SOC/804 - Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

Document Type
AC

SOC/787 - Pacáiste frithsmuigleála

Document Type
AC

An tslándáil a fheabhsú i réimse an taighde

Document Type
AC

An 1 Iúil, chuir an Ungáir tús lena tréimhse i mbun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus beidh ról thar a bheith tábhachtach aici agus í ag stiúradh na hEorpa. 

Tá athnuachan pholaitiúil ar bun sa tréimhse seo tar éis na dtoghchán Eorpach, agus tá sé beartaithe ag CESE a bheith ina chomhpháirtí stuama ag Uachtaránacht na hUngáire, agus ról lárnach a imirt chun roinnt de na tosaíochtaí polaitiúla a mhúnlú le linn an téarma pharlaimintigh atá romhainn. Tá sé iarrtha ag Uachtaránacht na hUngáire ar an gCoiste suas le 10 dtústuairim a ullmhú di.

An 1 Iúil, chuir an Ungáir tús lena tréimhse i mbun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus beidh ról thar a bheith tábhachtach aici agus í ag stiúradh na hEorpa. 

Tá athnuachan pholaitiúil ar bun sa tréimhse seo tar éis na dtoghchán Eorpach, agus tá sé beartaithe ag CESE a bheith ina chomhpháirtí stuama ag Uachtaránacht na hUngáire, agus ról lárnach a imirt chun roinnt de na tosaíochtaí polaitiúla a mhúnlú le linn an téarma pharlaimintigh atá romhainn. 

Tá sé iarrtha ag Uachtaránacht na hUngáire ar an gCoiste suas le 10 dtústuairim a ullmhú di. Tá tuilleadh eolais faoi na gníomhaíochtaí sin le léamh inár mbróisiúr nua; tá cur síos ann freisin ar chomhaltaí na hUngáire in CESE agus ar na heagraíochtaí as a dtagann siad. (cw)

Faisnéis do thomhaltóirí san Aontas Eorpach

Document Type
AS

Le Cláudia Pinto, Fóram Eorpach na nÓg 

Is é Fóram Eorpach na nÓg an t-ardán is mó d’eagraíochtaí óige san Eoraip, agus tar éis dó tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin a mholadh le 10 mbliana anuas, tá sé ag tacú anois leis an iarraidh ó CESE cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan íocaíocht. Tá anailís déanta ag ár n-aoi speisialta, Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg, ar an togra is déanaí ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas agus tá na lochtanna uile liostaithe aici cé go bhfuil sí den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é ar an iomlán.

Le Cláudia Pinto, Fóram Eorpach na nÓg 

Is é Fóram Eorpach na nÓg an t-ardán is mó d’eagraíochtaí óige san Eoraip, agus tar éis dó tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin a mholadh le 10 mbliana anuas, tá sé ag tacú anois leis an iarraidh ó CESE cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan íocaíocht. Tá anailís déanta ag ár n-aoi speisialta, Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg, ar an togra is déanaí ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas agus tá na lochtanna uile liostaithe aici cé go bhfuil sí den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é ar an iomlán.

Is minic, agus iad ag lorg post, nach mbíonn roimh dhaoine óga sa lá atá inniu ann ach sraith de thréimhsí oiliúna neamhíoctha. Cén gealltanas a thugtar? Deirtear gur bealach le dul isteach i margadh an tsaothair atá sna tréimhsí oiliúna sin gan phá. Maítear go dtugtar rochtain do dhaoine óga ar líonraí agus go gcuirtear taithí foghlama nua ar fáil dóibh. 

Níl a leithéid de rud, áfach, agus neamhspleáchas airgeadais le tréimhsí intéirneachta den chineál sin. Conas is féidir bia a cheannach, cíos a íoc nó smacht a choinneáil ar na billí uile sin a mbíonn sa mhullach orainn ar fad más ag obair saor in aisce atá tú? 

