Le Kinga Grafa

Tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. De dheasca na ró-rialála, cuirtear bac ar a bhfás agus cuirtear cosc orthu coinneáil suas le hiomaitheoirí ó chodanna eile den domhan. Ní féidir leis an Eoraip leanúint de bheith ag dul thart i gciorcail. Is fíorathrú atá de dhíth ar fhiontraithe, seachas anailís bhreise ar na bacainní céanna arb eol dúinn leis na blianta. Dar le Kinga Grafa ó Chónaidhm Ghnólachtaí na Polainne, Lewiatan, is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair.

Le Kinga Grafa

Tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. De dheasca na ró-rialála, cuirtear bac ar a bhfás agus cuirtear cosc orthu coinneáil suas le hiomaitheoirí ó chodanna eile den domhan. Ní féidir leis an Eoraip leanúint de bheith ag dul thart i gciorcail. Is fíorathrú atá de dhíth ar fhiontraithe, seachas anailís bhreise ar na bacainní céanna arb eol dúinn leis na blianta. Dar le Kinga Grafa ó Chónaidhm Ghnólachtaí na Polainne, Lewiatan, is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair.

Chuir an Coimisiún Eorpach an Compás Iomaíochais i láthair le déanaí. Treochlár do na cúig bliana amach romhainn atá ann lena bhféachtar le seasamh eacnamaíoch an Aontais a neartú agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí Eorpacha. An cur chuige atá á mholadh ag an gCoimisiún, is é an cur chuige ceart é. Is le fada an lá atá athruithe den chineál sin á n-iarraidh ag gnólachtaí agus an t-iomaíochas agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí atá acu. Más mian leis an Aontas a bheith ina iomaitheoir domhanda, ní mór dó gníomhú láithreach. Agus geilleagar láidir mar bhonn againn, ní mór dúinn an rialáil a chuíchóiriú, costais fuinnimh a laghdú agus tacaíocht éifeachtach a chinntiú don infheistíocht agus don nuálaíocht. I bhfianaise na timpeallachta geopholaitiúla luainí atá ann, ní mór comhaontuithe saorthrádála a thabhairt chun críche le príomh-chomhpháirtithe freisin, mar shampla, comhaontuithe lena gcumhdaítear rochtain ar amhábhair chriticiúla.

Ar na laethanta seo, tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. Tá iomaitheoirí ó chodanna eile den domhan ag fás ar bhonn níos tapa agus cuireann an ró-rialáil bac ar fhás ghnólachtaí na hEorpa. Ní mór don Choimisiún Eorpach athchóirithe sonracha a chur chun cinn a chuirfidh feabhas dáiríre ar thimpeallacht ghnó an Aontais. Leis an gCompás Iomaíochais, tugtar aghaidh ar na príomhbhacainní atá ar an bhfás agus an táirgiúlacht san Aontas, amhail costais arda fuinnimh, ró-rialáil agus ganntanais scileanna agus lucht saothair. Is maith an cur chuige é sin ach, thar aon ní eile, is tábhachtach é a chur i bhfeidhm. Chuige sin, is gá tograí reachtacha agus pleananna gníomhaíochta a thabhairt isteach a chuireann an t-iomaíochas chun cinn seachas cosc a chur air.

Tá an margadh aonair ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach a bhuí le lánpháirtiú na hEorpa, ach ní mór leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh sin. Is ábhar frustrachais é go bhfuil na bacainní céanna, bacainní a bhí ann 20 bliain ó shin, fós ar an margadh aonair. Tá deis anois ag Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh é sin a athrú agus is príomhthosaíocht í an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Is mór is tábhachtach an méid sin, ní hamháin don earnáil iompair, ach freisin do chuideachtaí a thairgeann seirbhísí gairmiúla, a bhfuil a líon ag dul i méid i gcónaí. Ar an drochuair, ní leor an aird a thugtar ar an tsaincheist sin i dtuarascálacha Letta agus Draghi. Dírítear i dtuarascáil Letta ar an tógáil agus an miondíol amháin, agus níor cuireadh san áireamh i dtuarascáil Draghi meastacháin an Choimisiúin maidir leis na bearta breise a d’fhéadfaí a dhéanamh chun leas a bhaint as acmhainneacht mhargadh na seirbhísí. Mar fhocal dearfach, leagtar béim i dtuarascáil Niinistö ar ról na seirbhísí maidir le hathléimneacht agus slándáil a chothú. Is maith is eol don saol mór a thábhachtaí atá an méid sin agus an staid gheopholaitiúil mar atá faoi láthair. Is sa chomhthéacs sin atá an Coimisiún ag moladh an ‘28ú córas’, arb é sin sraith aonair rialacha lena gcumhdaítear an cánachas, dlí an tsaothair agus an dlí corparáideach. Is é is aidhm don tionscnamh sin gníomhaíochtaí trasteorann a shimpliú, go háirithe do FBManna, ach ní leor an t-eolas atá againn faoin togra chun measúnú a dhéanamh air ag an bpointe seo.

Is léir gur céim sa treo ceart é an fógra maidir le dírialáil agus reachtaíocht chuíchóirithe. Is mithid anois, áfach, na moltaí a chur i bhfeidhm, agus ní mór níos mó a bheith i gceist leis sin ná an t-ualach tuairiscithe a laghdú. Tá súil againn go ndéanfaidh an Coimisiún ‘iniúchadh’ críochnúil ar reachtaíocht an Aontais agus go mbeidh tograí sonracha mar thoradh air chun timpeallacht rialála an Aontais a fheabhsú gan mhoill.

Táimid ag tnúth le Fóram an Mhargaidh Aonair in Kraków agus táimid ag fanacht leis na conclúidí ón gcomhairliúcháin phoiblí a mbeidh comhaltaí Lewiatan páirteach ann. Is é an aidhm a bheidh ann an chéad straitéis eile maidir leis an margadh aonair a ullmhú.

Is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair agus réitigh a chur i bhfeidhm a bhainfidh leas as forbairt ghnólachtaí na hEorpa i ndáiríre. Beidh ríthábhacht le hidirphlé idir institiúidí an Aontais agus na comhpháirtithe sóisialta má táthar chun réitigh a aimsiú a fhreastalóidh ar fhíor-riachtanais gnólachtaí. Mura ndéanfar cinntí misniúla, caillfear am luachmhar agus beimid chun deiridh san iomaíocht dhomhanda.

Kinga Grafa ina Leas-Ardstiúrthóir ar Ghnóthaí Eorpacha i gCónaidhm Lewiatan agus ina toscaire buan chuig BusinessEurope. Is eolaí polaitiúil agus iriseoir í ó thaobh oideachais de. Fuair sí taithí maidir le feidhmiú an Aontais agus í ag obair d’Oifig an Choiste um Lánpháirtiú na hEorpa (2008-2009) agus do Pharlaimint na hEorpa (2009-2014). Chomhscríobh sí freisin leabhar faoi uaisleacht na Polainne agus tá roinnt foilseacháin eolaíocha scríofa aici ar bheartas eachtrach Mheiriceá, ar scothaicme Mheiriceá agus ar thaidhleoireacht chultúrtha.

