Bhí an cultúr faoi chaibidil ar líne le linn an chéad phlé a bhí ag CESE ar an ealaín i mbliana

Luain, an 25 Eanáir, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a chéad phlé ar líne ar an ealaín mar chuid de sheoladh fíorúil an taispeántais ar líne “Hand in Hand” le Maria Reis Rocha.

Le linn an phlé bheo a bhí ag an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Cillian Lohan, ag comhalta CESE, Gonçalo Lobo Xavier, agus ag an ealaíontóir Portaingéalach ar na saothair ealaíne ar taispeáint, tugadh an lucht féachana ar “thuras cultúrtha” a bhuí le léaráidí áille an ealaíontóra agus spreagadh muid go léir ár machnamh a dhéanamh ar na dúshláin shóisialta atá romhainn.

Ar chaill tú é? Is féidir féachaint air ag an nasc seo a leanas: Seimineár gréasáin cultúir CESE - Plé le Maria Reis Rocha - YouTube

Cuireadh an taispeántas fíorúil “Hand in Hand” ar bun faoi scáth Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus bhí sé ar taispeáint ar líne go dtí an 15 Feabhra 2021.

Is féidir cuairt a thabhairt ar an ngailearaí ar líne agus tuilleadh eolais a fháil faoi shaothair eile de chuid an ealaíontóra ag an nasc seo a leanas: https://www.eesc.europa.eu/ga/agenda/our-events/events/hand-hand/gallery (ck)