Agus tús á chur le Bliain Eorpach na hÓige 2022, d’fhiafraíomar de thriúr ceannairí cén rud is mó a bhí uathu i mbliana. Dar le gach duine acu, tá rud amháin riachtanach le go mbeidh an bhliain seo rathúil; is é sin go mbeadh daoine óga rannpháirteach sna próisis chinnteoireachta ina nglacann daoine fásta cinntí suntasacha i dtaca leis an aeráid. Níl amhras ar bith ar Adélaïde Charlier, duine de cheannairí ghluaiseacht na stailce scoile don aeráid ach nach mór go n-éireoidh le Bliain Eorpach na hÓige i dtaca leis seo, agus tugann Leas-Uachtarán CESE Cillian Lohan agus an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol Virginijus Sinkevičius ómós d’aos óg na hEorpa as a gcuid agóidí suntasacha a chuir an tsaincheist lofa seo ar bharr chlár oibre an Aontais.