Dar le Danny Jacobs, ardstiúrthóir líonra comhshaoil Fhlóndras, Bond Beter Leefmilieu – BBL, ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach éiginnteacht a chruthú do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú. Labhair sé linn faoi na hábhair imní atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil maidir leis an togra is déanaí ón Aontas maidir le rialacháin a shimpliú. Is eagal leo go bhféadfadh sé príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i leataobh.

Dar le Danny Jacobs, ardstiúrthóir líonra comhshaoil Fhlóndras, Bond Beter Leefmilieu – BBL, ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach éiginnteacht a chruthú do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú. Labhair sé linn faoi na hábhair imní atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil maidir leis an togra is déanaí ón Aontas maidir le rialacháin a shimpliú. Is eagal leo go bhféadfadh sé príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i leataobh.

Cad é do bharúil faoi na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an dírialáil, amhail an Compás Iomaíochais nó pacáiste Omnibus?

An clár oibre dírialála agus simplithe atá curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach, tugtar tús áite leis do chúrsaí eacnamaíocha, rud a d’fhéadfadh an dul chun cinn comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha atá bainte amach againn le dua a chur i mbaol. Is deacair don Aontas cúrsa soiléir a stiúradh toisc a dhúshlánaí atá sé acquis an Aontais a oiriúnú agus a chaomhnú san am céanna.

Léirítear le Compás Iomaíochais an Choimisiúin, a cuireadh i láthair go déanach i mí Eanáir, ábhair imní corparáidí maidir le costais fuinnimh agus dúshláin eacnamaíocha ach tugtar neamhaird ar phríomhthosaíochtaí amhail truailliú nialasach agus folláine na saoránach, rud a chuireann bac ar gheilleagar na hEorpa aistriú i dtreo todhchaí ghlan, rathúil agus chiorclach. Tá an baol ann go gcuirfidh an Compás an Eoraip ar strae. Trí dhícharbónú iomaíoch a chur chun cinn gan cuspóirí sóisialta agus comhshaoil a chur san áireamh, baintear an bonn den chuspóir atá ag institiúidí an Aontais, mar atá, leas an phobail a chosaint agus a chur chun cinn.

Rud is ábhar imní d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta an sprioc chontúirteach maidir le simpliú 25 % a leagtar amach sa Chompás. Bíodh is gur dhíol sásaimh é rialacháin a chuíchóiriú, má shimplítear iad gan measúnuithe críochnúla a dhéanamh d’fhéadfaí an bonn a bhaint de chosaintí ríthábhachtacha sláinte, sóisialta agus comhshaoil. Ní hí an rialáil a chuireann bac ar nuálaíocht ghnó, ach an easpa rialacha soiléire. Dá mhéad dírialála a dhéanfar is éiginnte a bheidh an timpeallacht, rud a chuirfidh gnólachtaí ar thús cadhnaíochta faoi mhíbhuntáiste agus a chuirfidh an dul chun cinn agus an inbhuanaitheacht i mbaol san am céanna.

Is baolach go ndéanfaidh an simpliú sin dochar do chuspóirí comhshaoil agus sóisialta freisin. Is iomaí locht sa Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, sa Treoir maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus níor bhain siad amach an méid a rabhthas ag súil leis. Dá ndéanfaí iad a lagú a thuilleadh, agus iad lag cheana féin, ní bheadh éifeacht ar bith leis na treoracha sin.

Is sampla eile é sin den mhéid atá ag titim amach i láthair na huaire.  Is suntasach an fhadhb atá roimh Fhlóndras le blianta beaga anuas ó thaobh substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFASanna) de. Tá cuid mhór den chríoch á dtruailliú ag na ceimiceáin sin agus na céadta mílte saoránach thíos leis. Srian nó toirmeasc a chur i bhfeidhm faoin reachtaíocht maidir le ceimiceáin (REACH), meastar gurb é sin an dóigh is éifeachtaí chun na rioscaí a bhaineann le substaintí, amhail PFASanna, a úsáidtear i bpróisis thionsclaíocha agus i dtáirgí (meascáin agus earraí) a rialú. Dá dtréigfeadh an Coimisiún Eorpach rialachán dian REACH, a bhfuil tábhacht leis, mhéadódh sé sin an neamhchosaint ar cheimiceáin chontúirteacha, rud a bheadh díobhálach don tsláinte phoiblí. Ba lú na hoibleagáidí a bheadh ar chuideachtaí roghanna malartacha sábháilte a lorg, rud a chuirfeadh bac ar an nuálaíocht sa cheimic inbhuanaithe. Dá scaoilte na rialacha is ea is guaisí a bheidh an sceitheadh agus an dramhaíl, rud a chiallaíonn go bhféadfadh méadú teacht ar thruailliú comhshaoil. Ba leochailí a bheadh na tomhaltóirí toisc nach ndéanfaí táirgí a sheiceáil le haghaidh substaintí tocsaineacha ar dhóigh chomh críochnúil céanna. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh cuideachtaí Eorpacha titim chun deiridh san aistriú domhanda chuig táirgí atá níos sábháilte agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus a sciar den mhargadh a ghéilleadh d’iomaitheoirí a bhaineann leas as nuálaíochtaí a sheasfaidh an aimsir.

An bhfuil tú dóchasach faoi chinniúint an Chomhaontaithe Ghlais i bhfianaise an phlean nua a d’fhógair an Coimisiún chun borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa?

Tá idir dheiseanna agus dhúshláin ag baint le Clár Oibre 2025 an Choimisiúin Eorpaigh. Tugtar gealltanais ann maidir le dícharbónú agus fuinneamh inacmhainne d’fhonn Eoraip níos glaine agus níos athléimní a chothú. San am céanna, áfach, tá an baol ann go gcuirfear príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i leataobh. Is mó an imní atá ann maidir le Rialachán Omnibus atá beartaithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúldoras chun freagracht chorparáideach a dhírialáil faoi scáth ‘an tsimplithe’. Léiríodh le treochtaí le déanaí gur rómhinic a úsáidtear an simpliú chun coimircí riachtanacha a lagú, ó reachtaíocht maidir le ceimiceáin go reachtaíocht maidir leis an talmhaíocht. Sampla cruthanta is ea an t-athchóiriú a rinneadh faoi dheifir ar an gComhbheartas Talmhaíochta i mí an Mhárta 2024, lenar baineadh amach cosaintí glasa. Anois, agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán REACH (a leagadh amach tráth mar uirlis chun an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint), tá an baol ann go ndéanfar é a athphacáistiú mar bheart simpliúcháin chun rialacha tionscail a mhaolú.

Cúpla mí ó shin, gheall an tUachtarán von der Leyen go seasfaí le spriocanna uile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Mar sin féin, tugtar a mhalairt le fios sa Chlár Oibre reatha. Is lú tosaíocht a thugtar ann do na spriocanna is práinní atá ann, go háirithe an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

An measann tú go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an dírialáil atá á moladh ar an inbhuanaitheacht agus ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo?

Ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach an bonn a bhaint den chinnteacht rialála agus den intuarthacht do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú.