Is dúshaothrú ar dhaoine óga i margadh an tsaothair i ndáiríre iad na tréimhsí oiliúna gan phá. Cuireann siad leis an eisiamh sóisialta freisin ós rud é go bhfágtar ar lár láithreach bonn na daoine sin nach acmhainn dóibh a bheith ag obair saor in aisce, daoine óga ó chúlra faoi mhíbhuntáiste cuir i gcás. Mar bharr donais ar an scéal, ní ann do phoist ar an leibhéal iontrála mar gheall orthu, rud a fhágann gur forbhásaí fós an margadh saothair. 

Tá tréimhsí oiliúna ar ardchaighdeán á gcur chun cinn ag Fóram Eorpach na nÓg le 10 mbliana anuas. Le dhá bhliain anuas, tá feachtas dar teideal An bhfuil sé d’acmhainn agatsa a bheith ag obair saor in aisce? á reáchtáil go gníomhach againn, agus treoir á éileamh againn chun cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan phá i margadh an tsaothair i mBallstáit uile an Aontais. 

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach ar deireadh i mí an Mhárta agus, go deimhin, rinne sé treoir a iarraidh ann! Is céim mhór chun cinn é seo agus tiomantas dochloíte na ndaoine óga ar fud na mór-roinne ba chúis leis. In ainneoin na céime chun tosaigh, áfach, ní áirithítear go soiléir faoin treoir go gcuirfear pá ar fáil do thréimhsí oiliúna i margadh an tsaothair. 

Is é príomhábhar imní Fhóram Eorpach na nÓg maidir leis an téacs atá beartaithe nach dtéann sé i ngleic ach le gné amháin den fhadhb. Ní phléitear ann ach na tréimhsí oiliúna bréagacha (i.e. gnáthphoist atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna agus é d’aidhm acu dálaí oibre agus an pá go háirithe a ísliú) nuair ba cheart díriú ar gach intéirneach i margadh an tsaothair. Treoir um fhorfheidhmiú atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach, rud a chuireann cuid mhaith brú ar chigireachtaí saothair, daoine nach dtugtar acmhainní airgeadais leordhóthanacha dóibh agus a bhfuil ualach trom oibre orthu cheana féin. 

Dá bhrí sin, is cúis imní é d’Fhóram Eorpach na nÓg cur chun feidhme praiticiúil na treorach agus an chaoi ar féidir cearta daoine óga a urramú go praiticiúil. Go bunúsach, ní dhéantar sa togra ach sainmhíniú a thabhairt ar cad nár cheart a dhéanamh le linn na dtréimhsí oiliúna seachas cearta a bhronnadh go soiléir ar intéirnigh. Cé go n-áirítear prionsabal ann nach ndéanfar idirdhealú ar intéirnigh is ábhar imní é d’Fhóram Eorpach na nÓg, mar sin féin, an chaoi a bhféadfadh na Ballstáit an prionsabal sin a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta ós rud é go bhféadfadh fostóirí leanúint fós de dhúshaothrú a dhéanamh ar dhaoine óga. 

Sa bhreis ar an togra le haghaidh treorach, mhol an Coimisiún Eorpach Moladh nua ón gComhairle freisin chun an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a thabhairt cothrom le dáta, trína raon feidhme a leathnú chuig gach cineál intéirneachta agus trí phrionsabail maidir le rochtain ar phá agus ar chosaint shóisialta a áireamh ann. Is iontach an rud é na prionsabail sin a bheith le feiceáil i dtogra cé nach bhfuil an Moladh ón gComhairle ceangailteach faraor. 

Leanfaidh Fóram Eorpach na nÓg de chearta daoine óga a chosaint agus de bheith ag troid ar son dálaí oibre cothroma. Iarraimid ar an gComhairle Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa an téacs a neartú agus a áirithiú nach mbeidh aon lúb ar lár ann a d’fhéadfadh dúshaothrú leanúnach daoine óga a cheadú. Chun miondealú iomlán ar an togra seo a fháil, bí cinnte agus ár n-alt Two Steps Forward One Step Back a léamh.

Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg atá i gceannas ar an obair thathanta maidir le haistriú daoine óga ón oideachas go margadh an tsaothair, ina ndírítear ar bheartais chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Eoraip. Agus saineolas aici ar bheartas sóisialta agus saothair na hEorpa, d’oibrigh sí roimhe seo i gCónaidhm Eorpach na gCeardchumann Neamhspleách.

Infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh

Document Type
AS

le Christophe Préault, Stiúrthóir Dréachtaithe, Touteleurope.eu

I dtoghcháin Eorpacha na bliana 2024, is fearr a chruthaigh Rassemblement náisiúnta na Fraince, páirtí atá i bhfad ar dheis, ná an tuar a bhí sna pobalbhreitheanna, agus fuair siad an toradh ab fhearr ó bunaíodh iad. Rud eile, fuair siad os cionn trian de vótaí na ndaoine atá faoi bhun 35 bliana d’aois. Is é Christophe Préault, eagarthóir sinseartha Toute l’Europe: seo anailís an aoi speisialta ar thoradh mór an Rassemblement nationale (RN) agus ar a fheabhas a d’éirigh le ceannaire an pháirtí Jordan Bardella, fear ó bhruachbhailte Pháras nach bhfuil ach 28 bliain d'aois a mbíonn síorfheiceáil air ar TikTok.

 

le Christophe Préault, Stiúrthóir Dréachtaithe, Touteleurope.eu

I dtoghcháin Eorpacha na bliana 2024, is fearr a chruthaigh Rassemblement náisiúnta na Fraince, páirtí atá i bhfad ar dheis, ná an tuar a bhí sna pobalbhreitheanna, agus fuair siad an toradh ab fhearr ó bunaíodh iad. Rud eile, fuair siad os cionn trian de vótaí na ndaoine atá faoi bhun 35 bliana d’aois. Is é Christophe Préault, eagarthóir sinseartha Toute l’Europe: seo anailís an aoi speisialta ar thoradh mór an Rassemblement nationale (RN) agus ar a fheabhas a d’éirigh le ceannaire an pháirtí Jordan Bardella, fear ó bhruachbhailte Pháras nach bhfuil ach 28 bliain d'aois a mbíonn síorfheiceáil air ar TikTok.

Níor vótáil oiread daoine riamh don Rassemblement Nationale (RN) agus a vótáil i dtoghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024, agus mheall siad beagnach aon trian de na vótálaithe (31.4 %). Is é an RN is lionmhaire a mheall vótaí ó mórán gach aoisghrúpa agus gach grúpa soch-ghairmiúil, rud a tháinig aniar aduaidh ar an tír gan aon agó. Is fíor sin go háirithe i gcás na ndaoine óga: mheall liosta Jordan Bardella 32 % de na daoine idir 25 agus 34 bliana d’aois, ghnóthaigh siad os cionn 10 bpointe breise (26 %) san aoisghrúpa 18-24 bliana thar thoghcháin Eorpacha na bliana 2019.

Tá fachtóirí éagsúla le lua leis an chluain a chuir an RN ar an aos óg. Ar an gcéad dul síos, b’fhiú pearsantacht Jordan Bardella a lua. Ba é Bardella príomhiarrthóir an pháirtí sna dtoghchán Eorpach, agus is eisean Uachtarán an pháirtí, rud nach bhfuil de réir na gnáthnósmhaireachta. Is é guth na fírinne é dar leis na daoine óga, duine díreach dar leo, agus cuma na macántachta air nuair is ag tabhairt dhúshlán an tsaoil pholaitiúil a bhíonn sé. Tá tábhacht lena scéal féin chomh maith ós é is scéal do go leor. Is ar theallach meánaicmeach a rugadh é. I mbruachbhailte Pháras a tógadh é (Seine-Saint-Denis). Ní fear é a bhfuil oideachas ná ardléann air, níl céim ollscoile aige go deimhin, ach cothrom na hArdteistiméireachta. Sin fáth mór a bhfuil mealladh na hóige ann, agus mealladh chlann an lucht oibre, daoine nach léir dóibh céard atá i ndán dóibh, daoine a bhraitheann go bhfuil neamhaird á déanamh díobh, neamhaird nó dearmad glan.

