againn as treoirlínte Lárionad na Stát Aontaithe um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte, bhíomar cinnte de go raibh inneachar saincheaptha agus cruinn againn. Ní raibh le déanamh ach an t-inneachar sin a chur ar fáil do dhaoine agus do phobail a luaithe agus ab fhéidir. Mar cheann de na hardáin foghlama ar líne saor in aisce is mó ar domhan, d’fhéachamar ar an tráth seo mar dheis ní hamháin chun oideachas a chur ar fáil dár bhfoghlaimeoirí, ach freisin chun aird a tharraingt ar an bhfreagracht atá orainn cuidiú leis an iarracht dhomhanda.

Is féidir leis na rialtais agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha gníomhú go mear, ach uaireanta ní mire ná ardáin agus foirne ar nós Alison iad. Mar fhiontar sóisialta, táimid in ann slua daoine ó gach cearn den domhan a bhfuil saineolas acu a earcú ar bhonn deonach láithreach. Ní hamháin go raibh os cionn 5 000 aistritheoir deonach againn mar chuid den fhreagairt ar an gcoróinvíreas, ach bhí breis is 800 liachleachtóir againn freisin, ó ollúna le leigheas i gCaireo go haltraí sna Stáit Aontaithe. Tá dea‑mhéin as cuimse ag daoine i leith a chéile ar fud an domhain. Thuigeamar go mbeimis in ann an dea‑mhéin sin a chur chun tairbhe níos tapa ná an chuid is mó de dhaoine nó d’eagraíochtaí eile, agus é sin a dhéanamh ar scála. Beimid níos ullmhaithe agus níos cumasaí le haghaidh na chéad phaindéime domhanda eile!

Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo?

Glacadh go han-dearfach lenár dtionscadal. Ní gá ach féachaint ar líon na mac léinn (nach mór 400 000) atá i mbun ár gcúrsaí aistrithe faoin gcoróinvíreas chun é sin a fheiceáil. Anuas air sin, bhí ár gcuid oibrithe deonacha bródúil as an rannchuidiú a rinne siad agus bhí áthas orthu de thoradh an aitheantais a thugamar dóibh. Chruthaíomar “Hall of Fame” COVID ar ár suíomh gréasáin chun aitheantas a thabhairt do na hoibrithe deonacha a bhfuil an chuid is mó den obair ar bun acu. Cé go raibh 5 000 oibrí deonach againn, is líon i bhfad níos lú ná sin (idir 100 agus 1000) a rinne trom na hoibre.

Is maith le daoine lámh chúnta a shíneadh ach is maith leo freisin aitheantas a fháil. Ar an gcaoi chéanna, tá áthas orainn anseo in Alison gur eagraíomar an tionscadal sin, ach is fíor gur deas an rud é aitheantas a fháil ón Aontas Eorpach. Is mór ag foireann Alison agus ag ár bhfoghlaimeoirí agus oibrithe deonacha ar fud an domhain an t-aitheantas sin a fháil. Ní le haghaidh an mholta atá an obair sin ar bun againn, ach ní bréag a rá gur deas an rud é moladh a fháil freisin.

Ar an 19 Feabhra 2021, bhí 383 fhreagra agus 281 trácht ar phostáil LinkedIn Alison faoin Duais Ar mo phostáil féin, bhí 93 fhreagra agus 23 thrácht. Tá roinnt tráchtanna fíorspreagúla ina measc!

Cén leas a bhainfidh tú as an maoiniú áirithe seo chun cúnamh breise a chur ar fáil sa phobal? An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agat cheana féin?

Bainfimid leas as an maoiniú seo chun na hinniúlachtaí atá againn a fhorbairt ionas go mbeimid in ann freagairt le faisnéis iomchuí inghníomhaithe ar gach sórt géarchéime domhanda, cibé acu bagairt ó phaindéim dhomhanda nó léirscrios tar éis súnámaí é sin, nó an chaoi ar mór dúinn, mar chomhphobal domhanda, freagairt go práinneach ar bhagairt an athraithe aeráide.

Táimid den tuairim go bhfuil ról ag faisnéis inghníomhaithe agus iontaofa, agus ag eolas agus inniúlachtaí den saghas céanna, maidir le gach dúshlán nó géarchéim a chaithfidh an domhan a shárú. Is cuid de bheagnach gach uile réiteach é an t‑oideachas! Is maith is eol dúinn é sin agus táimid tiomanta ár n-ardán agus ár bpobal a fhorbairt ionas go gcruthóidh siad, agus iad ag obair as lámha a chéile, go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le ról na dlúthpháirtíochta sibhialta sa tsochaí, ní hamháin san Eoraip, an áit ina bhfuilimid bunaithe, ach freisin ar fud an domhain mhóir.

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?

Mholfainn trí rud dóibh:

  • Leas a bhaint as cumhacht na teicneolaíochta: tá réitigh agus uirlisí níos cumhachtaí ná riamh ar fáil le haghaidh an cheartais shóisialta agus na dlúthpháirtíochta sibhialta trí leas a bhaint as na teicneolaíochtaí nua cumarsáide agus faisnéise. Téigh i muinín na teicneolaíochta ós é an t-aon rud amháin é a chuideoidh leat feabhas faoi chéad a chur ar do chumas freagartha go báúil.
  • Pobal muiníne a thógáil: beag beann ar mhéid d'eagraíochta, bíodh córas gairmiúil agus iontaofa agat le haghaidh cúrsaí gnó. Ní éireoidh leat gach rud a dhéanamh i gceart i gcónaí, ach cruinneoidh tú lucht leanúna mór agus, le himeacht aimsire, leanfaidh daoine an cheannaireacht a thabharfaidh tú.
  • “Cumhacht an tslua” a úsáid: tá dea-mhéin as cuimse ag daoine i leith a chéile. Is mian le daoine cúnamh le chéile, go háirithe má tá duine eile i ngátar. Ar an ábhar sin, téigh sa tóir ar dhaoine chun cur, ar bhonn deonach, leis an tionchar atá ag d’fhoireann ar phá. Má thugann tú an deis don “slua” rannchuidiú a dhéanamh, tapóidh siad an deis sin. Is ionann nádúr don ghnáthdhuine cibé áit a dtéann tú. Má tá muinín agat as an gcine daonna, beidh muinín ag an gcine daonna asat.