Ní mór don Aontas a chinntiú nach ionann deireadh a chur leis an rómhaorlathas agus laghdú a dhéanamh ar chosaintí don chomhshaol agus don tsláinte phoiblí. Le cur chun feidhme cliste, ba cheart an Comhaontú Glas don Eoraip a neartú, seachas an bonn a bhaint de. Ní chuirfear leis an neart eacnamaíoch má dhéantar príomhchosaintí comhshaoil agus sóisialta a lagú, ag ligean orainn gur ag laghdú an rómhaorlathais atáimid. Céim mhístuama ar gcúl atá ann a chuirfidh na rialacha atá ceaptha chun an geilleagar a dhéanamh slán i bhfad na haimsire ó rath. Ina fhianaise sin ar fad, is mó an baol atá ann go gcuirfí deich mbliana de dhul chun cinn i réimse na hinbhuanaitheachta ó mhaith.

San am céanna, is ag dul i méid an brú ar an tsochaí shibhialta ar fud an Aontais agus tá dlíthe sriantacha maidir le gníomhairí eachtracha, bearta dianteannta i gcoinne agóidí agus ciorruithe ar mhaoiniú ag bagairt ar chearta bunúsacha. Ní mór don Eorpach Sciath don Daonlathas agus do Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta atá ar na bacáin níos mó ná gealltanais shiombalacha a thabhairt. Ní mór dóibh cosaintí dlíthiúla, cistiú inbhuanaithe agus idirphlé sibhialta struchtúrtha le hinstitiúidí an Aontais a chinntiú. Ní mór tús áite a thabhairt i gClár Oibre an Choimisiúin do chosaint an daonlathais tríd an tsochaí shibhialta a neartú. Gan sochaí shibhialta neamhspleách a bhfuil acmhainní maithe aici, tá daonlathas na hEorpa féin i mbaol.

Danny Jacobs ina ardstiúrthóir ar Bond Beter Leefmilieu – BBL (cónaidhm de 135 eagraíocht neamhrialtasach comhshaoil i bhFlóndras na Beilge) agus ina ionadaí thar cheann na Beilge sa Bhiúró Eorpach Comhshaoil (an líonra is mó san Eoraip d’eagraíochtaí saoránach comhshaoil, a dhéanann ionadaíocht ar thart ar 30 milliún comhalta aonair agus tacadóir).

Tá diúltaithe ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), príomheagraíocht ceardchumainn na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar 45 mhilliún oibrí ar an leibhéal Eorpach, tacú leis an gcompás iomaíochais –– treoirphlean an Choimisiúin Eorpaigh chun dlús a chur le geilleagar an Aontais Eorpaigh. De réir mar a fheictear do CEC é, ní féidir glacadh leis an gcompás mar atá sé faoi láthair. Labhraíomar le hArdrúnaí CEC, Esther Lynch, faoi phríomhagóidí na n-oibrithe atá i gcoinne an chompáis agus faoina bhfuil i ndán do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tráth atá éilimh nua ag teacht chun cinn an rialáil mhaolú agus díriú níos mó ar an iomaíochas.

Tá diúltaithe ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), príomheagraíocht ceardchumainn na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar 45 mhilliún oibrí ar an leibhéal Eorpach, tacú leis an gcompás iomaíochais –– treoirphlean an Choimisiúin Eorpaigh chun dlús a chur le geilleagar an Aontais Eorpaigh. De réir mar a fheictear do CEC é, ní féidir glacadh leis an gcompás mar atá sé faoi láthair. Labhraíomar le hArdrúnaí CEC, Esther Lynch, faoi phríomhagóidí na n-oibrithe atá i gcoinne an chompáis agus faoina bhfuil i ndán do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tráth atá éilimh nua ag teacht chun cinn an rialáil mhaolú agus díriú níos mó ar an iomaíochas. Tá sé curtha in iúl cheana féin ag ceardchumainn an Aontais nach mó ná sásta atá siad faoin bplean is déanaí ón gCoimisiún Eorpach chun athbheocht a chur i ngeilleagar an Aontais. I do thuairimse, cad é an locht is mó atá ar chompás iomaíochais an Choimisiún? An bhfuil aon togra nó tograí ar leith sa phlean a chuireann imní ort?

An fhadhb is mó a bhaineann le compás iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh ná go dtugtar tús áite don díriailáil, seachas do na hinfheistíochtaí is gá chun poist ardcháilíochta a chruthú, beartas tionsclaíoch Eorpach láidir a fhorbairt agus seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chinntiú. Ar an gcaoi chéanna, cé go n-aithnítear sa chompás cé chomh tábhachtach agus atá poist ardcháilíochta do gheilleagar iomaíoch, ní mholtar an reachtaíocht ba ghá chun cearta a threisiú, dálaí oibre a fheabhsú agus cómhargáil a chur chun cinn. Ina áit sin, is í an díríaláil a chuirtear san áireamh ann, rud atá ar neamhréir lena bhfuil ag teastáil agus a d’fhéadfadh dálaí oibre ní ba mheasa agus neamhdheimhneacht post a chruthú.

Ar na tograí is mó a chuireann imní orm, tá an ceann chun an 28ú córas cuideachtaí a thabhairt isteach. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do chuideachtaí feidhmiú taobh thall de dhlíthe saothair náisiúnta. Tá an baol ann go ndéanfadh sé sin an bonn a bhaint go mór ó reachtaíocht fostaíochta ar fud na hEorpa agus go gcruthódh sé an sodar go grinneall ó thaobh cearta agus cosaintí oibrithe de.

Ar an dul céanna, is rud é a chruthódh an t-uafás fadhbanna cosc a chur ar an ‘rórialáil’ – cumas na rialtas breis reachtaíochta a thabhairt isteach thar na híoschaighdeáin a socraítear le treoracha AE. Murab ionann agus rialacháin AE, is é an smaoineamh atá taobh thiar de threoracha AE ná go leagann siad íoschaighdeáin síos do gach tír. Má tharlaíonn go ndéanfaí uasteorainn de na híoschaighdeáin sin, ní hamháin go mbainfí an bonn den smaoineamh sin atá taobh thiar de threoracha AE, ach ba bhuille thubaisteach é don lucht oibre. Scriosfaí gach aon dul chun cinn atá déanta, dá dheacra a bhí sé, i réimsí amhail an cúram sláinte, an t-oideachas, sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus pá cothrom

Anuas air sin, iarrtar sa chompás go ndéanfaí athchóiriú ar chóras na bpinsean chun an saol oibre níos faide a chur sa mheá. Cruthaíonn sé sin fadhbanna eile mar cuireann sé ualach míchuí ar oibrithe gan aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le córais pinsin atá inbhuanaithe agus cothrom.

Rud eile de, is compás é atá go mór le leas na ngnólachtaí sa chaoi go ndéantar a lán gealltanas do ghrúpaí gnó gan aon tiomantas nithiúil reachtaíocht a thabhairt isteach a bheadh le leas an lucht oibre. Áirítear leis sin easpa beart chun a chinntiú go n-úsáidfear infheistíochtaí poiblí le poist ardcháilíochta a chruthú seachas díreach brabúis chorparáideacha a mhéadú.