Ní hiontas ar bith gur éirigh le Jordan Bardella oiread sin daoine idir 18 agus 34 bliana d'aois a mhealladh mar is fear é atá fós in aois na hóige é féin! Ina aois 28 mbliana dó más ea, tá cóid na glúine seo ar a thoil aige, agus is maith a éiríonn leis an tuiscint atá aige orthu a chur chun tairbhe dó féin. Tugtar faoi deara gurb é Emmanuel Macron ab urlabhraí do chaithréim na hóige in 2017, rud is díol spéise, ach is aicme eile den tsochaí a bhí i gceist sa chás sin.

Dá bhrí sin, baineann RN sochar agus tairbhe as pearsantacht an cheannaire agus as an íomhá a chothaítear go forleathan trí bhíthin na meán sóisialta. Bíonn síorfheiceáil ar Jordan Bardella ar TikTok, rud a bhfuil ról tábhachtach aige sa straitéis toghchánaíochta a chleachtann sé, nuair is fíor a rá ar an saol seo nach ó na meáin thraidisiúnta a fhásann na daoine óga a gcuid eolais feasta. Tá lucht a leanta ag dul i líon ar Tik Tol (i.6 milliún síntiúsóir). Ní ag trácht ar Chonarthaí na hEorpa a bhíonn sé na ar leasú na gConarthaí sin. Ní hé scéal na hÚcráine ná an Comhaontú Glas is cás leis. Is é a shaol féin ó lá go lá a bhíonn sé a thaispeáint. Ceiliúrann sé féile na máithreacha. Bíonn físeáin ann den oifig agus é féin i mbun a chuid oibre, é féin ar a thaisteal ó áit go chéile. Labhraíonn sé faoi chúrsaí an lae agus faoi na hábhair a bhfuil aird ag na daoine orthu ar ala na huaire. Is fear é a bhíonn ag tabhairt a ndúshláin do lucht na géimeála, idir óg eile, daoine a bhfuil suim thar na bearta acu do na cluichí físeáin.

Tá bearna idir an ghlúin óg agus an ghlúín a tógadh i saol na polaitíochta traidisiúnta, bearna atá ag méadú léi, agus sin rud is neartú ar íomhá Jordan Bardealla, an seasamh atá aige, agus dioscúrsa pobalach, nuair is amhlaidh atá ábhar imní ag na vótóirí nach raibh ann chomh mór céann nuair a bhí toghcháin Eorpacha 2019 ann. In 2019, is ag cur ar son an chomhshaoil a bhí an ghlúin óg, ach d’imigh sin agus tháinig seo: is ceisteanna eile atá ag déanamh tinnis dóibh feasta, ceisteanna de dhlúth agus d’inneacht an tsaoil laethúil iad mar sin féin. Sa lá atá inniu ann, is í an easpa slándála (rud atá fite fuaite leis an imirce thar tír isteach), sin agus luach an airgid atá ag duine le caitheamh - nó cumhacht an airgid sin – an dá chloch is mó ar an bpaidrín. Is uisce i muileann an RN atá sa tuile feirge atá sa tír, agus is maith atá ag éirí leis an bpáirtí teacht i dtír ar fhrustrachas na glúine óige seo a bhraitheann go bhfuil siad fágtha in áit na leithphingine. Ní bréag a rá nár thug na polaiteoiri aird a ndóthain ar iarmhairtí ghéarchéim COVID in 2020. De dheasca phaindéim COVID-19, is mór a tháinig an neamhionannas i measc na ndaoine óga chun suntais sa bhFrainc agus san Eoraip, agus is chun donais a chuaigh an neamhionannas sin le linn na géarchéime, rud is fíor ar mhargadh an tsaothair, sin agus an rochtain ar oideachas agus a dheacra atá sé don té atá ag dul don oideachas a chúrsa a choinneáil. Is é fírinne an scéil gurb éard a síleadh go soineanta simplí i gcás na hoiliúna gur leor de réiteach an digitiú ar gach uile ghné den oideachas!

