Gach mí, cuirfimid aoi gan choinne in aithne dár gcuid léitheoirí. Eorpach aitheanta a bheidh i gceist, duine a bheidh go mór i mbéal an phobail agus a roinnfidh a dhearcadh nó a dearcadh ar an domhan linn: duine ag a bhfuil smaointe nua agus a thabharfaidh léargas níos leithne dúinn ar an saol, a spreagfaidh ár samhlaíocht agus a thabharfaidh ár gcuid eolais cothrom le dáta.

Is í an tOllamh Danuta Hübner, feisire de Pharlaimint na hEorpa, ár n-aoi gan choinne. Maidir lena saol gairmiúil an-suntasach, is léir go bhfuil téamaí idirnáisiúnta agus Eorpacha de dhlúth agus d'inneach ann.

Bhí sí páirteach chomh mór sin in aontachas na Polainne leis an Aontas Eorpach gur baisteadh "Bean Uasal na hEorpa" mar leasainm uirthi sa Pholainn. Ó 2001 go dtí 2004, bhí sí ina hAire Gnóthaí Eorpacha. In 2004, ba í an chéad chomhalta Polannach den Choimisiún Eorpach í agus bhí sí freagrach ar dtús as cúram na trádála idirnáisiúnta agus ina dhiaidh sin as an mbeartas réigiúnach sa chéad Choimisiún sin faoi cheannas Romana Prodi i dtosach báire agus ansin faoi stiúir José Manuel Barroso (2004-2009).

Bhuaigh sí suíochán i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2009, ina dhiaidh sin rinneadh comhalta de Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) di, agus bhí sí ina cathaoirleach ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach. Atoghadh í chun Pharlaimint na hEorpa don tréimhse 2014-2019 agus bhí sí ina cathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla.

Toghadh Hübner den tríú huair in 2019 agus tá sí ina comhalta den Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus den Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Tá sí ag obair mar chomhordaitheoir PPE sa Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla freisin. Bhí sí ina comhalta de Ghrúpa Stiúrtha Brexit na Parlaiminte agus faoi láthair tá sí ina cathaoirleach ar an nGrúpa Faireacháin ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.