A fhad ar a ghiorracht, tá teipthe ar an gcompás iomaíochais an dá thrá a fhreastal, is é sin le rá riachtanais gnólachtaí agus cearta oibrithe. Fágann sé sin nach féidir glacadh leis mar atá sé faoi láthair.

An ndéarfá go bhfuil cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i mbaol mar gheall ar an méid sin?

Go teoiriciúil, tá an Coimisiún tiomanta do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a chuir sé ar pár arís eile i gClár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025 a d’fhoilsigh sé le déanaí. Go praiticiúil, áfach, murab ionann agus gach clár oibre a bhí ann ó 2019, níl aon tionscnamh reachtach sóisialta sa chlár oibre le haghaidh 2025.

I gcontrárthacht leis sin, tá ocht bpíosa reachtaíochta ‘simpliúcháin’ molta ag an gCoimisiún don bhliain amach romhainn. Ní maith le duine ar bith a bheith ag plé leis an iomarca riaracháin agus tá réitigh ar an scéal sin á moladh go gníomhach ag ceardchumainn, cuir i gcás na rialacha maidir le soláthar poiblí.

Mar sin féin, is léir nach n-éireoidh linn na fadhbanna atá os comhair na hEorpa a fhuascailt trí dhul i muinín an tsimpliúcháin.

Is é an bhagairt is mó atá ar chur chun feidhme Cholún na gCeart na fógraí ar fud na hEorpa go bhfuil na sluaite daoine le scaoileadh as a bpost. Cuirfidh sé sin pá agus slándáil poist i mbaol, chomh maith le pinsin, cosaint shóisialta agus prionsabail go leor eile den Cholún.

Is gá infheistíochtaí a chinntiú chun poist ardcháilíochta a chosaint agus a chruthú. Áirítear air sin ionstraim SURE 2.0 maille le hionstraim láidir infheistíochta AE. Caithfear freisin na tionscnaimh reachtacha is gá a thabhairt isteach chun poist ardcháilíochta a ráthú.

Más rud é nach é réiteach na faidhbe ualaí rialála a laghdú, cad ba cheart don Aontas a dhéanamh chun go mbeadh a thuilleadh tábhachta leis sa chomhthéacs eacnamaíoch domhanda atá ann faoi láthair?

Easpa infheistíochta, sin is cúis le daoine do bheith á scaoileadh as a bpost. Is fíor an méid sin i gcás infheistíocht phríobháideach agus infheistíocht phoiblí araon.

Seachas infheistíochtaí a úsáid le hoibrithe a íoc nó leis an taighde agus an fhorbairt a bhfuil géarghá leo a dhéanamh, tá siad á n-úsáid ag corparáidí chun íocaíochtaí amach díbhinne – nach ngineann mórán brabúis – nó chun scaireanna a aischeannach. Is cleachtas é sin a chuireann bac ar fhorbairtí glasa agus teicneolaíochta san Eoraip.

Le blianta beaga anuas, tá na Stáit Aontaithe agus an tSín tosaithe ar an uafás infheistíochtaí poiblí a dhéanamh. San Aontas Eorpach, áfach, bhíothas gafa le gnó eile: rialacha nua a ghlacadh le hiallach a chur ar na Ballstáit ciorruithe déine a dhéanamh.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-athródh an tAontas an scéal sin gan mhoill. Réamhchoinníoll chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme is ea infheistíocht phoiblí a dhéanamh ar mhórscála, agus ceanglais shóisialta a leagan síos chun a chinntiú go gcruthódh na hinfheistíochtaí sin poist ardcháilíochta.

Is í Esther Lynch Ardrúnaí Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC). Tá taithí fhairsing aici ar bheith ag obair le ceardchumainn in Éirinn, san Eoraip agus go hidirnáisiúnta agus chaith sí seal ina Leas-Ardrúnaí agus ina Rúnaí Cónaidhme ag CEC. Sna róil sin, d’oibrigh sí chun cearta oibrithe agus cearta ceardchumann a neartú. Bhí tionchar aici ar phríomhthreoracha maidir le pá íosta leordhóthanach, dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, agus sceithireacht. Bhí sí i gceannas ar fheachtais ar son Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus pá chothroim. A bhuí lena hobair, d’éirigh léi 15 theorainn nochta atá ceangailteach ó thaobh dlí de a leagan síos maidir le carcanaiginí, chomh maith le comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta maidir le digiteáil agus tocsain maidir le hatáirgeadh. Agus í ina feimineach amach is amach, oibríonn Esther chun nach ndéanfaí beag is fiú arís eile ar an obair a dhéanann mná den chuid is mó.

Déanann CEC ionadaíocht ar 45 mhilliún ball ó 94 eagraíocht ceardchumann in 42 thír Eorpacha, sa bhreis ar 10 gcónaidhm Eorpach na gceardchumann.

Tá go leor cainte san Aontas agus sna Ballstáit ar na tuarascálacha a d’fhoilsigh Mario Draghi agus Enrico Letta in 2024. Tá siad ina dtreochláir anois lena léirítear an cur chuige ar cheart don Eoraip a ghlacadh chun todhchaí inmharthana a chinntiú. Sa tuairim uaidh dar teideal ‘Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi maidir le feidhmiú agus iomaíochas Mhargadh Aonair an Aontais’, tugann CESE léargas ar dhearcadh na sochaí shibhialta i leith na dtuarascálacha agus cuireann sé moltaí chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh le teann práinne. Iarradh ar na trí rapóirtéir a d’oibrigh ar an tuairim (Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini, agus Stefano Palmieri) aird a tharraingt ar na moltaí is mó tábhacht do rathúnas an Aontais amach anseo, dar leo, a chuirtear chun cinn sna tuarascálacha.

Tá go leor cainte san Aontas agus sna Ballstáit ar na tuarascálacha a d’fhoilsigh Mario Draghi agus Enrico Letta in 2024. Tá siad ina dtreochláir anois lena léirítear an cur chuige ar cheart don Eoraip a ghlacadh chun todhchaí inmharthana a chinntiú. Sa tuairim uaidh dar teideal ‘Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi maidir le feidhmiú agus iomaíochas Mhargadh Aonair an Aontais’, tugann CESE léargas ar dhearcadh na sochaí shibhialta i leith na dtuarascálacha agus cuireann sé moltaí chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh le teann práinne. Iarradh ar na trí rapóirtéir a d’oibrigh ar an tuairim (Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini, agus Stefano Palmieri) aird a tharraingt ar na tograí ó na tuarascálacha is mó tábhacht do rathúnas an Aontais amach anseo dar leo.

Tá an t-iomaíochas go mór i mbéal an phobail na laethanta seo agus an dírialáil á moladh mar an réiteach is fearr chun seasamh na hEorpa sa gheilleagar domhanda a neartú. Mar sin féin, is iomaí bealach atá ann an t-iomaíochas a thomhas agus níl aon fhreagra amháin faoi leith ar an gceist maidir le cad is iomarca rialála ann. Dar le Karel Lannoo, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, mura láimhseáiltear go cúramach iad, d’fhéadfadh díospóireachtaí ar an iomaíochas agus an dírialáil a bheith ina n-argóintí róshimplithe, dubh agus bán a d’fhéadfadh bagairt ar cheapadh beartais eacnamaíoch fónta.