Dá bhrí sin, in áit a bheith ag gol ag gárthach faoin RN, ba chóir féachaint go grinn ar vótálaithe an RN, go háirithe óige na meánaicme. Ní mór freagraí soiléire nithiúla a chur ar fáil, freagraí a bheadh in oiriúint do nithe is cúis imní dóibh: an foréigean atá ag méadú sa tsochaí; na seirbhísí poiblí á gciorrú sna ceantair thuaithe; a dheacra atá sé post nó oiliúint a fháil; an inimirce a bheith ó smacht dar le daoine go leor. Maidir leis na páirtithe polaitiúla traidisiúnta, beidh orthu bíogadh ar deireadh agus aird a thabhairt ar an aicme daoine a mbítear gan dáimh leo, daoine nárbh fhiú leis na polaiteoirí bacadh leo toisc iad a bheith gan claonadh chun polaitíochta, toisc iad a bheith ina dtost. I bhfearadh an chomhraic sin, ní mór dúinn a admháil gur ar chúl sceiche atá an tAontas Eorpach, ainneoin líon mór na gclár atá tiomnaithe don óige, don oideachas, don tacaíocht fostaíochta agus don chomhrac i gcoinne na héiginnteachta. Is maith an tús Erasmus, an tsoghluaisteacht agus eispéiris a chur chun cinn do dhaonra ar bhreis éagsúlachta (printísigh, daoine dífhostaithe, etc.), ach is léir nach leor é sa lá atá inniu ann. Réiteach ar bith dá mbeidh ann, beidh cuimsiú ann ar fhadhb na himirce. Sin fadhb atá i gcearlár na díospóireachta anseo san Eoraip. Fadhb atá ina ding ag scoilteadh na sochaí orainn. Fadhb atá fós idir chamáin – ainneoin gur glacadh an comhaontú Eorpach maidir le hImirce agus Tearmann le déanaí.

Is iriseoir é Christophe Préault, eagarthóir ar Touteleurope.eu, suíomh faisnéise oideachais maidir le feidhmiú agus beartais an Aontais Eorpaigh. Tá taithí na mblianta aige ar an obair i ngort na gcúrsaí reatha, go háirithe ceisteanna Eorpacha agus eacnamaíocha. Is céimí de chuid l'Institut d'études politiques de Bordeaux atá ann agus de chuid an École Nationale d’Administration. Is é atá freagrach faoi láthair as an dréachtú le Touteleurope.eu. Is minic díospóireachtaí agus comhdhálacha faoi chúrsaí na hEorpa á stiúrú aige.

Teastaíonn Eoraip ina dtuigtear an tábhacht le guth na ndaoine óga

I mí Iúil, tionólfar an chéad suí iomlánach de Pharlaimint nua-thofa na hEorpa. Cé go bhfuil tromlach na bhFeisirí nua fós ar son an daonlathais, is ábhar imní é an méadú atá tagtha tar éis thoghcháin mhí an Mheithimh ar pháirtithe na heite fíordheise agus ar pháirtithe Eoraisceipteacha. Chonaiceamar freisin méadú ar an tóir atá ag an nglúin óg ar na páirtithe atá i bhfad amach ar dheis, agus is léir nach bhfuil an t-aos óg saor ó thionchar na bpáirtithe sin. Is mithid do lucht an daonlathais freagracht a ghlacadh, oibriú le chéile agus tiomantas soiléir a léiriú d’Eoraip láidir ina bhfuil tábhacht le guth na ndaoine óga.

Teastaíonn Eoraip ina dtuigtear an tábhacht le guth na ndaoine óga

I mí Iúil, tionólfar an chéad suí iomlánach de Pharlaimint nua-thofa na hEorpa. Cé go bhfuil tromlach na bhFeisirí nua fós ar son an daonlathais, is ábhar imní é an méadú atá tagtha tar éis thoghcháin mhí an Mheithimh ar pháirtithe na heite fíordheise agus ar pháirtithe Eoraisceipteacha. Chonaiceamar freisin méadú ar an tóir atá ag an nglúin óg ar na páirtithe atá i bhfad amach ar dheis, agus is léir nach bhfuil an t-aos óg saor ó thionchar na bpáirtithe sin. Is mithid do lucht an daonlathais freagracht a ghlacadh, oibriú le chéile agus tiomantas soiléir a léiriú d’Eoraip láidir ina bhfuil tábhacht le guth na ndaoine óga.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh daoine óga rannpháirteach i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, sin le go mbeidh an Eoraip acmhainneach, inbhuanaithe agus ag amharc chun cinn. Ní mór dúinn iarracht bhreise a dhéanamh chun guth na hóige a chomhtháthú go hiomlán sna gealltanais a thugtar ar leibhéal an Aontais. Ní tráth toghcháin amháin ba cheart guth na hóige a chur san áireamh: tá sé á mholadh ag CESE teacht ar bhealaí córasacha agus rialta trína bhféadfadh daoine óga labhairt leis an Eoraip. 

