European Economic
and Social Committee
Iarrtha ag CESE go mbeadh an Coimisiún Eorpach níos uaillmhianaí sna hiarrachtaí chun geilleagar agus airgeadas an Aontais a stiúradh i dtreo na hinbhuanaitheachta
Ag an seisiún iomlánach deireanach a bhí aige, bhí díospóireacht ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa leis an gCoimisinéir Eorpach McGuinness faoi conas córas eacnamaíoch agus airgeadais níos glaise, níos inbhuanaithe agus níos digitithe a bhaint amach.
Le linn an tseisiúin iomlánaigh, glacadh roinnt tuairimí mar iarracht chun bealach i bhfad níos inbhuanaithe a réiteach san Aontas Eorpach. I dtuairim féintionscnaimh amháin, molann CESE go bhforbrófaí sraith táscairí nua chun OTI a chomhlánú agus chun cuidiú leis an aistriú sin. I dtuairim eile, cuireann CESE in iúl go dtacaíonn sé leis an sprioc maidir le hinfheistíochtaí a atreorú, ach go measann sé go bhfuil cuma ró-éiginnte ar chuid mhaith de na bearta atá molta ag an gCoimisiún ina straitéis airgeadais inbhuanaithe athnuaite agus go ndéantar neamhshuim de choincheap criticiúil na hinbhuanaitheachta sóisialta. Ina theannta sin, ní chuimsítear le tacsanomaíocht AE spriocanna comhshaoil agus sóisialta ar bhealach comhionann agus ardaítear ceisteanna léi faoi ghníomhaíochtaí eacnamaíocha conspóideacha. Ar deireadh, cuireann CESE in iúl sa tríú tuairim, gur díol sásaimh dó an smaoineamh maidir le Caighdeán nua deonach um Bannaí Glasa Eorpacha agus déanann sé moltaí criticiúla maidir le conas an caighdeán sin a iompú ina ionstraim fhíorchumhachtach chun cabhrú le hinfheisteoirí a dhíriú i dtreo infheistíochtaí i dtionscadail a bhfuil tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol. (tk)