Tá an t-iomaíochas go mór i mbéal an phobail na laethanta seo agus an dírialáil á moladh mar an réiteach is fearr chun seasamh na hEorpa sa gheilleagar domhanda a neartú. Mar sin féin, is iomaí bealach atá ann an t-iomaíochas a thomhas agus níl aon fhreagra amháin faoi leith ar an gceist maidir le cad is iomarca rialála ann. Dar le Karel Lannoo, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, mura láimhseáiltear go cúramach iad, d’fhéadfadh díospóireachtaí ar an iomaíochas agus an dírialáil a bheith ina n-argóintí róshimplithe, dubh agus bán a d’fhéadfadh bagairt ar cheapadh beartais eacnamaíoch fónta.

Is é Karel Lannoo Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, ceann de na príomhmheithleacha machnaimh neamhspleácha san Eoraip. Tá saineolas aige ar rialáil airgeadais, rialachas eacnamaíoch na hEorpa agus saincheisteanna a bhaineann leis an margadh aonair. Ar na foilseacháin is déanaí uaidh tá ‘Europa begrijpen’, tuarascáil tascfhórsa maidir le beartas na hearnála airgeadais do Choimisiún von der Leyen II, agus rannchuidithe éagsúla le himleabhair agus athbhreithnithe acadúla. Is minic a labhraíonn Karel ag éisteachtaí institiúidí AE, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag comhdhálacha idirnáisiúnta agus ag cláir feidhmiúcháin. Stiúrann sé staidéir do rialtais náisiúnta, d’eagraíochtaí iltaobhacha agus d’eintitis san earnáil phríobháideach. Bíonn a chuid saothair le feiceáil sna meáin go rialta. Ina theannta sin, tá Karel ar bhoird cuideachtaí agus fondúireachtaí agus tá sé ina chomhalta de chomhairlí comhairleacha, lena n-áirítear Coimisiún na Margaí Caipitil in AFM na hÍsiltíre, arb é údarás maoirseachta na margaí airgeadais é.

Le Stefano Palmieri
Grúpa na nOibrithe

Cé go bhfuil difríocht mhór idir an anailís a dhéanann Letta agus Draghi ina dtuarascálcha faoi seach, agus go bhfuil an-difear idir na straitéisí atá molta acu, tá an iliomad pointí sa dá thuarascáil a bhfeictear forluí eatarthu freisin.

Le Stefano Palmieri
Grúpa na nOibrithe

Cé go bhfuil difríocht mhór idir an anailís a dhéanann Letta agus Draghi ina dtuarascálcha faoi seach, agus go bhfuil an-difear idir na straitéisí atá molta acu, tá an iliomad pointí sa dá thuarascáil a bhfeictear forluí eatarthu freisin.

Glacaimis an beartas comhtháthaithe, mar shampla. Tugtar le fios i dtuarascáil Letta go bhfuil ról lárnach ag an mbeartas sin toisc go bhfágann sé go ndéantar buntáistí an Mhargaidh Aonair a roinnt ar shaoránaigh agus réigiúin uile an Aontais. Dírítear freisin ar an nasc idir an beartas comhtháthaithe agus na seirbhísí leasa ghinearálta, seirbhísí a bhfuil géarghá leo le go mbeidh muintir na hEorpa in ann maireachtáil agus a bheith ag obair san áit is rogha leo. Os a choinne sin, is cosúil go ndéantar beag is fiú i dtuarascáil Draghi den tábhacht atá leis an mbeartas comhtháthaithe agus le gnéithe sóisialta agus réigiúnacha den iomaíochas. Pléitear an t-iomaíochas san Eoraip gan éagothromaíochtaí idir na réigiúin a chur san áireamh, agus tugtar le tuiscint gur réiteach ar fhadhbanna na réigiún é borradh a chur faoin iomaíochas ina iomláine san Aontas. Déantar neamhaird ar an bhfírinne gurb ionann, ina lán réigiún, an t-iomaíochas íseal agus míbhuntáiste réigiúnach.

Aithnítear sa dá thuarascáil nach rogha don Aontas a thuilleadh é cloí leis an gcur chuige ‘gnó mar is gnách’. Mar gheall ar a phráinne agus a chasta atá géarchéimeanna ár linne, tá gá le hathrú mór a dhéanamh ar an gceapadh beartas san Eoraip, trí athruithe a dhéanamh ar na Conarthaí, b’fhéidir. An féidir linn an méadú a phlé i ndáiríre gan aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le comhtháthú polaitiúil níos doimhne? Is gá an scála ar a ndéantar rudaí a athrú freisin. Ní leor an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha, rud atá socraithe ag beagán os cionn 1 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais agus a bhfuil bac air ag prionsabal an bhrabúis chothroim, ar prionsabal é atá as dáta. Tá gá le cur chuige nua, agus an cur chuige sin a bheith bunaithe ar shamhail NextGenerationEU. Ní mór leas a bhaint as réitigh mhisniúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin neamhghnácha, agus ‘sócmhainní coiteanna sábháilte’ a eisiúint mar a tharla le linn na paindéime.

Le CAI 2028-2034, déanfar an méid atá ar intinn ag an Aontas a thástáil dáiríre, ós rud é go leagtar síos tosaíochtaí ann don tréimhse seacht mbliana atá romhainn. Sa chomhthéacs sin, tá sé réasúnta a bheith ag súil le díospóireacht oscailte faoi na dúshláin atá le sárú ag an Aontas, i bhfianaise an iliomad géarchéimeanna atá ar siúl faoi láthair, agus faoi phríomhchuspóirí an Aontais agus na hearraí coiteanna Eorpacha a bhfuil sé d’aidhm aige a chur ar fáil do na saoránaigh.

Agus athchóiriú na rialála á chur san áireamh, rud a mholtar sa dá thuarascáil, tá sé tábhachtach a mheabhrú gurb é an tAontas Eorpach an ‘geilleagar sóisialta margaidh’ is forbartha ar domhan. Tá ardchaighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an gheilleagair sin fíor-riachtanach chun go n-éireoidh leis an tsamhail, agus ní bac a chuirtear uirthi dá ndeasca. Dá bhrí sin, níl aon chiall leis rialacháin an Aontais a chur i gcomparáid le rialacháin na Stát Aontaithe nó na Síne. Nuair a dhéantar iarracht chun rialacha an Aontais a shimpliú, ní mór dálaí saothair, sábháilteacht oibrithe, cearta tomhaltóirí, an comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch agus an fás inbhuanaithe a chosaint i gcónaí.

Tá an Eoraip tar éis teacht ar an tuiscint faoi dheireadh thiar thall nach leor a thuilleadh margadh mór a bheith ann. Ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh, is gá di a seacht ndícheall a dhéanamh aontacht níos fearr a bhaint amach, trí chomhtháthú polaitiúil níos doimhne, cuir i gcás, agus beartais ar a bhfuil comhaontú dáiríre maidir leis an ngeilleagar, an tionsclaíocht, an trádáil, gnóthaí eachtracha agus an chosaint. Beidh tábhacht leis an méid a tharlóidh sna míonna amach romhainn chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

Karel Lannoo a scríobh

Tá sé go mór san fhaisean sa lá atá inniu ann an Eoraip a cháineadh as a neamhiomaíche atá sí agus feachtas ollmhór dírialála a éileamh ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, más mian leat riocht an gheilleagair a mheas i gceart, tá cuid mhór den scéal ag brath ar mar a shainmhínítear an rud is iomaíochas ann, ar an táscaire a úsáidtear, ar an tagarmharc atá i gceist, mar aon leis na dálaí mar atá.