Ar cheann de thosaíochtaí mo théarma oifige féin tá doirse CESE a oscailt do dhaoine óga, daoine óga ó thíortha is iarrthóirí san áireamh. I mí na Bealtaine 2024, ba é CESE an chéad institiúid Eorpach a rinne promhadh na hóige ar a mholtaí beartais. Uirlis atá ann a ceapadh lena chinntiú go rachaidh na tograí chun tairbhe do dhaoine óga. Trí phromhadh na hóige a dhéanamh ar ár dtuairimí, cinntímid go gcuirtear dearcadh an aosa óig san áireamh sna beartais, go gcuirtear an tionchar ar dhaoine óga san áireamh i gcoitinne agus go maolaímid na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag na beartais orthu. 

Sular tugadh promhadh na hóige isteach, reáchtálamar treoirthionscadal lena fháil amach conas a d’oibreodh tástáil den sórt sin go praiticiúil. D’oibríomar i gcomhar le daoine óga ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, daoine a ghlac páirt inár gcruinnithe agus a chuidigh linn na tuairimí a dhréachtú. Ba mhór an spreagadh é a dtiomantas, a ndiongbháilteacht, a sár-smaointe agus a saineolas. Sheolamar an glao ar iarratais ar phromhadh na hóige in CESE, agus dúnadh an glao sin an 30 Meitheamh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hionadaithe óige uile a ghlac páirt sa treoirthionscadal agus le comhaltaí Ghrúpa Óige CESE as a dtiomantas promhadh na hóige ar bheartais an Aontais a fhíorú. 

Tá daoine óga de dhíth ar an Aontas Eorpach. Sin é an fáth nach mór d’institiúidí an Aontais beart a dhéanamh chun Eoraip atá dírithe ar an aos óg a chur ar fáil. Cé gur le linn na míosa seo chugainn a mhúnlófar an cruth nua a bheidh ar Pharlaimint na hEorpa agus a thosóidh an Coimisiún Eorpach ag ullmhú dá chéad théarma oifige eile san fhómhar, leanfaidh CESE d’infheistíocht bhreise i ndaoine óga a chur chun cinn: seo an t-am ceart le céim chun cinn a ghlacadh! 

Agus an samhradh linn anois, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas ó chroí a ghabháil leis na comhghleacaithe go léir a d’fhág gurbh fhéidir cloch mhíle mhór eile a bhaint amach dár gCoiste.

Oliver Röpke 

Uachtarán CESE

San eagrán seo: 

  • Stop a chur le dúshaothrú na n-oiliúnaithe (le Nicoletta Merlo) 
  • Léargas ar an óige san Aontas Eorpach: tá an tionscnamh ceannródaíoch de chuid CESE, Promhadh na hóige ar bheartais an Aontais, ag dul ó neart go neart 
  • Mar a bhaineann Tionól Náisiúnta na Fraince leas as vótáil na n-óg (le Christophe Préault, Touteleurope.eu)
  • Cén bealach le teagmháil a choinneáil le Glúin ‘TikTok’? (le Rieke Smit, Social News Daily / #UseTheNews)
     

San eagrán seo: 

  • Stop a chur le dúshaothrú na n-oiliúnaithe (le Nicoletta Merlo) 
  • Léargas ar an óige san Aontas Eorpach: tá an tionscnamh ceannródaíoch de chuid CESE, Promhadh na hóige ar bheartais an Aontais, ag dul ó neart go neart 
  • Mar a bhaineann Tionól Náisiúnta na Fraince leas as vótáil na n-óg (le Christophe Préault, Touteleurope.eu)
  • Cén bealach le teagmháil a choinneáil le Glúin ‘TikTok’? (le Rieke Smit, Social News Daily / #UseTheNews)