Karel Lannoo a scríobh

Tá sé go mór san fhaisean sa lá atá inniu ann an Eoraip a cháineadh as a neamhiomaíche atá sí agus feachtas ollmhór dírialála a éileamh ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, más mian leat riocht an gheilleagair a mheas i gceart, tá cuid mhór den scéal ag brath ar mar a shainmhínítear an rud is iomaíochas ann, ar an táscaire a úsáidtear, ar an tagarmharc atá i gceist, mar aon leis na dálaí mar atá.

Lena chois sin, samhlaítear gur ionann an t-iomaíochas agus an dírialáil, rud nach bhfuil fíor, amhail is go ndéanfadh feachtas ollmhór simpliúcháin gach fadhb a réiteach. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach na paraiméadair a leagan síos i gceart leis an bplé a rialú, sin nó d’fhéadfadh sé imeacht ó smacht agus cur leis an Eoraisceipteachas.

Tá an t-iomaíochas ina chuspóir beartais an athuair, cé go raibh sé ina chuspóir beartais i gcónaí: tá sé tábhachtach cuimhneamh ar an méid atá déanta go dtí seo. An aidhm a bhí le Conradh Liospóin, a ghlac an Chomhairle Eorpach i Liospóin i mí an Mhárta 2000, ‘an geilleagar eolasbhunaithe is iomaíche agus is dinimiciúla ar domhan ina mbeadh fás inbhuanaithe agus ina mbeadh níos mó post, poist níos fearr agus comhtháthú sóisialta níos mó ar fáil’ a dhéanamh den Aontas Eorpach. Aimsir Delors, fiú, bhí an t-iomaíochas ina ábhar imní ag an gCoimisiún Eorpach – féach, mar shampla, an t-alt cáiliúil a scríobh Paul Krugman in 1994, inar dúradh go raibh sé contúirteach tábhacht rómhór a chur leis an iomaíochas. Bhí an tUas. Delors buartha an t-am sin faoin dífhostaíocht a bhí ag dul in olcas san Eoraip, i gcomhthéacs an iomaíochais leis na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin, agus is é an réiteach a mhol sé clár infheistíochta a dhíriú ar an mbonneagar agus an ardteicneolaíocht. Seanscéal agus meirg air.

Is le fada an lá freisin, atá simpliú na reachtaíochta ar an gclár oibre. Cuireadh tús le bearta an tionscadail ‘Reachtaíocht Níos Simplí don Mhargadh Inmheánach’ chomh fada siar le 1996, tráth nach raibh san Aontas Eorpach ach 15 Bhallstát. An Coimisinéir Cathal Mac Riabhaigh (2004-2009), bhí seisean i bhfabhar ‘sosanna’ rialála in 2005-06, sular thit an ghéarchéim airgeadais amach. In aimsir Choimisiún Juncker, rinneadh clár maidir leis an rialáil is fearr a chur de chúram ar an Leas-Uachtarán Frans Timmermans. Cé go bhfuil na pleananna sin go léir le moladh, b’fhearr i bhfad dul i ngleic le bhunchúiseanna na castachta rialála – an próiseas cinnteoireachta agus forfheidhmiú lag – in áit aghaidh a thabhairt ar na comharthaí sóirt. Mar sin féin, agus 27 mBallstát ag an Aontas, is fusa a leithéid a rá ná a dhéanamh.

Is mó a bhaineann an t-iomaíochas, de réir mar a sainmhíníodh é i dtuarascáil Draghi, pé scéal é, leis an táirgiúlacht agus le fás na holltáirgeachta intíre, rud ar féidir leis torthaí an-éagsúil a thabhairt ag brath ar an táscaire a úsáidtear. Ach tá bealaí eile ann leis an iomaíochas a thomhas. D’fhéadfaí an t-iomaíochas inmheánach a chur i gcomparáid leis an iomaíochas seachtrach. Ón taobh inmheánach de, tá cuma lag ar an Aontas, mar a bhfuil an táirgiúlacht ag dul i léig i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe. Ón taobh seachtrach de, áfach, tá barrachas trádála agus farasbarr sa chuntas reatha ag an Aontas, i gcodarsnacht leis na Stáit Aontaithe a bhfuil easnamh ollmhór sa trádáil agus sa chuntas reatha acu – ach, ina dhiaidh sin féin, ní cosúil gur fadhb an méid sin (ach amháin don Uachtarán Trump).

Is fearr i bhfad freisin an seasamh fioscach atá ag an Aontas ná an ceann atá ag na Stáit Aontaithe nó, fiú, ag an tSeapáin. Níl na sonraí beachta againn, áfach, le comparáid chruinn a dhéanamh leis an tSín. An t-easnamh i mbuiséad an Aontais, bhí sé thart ar 3.5 % den olltáirgeacht intíre in 2024, ach bhí sé beagnach a dhá oiread sin (6.4 %) sna Stáit Aontaithe. Is féidir leis na Stáit Aontaithe an t-easnamh sin a mhaoiniú trí bhíthin na margaí idirnáisiúnta a bhuí le stádas domhanda an dollair, cé go bhfuil na rátaí úis meántéarmacha san Aontas agus sna Stáit Aontaithe ag scaradh óna chéile, rud a léiríonn imní an mhargaidh faoi gheilleagar na Stát. Ráta iasachta sé mhí an mhargaidh inniu ná 4.8 % i gcás an dollair, i gcomparáid le 2.5 % sa limistéar euro (Euribor).

De bhreis air sin, is airde i bhfad na praghsanna fuinnimh san Aontas ná sna Stáit Aontaithe ó lár 2021, tráth ar thosaigh Vladimir Putin ar phraghsanna a chúbláil, rud a chuireann isteach ar iomaíochas thionscal na déantúsaíochta, agus ar an nGearmáin go háirithe. Inniu, tá costas an fhuinnimh san Aontas ar a laghad 50 % níos airde ná mar atá sna Stáit.

An beartas fuinnimh, sin ábhar eile ab fhiú a chíoradh sa díospóireacht faoin rialáil: an í an ró-rialáil an fhadhb? A mhalairt ar fad, cé go bhfuil aon mhargadh fuinnimh amháin ag an Aontas le haghaidh dáileacháin, is faoi rialú na mBallstát atá táirgeadh an fhuinnimh i gcónaí. Cruthaíonn sé sin fadhbanna sna tíortha a mbíonn farasbarr táirgeachta acu, ó tagann méadú ar na praghsanna mar gheall ar ghanntanais fuinnimh i dtíortha eile, rud a tharlaíonn sa tSualainn agus sa Ghearmáin.

Lena chois sin, san earnáil dhigiteach, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr an rialáil a fhágáil ar lár amach is amach. An dteastaíonn saoirse cainte uainn ar nós na Stát Aontaithe, gan modhnóireacht inneachair ar bith? An dteastaíonn margadh olagaplach uainn mar atá againn faoi láthair?

Sa phlé gairid seo, léiríodh gur gá an-aire a thabhairt i ndíospóireacht ar bith faoin iomaíochas agus an dírialáil ar fhaitíos go dtitfeadh sí chun róshimplíochta, rud a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar cheapadh na mbeartas.

Giuseppe Guerini
, thar ceann Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE, a scríobh

An bhliain seo caite, chuir an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle Eorpach de chúram ar Mario Draghi agus Enrico Letta tuarascálacha a dhréachtú maidir le hiomaíochas an Aontais agus maidir leis an margadh aonair a fheabhsú faoi seach. Leagadh amach sna tuarascálacha sin clár oibre polaitiúil uaillmhianach don Aontas Eorpach, ar plean agus tagarmharc ar aon iad maidir le measúnú a dhéanamh ar thiomantas na n-institiúidí agus lucht ceaptha beartas todhchaí an Aontais a mhúnlú agus ar a gcumas déanamh amhlaidh.

Giuseppe Guerini
, thar ceann Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE, a scríobh

An bhliain seo caite, chuir an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle Eorpach de chúram ar Mario Draghi agus Enrico Letta tuarascálacha a dhréachtú maidir le hiomaíochas an Aontais agus maidir leis an margadh aonair a fheabhsú faoi seach. Leagadh amach sna tuarascálacha sin clár oibre polaitiúil uaillmhianach don Aontas Eorpach, ar plean agus tagarmharc ar aon iad maidir le measúnú a dhéanamh ar thiomantas na n-institiúidí agus lucht ceaptha beartas todhchaí an Aontais a mhúnlú agus ar a gcumas déanamh amhlaidh.

Is féidir iad a úsáid le héifeachtacht na n-institiúidí agus na gceannairí a thomhas agus iad ag dul i ngleic le dúshláin chasta an lae inniu.

Uirlis fhónta atá i dtuairim CESE maidir leis na tuarascálacha sin, d’fhonn céimeanna tosaigh an timthrialla pholaitiúil nua seo a mheas. Ar an gcéad cheann de na céimeanna sin, tá an Compás Iomaíochais, rud a sheol an Coimisiún Eorpach an 29 Eanáir. Cuid de na tograí ardtosaíochta éagsúla atá ann, tarraingítear aird orthu i dtuairim CESE, cuir i gcás an bhearna iomaíochais a dhruidim, an margadh aonair a chur i gcrích, rialacháin a shimpliú gan dírialáil a dhéanamh, agus tábhacht na ndaoine agus na scileanna atá acu a aithint mar an rud is mó a bhfuil an t-iomaíochas ag brath air.

Mar sin féin, de bhreis ar an mbearna iomaíochais, níl dóthain bearta nithiúla á ndéanamh. Go dtí seo, is éard atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún ná doiciméid straitéiseacha, teachtaireachtaí, agus gealltanais, ach ní bheidh bearta follasacha le feiceáil go ceann na míonna fós. Léiríonn an mhoill sin, mar a cuireadh i bhfáth sa tuairim uainn, gur gá do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na Ballstáit freisin tús a chur le díospóireacht faoi rialacha bunúsacha an Aontais agus ábharthacht na gConarthaí atá ann faoi láthair i gcomhthéacs na ndúshlán ar gá dul i ngleic leo sa lá atá inniu ann, dúshláin a bhfuil beart ar bhonn práinne ag teastáil ina dtaobh.

Ní hionann beart a dhéanamh go beo agus an cháilíocht a chaitheamh i dtraipisí. Léirigh an Coimisiún Eorpach an méid sin in 2020 nuair a chuir sé an tionscnamh Next Generation EU chun feidhme go pras. Ba cheart dó an lúfaireacht chéanna a thaispeáint arís inniu.

Cur chuige ilghnéitheach a theastaíonn leis na spriocanna seo a bhaint amach. Tá sé fíorthábhachtach an margadh aonair a chur i gcrích go beo, ach, leis sin, is gá go mbeidh tiomantas láidir don inbhuanaitheacht chomhshaoil, don rathúnas eacnamaíoch, agus don chomhtháthú sóisialta agus críochach, ós rud é go gcuireann siad sin go mór leis an iomaíochas.

Teastaíonn freisin, leis an bhfís seo a thabhairt i gcrích, beartas comhtháite tionsclaíoch a sháraíonn na cuir chuige ilroinnte náisiúnta, mar aon le dreasachtaí straitéiseacha fioscacha agus custaim. Lena chois sin, má táthar chun timpeallacht dhinimiciúil ghnó a chothú, ní mór na huallaí maorlathacha agus na costais chomhlíontachta a laghdú trí bhíthin na reachtaíochta cliste agus na bpróiseas riaracháin cuíchóirithe.

In earnáil an fhuinnimh, beidh sé ríthábhachtach an éagothromaíocht atá ann ó thaobh praghsanna de a laghdú, ó Bhallstát go Ballstát agus i gcomparáid le geilleagair dhomhanda eile. Chuige sin, beidh gá lena thuilleadh infheistíochta san fhuinneamh in-athnuaite, rud a dhéanfaidh an margadh fuinnimh níos iomaíche agus níos inbhuanaithe araon.

Má táthar chun na spriocanna uailmhianacha seo a bhaint amach, beidh ar an Aontas comhbheartas a fhorbairt freisin maidir le hearraí poiblí na hEorpa, ceann a saineoidh go soiléir tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus a threiseoidh an ról atá aige ar an leibhéal domhanda.

Leanfaidh CESE den fhaireachán ar chur chun feidhme na mbeartas sin, lena áirithiú go gcloistear agus go dtugtar aird ar ghlór shochaí shibhialta na hEorpa.

Le Matteo Carlo Borsani,
Grúpa na bhFostóirí in CESE

Is é an chéad mholadh agus an príomh-mholadh ó CESE sa tuairim uaidh gur cheart gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun moltaí thuarascálacha Letta agus Draghi a chur chun feidhme. I mo thuairimse, ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach. Níor cheart codanna áirithe den dá thuarascáil sin a roghnú. Ní mór iad a chur chun feidhme ina n-iomláine, gan teorainn a chur leis na tograí ná leis an aird a thugtar ar chriosanna compoird, agus gan na saincheisteanna is criticiúla agus is achrainní, amhail infheistíochtaí, a sheachaint. 

Le Matteo Carlo Borsani,
Grúpa na bhFostóirí in CESE

Is é an chéad mholadh agus an príomh-mholadh ó CESE sa tuairim uaidh gur cheart gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun moltaí thuarascálacha Letta agus Draghi a chur chun feidhme. I mo thuairimse, ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach. Níor cheart codanna áirithe den dá thuarascáil sin a roghnú. Ní mór iad a chur chun feidhme ina n-iomláine, gan teorainn a chur leis na tograí ná leis an aird a thugtar ar chriosanna compoird, agus gan na saincheisteanna is criticiúla agus is achrainní, amhail infheistíochtaí, a sheachaint. 

Maidir le tuarascáil Draghi, ós rud é gur léir a thábhachtaí atá sé díriú ar iomaíochas an Aontais ina iomláine, measaim gur moltaí ríthábhachtacha iad na moltaí a dhéanann Mario Draghi maidir le beartas tionsclaíoch an Aontais. Go háirithe, d’áitigh sé gur gá beartas tionsclaíoch a ghlacadh a bheadh in ann na dúshláin a bhaineann leis an gcur chuige ilroinnte atá ann faoi láthair a shárú. Sa lá atá inniu ann, tá 27 mbeartas tionsclaíochta náisiúnta ann, agus ní dhéantar na beartais sin a chomhordú i gcónaí. I ndáil leis an méid sin, is le hiarracht struchtúrtha ar an leibhéal Eorpach amháin a bheimis in ann an chothromaíocht cheart a áirithiú idir bearta fioscacha, rialála, tráchtála/custaim agus dreasachtaí airgeadais, mar a rinne na Stáit Aontaithe agus an tSín sna beartais thionsclaíocha is déanaí a d’ullmhaigh siad. Rachadh an chothromaíocht sin go mór chun tairbhe don mhargadh aonair.

Ba cheart, áfach, don mhéid sin a bheith fite fuaite le laghdú ollmhór ar ualaí maorlathacha do ghnólachtaí, agus is mór agam go háirithe an iarraidh ó Enrico Letta maidir le margadh aonair a dhéanfaidh dul chun cinn go tapa agus a mbeidh tionchar forleathan aige. I measc a phríomh-mholtaí, molann Enrico Letta an t-ualach maorlathach a chuíchóiriú, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, agus gníomhaíochtaí breise chun an rómhaorlathas a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún an t-ualach tuairiscithe a laghdú 25 % do gach gnólacht agus sprioc 50 % ar a laghad a leagan síos do FBManna. Ina theannta sin, trí thógáil ar an moladh ó Enrico Letta maidir le machnamh a dhéanamh ar shásra a chuideoidh leis na comhreachtóirí measúnú tionchair dinimiciúil a dhéanamh, agus tríd an moladh sin a dhoimhniú, tacaíonn CESE go láidir leis an smaoineamh seiceáil iomaíochais a dhéanamh le linn an nós imeachta reachtaigh.

Agus an láthair oibre á hathchruthú ag an intleacht shaorga (IS), tá sé ríthábhachtach leanúint de IS duinelárnach a chur chun cinn agus beartais a mholadh a aimsíonn cothromaíocht idir forbairt láidir IS san Eoraip, an ceartas sóisialta, agus cearta na n-oibrithe, b’in an mhórtheachtaireacht a cuireadh in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil a tionóladh in CESE.

Agus an láthair oibre á hathchruthú ag an intleacht shaorga (IS), tá sé ríthábhachtach leanúint de IS duinelárnach a chur chun cinn agus beartais a mholadh a aimsíonn cothromaíocht idir forbairt láidir IS san Eoraip, an ceartas sóisialta, agus cearta na n-oibrithe, b’in an mhórtheachtaireacht a cuireadh in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil a tionóladh in CESE.

Mar chuid de sheisiún iomlánach mhí Eanáir, reáchtáladh díospóireacht in CESE maidir le húsáid IS san ionad oibre, mar ar labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke; Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, Roxana Mînzatu; agus Leas-Aire Teaghlaigh, Saothair agus Beartais Shóisialta na Polainne, Katarzyna Nowakowska; i measc daoine eile.

Dúirt an tUas. Röpke an méid a leanas nuair a chuir sé tús leis an bplé: ‘Tá an intleacht shaorga ar cheann d’fheiniméin is mó bunathrú na linne seo. Níl aon chuimse lena bhféadfaí a bhaint amach léi ach, mar sin féin, ní beag na dúshláin a ghabhann léi. An díospóireacht a reáchtáladh inniu, dhearbhaigh sí an athuair a thábhachtaí atá sé beartas IS a fhréamhú go daingean i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Rinne an Leas-Uachtarán Roxana Mînzatu an pointe a leanas a chuir leis an bplé: ‘Agus muid ag cuimhneamh ar IS, go háirithe IS san ionad oibre, ba cheart féachaint ar bhealaí le borradh a chur faoin infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht, agus leis an gcaoi ar féidir le cuideachtaí na hEorpa forbairt a dhéanamh sa réimse seo le go mbeadh ár dteicneolaíochtaí féin againn agus iad oilte ar shonraí Eorpacha agus bunaithe ar luachanna Eorpacha. Má chloímid leis na luachanna atá againn ó thaobh na gceart sóisialta agus an chomhionannais de, cinnteoimid gurb ionann na cearta atá ag na hoibrithe is cuma ann nó as IS – is é sin le rá, go gcosnófar iad agus go gcuirfear an rialú duinelárnach chun feidhme.’

Dúirt an Leas-Aire Nowakowska go bhfuil deiseanna iontacha á gcruthú ag IS i saol na hoibre, do na gnólachtaí ar mian leo cúrsaí táirgiúlachta agus iomaíochais a fheabhsú, ach go bhfuil údar imní ann freisin faoin tionchar a d’fhéadfadh sé a imirt ar an bhfostaíocht, sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe, dálaí oibre, cáilíocht fhoriomlán na bpost, agus ról an idirphlé shóisialta.

Glacadh na tuairime maidir leis an Intleacht shaorga atá chun tairbhe don oibrí maille le frituairim

Tar éis na díospóireachta sa suí iomlánach, ghlac CESE an tuairim féintionscnaimh Ar son intleacht shaorga atá chun tairbhe don oibrí: deiseanna na hintleachta saorga a ghlacadh chugainn agus na rioscaí a mhaolú a mhéid a bhaineann le beartais fostaíochta agus beartais an mhargaidh saothair, leis an rapóirtéir Franca Salis-Madinier. Glacadh an tuairim le 142 vóta ina fabhar, 103 vóta ina coinne, agus 14 staonadh. Níor thacaigh Grúpa na bhFostóirí in CESE léi agus rinne sé frituairim a chur síos.

Leagann CESE béim sa tuairim ar an ról ríthábhachtach atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag rannpháirtíocht na n-oibrithe maidir le cearta bunúsacha oibrithe a chaomhnú agus maidir le IS ‘iontaofa’ a chur chun cinn i saol na hoibre. De réir na tuairime seo, ba cheart na rialacha atá ann cheana féin a úsáid le dul i ngleic leis na bearnaí i gcosaint chearta na n-oibrithe ag an obair agus lena áirithiú go mbeidh smacht ag an duine daonna i gcónaí ar na hidirghníomhaíochtaí uile idir daoine agus meaisíní.

Cuireadh an fhriththuairim ó Ghrúpa na bhFostóirí leis an tuairim. Mhínigh comhaltaí an ghrúpa sin go raibh ag an Aontas cheana féin, dar leo, na huirlisí a theastódh le réabhlóid IS a chur chun tairbhe, agus gur leor an creat dlíthiúil reatha le húsáid gan tuisliú IS a chur chun cinn. (lm)