The EESC issues between 160 and 190 opinions, evaluation and information reports a year.
It also organises several annual initiatives and events with a focus on civil society and citizens’ participation such as the Civil Society Prize, the Civil Society Days, the Your Europe, Your Say youth plenary and the ECI Day.
Here you can find news and information about the EESC'swork, including its social media accounts, the EESC Info newsletter, photo galleries and videos.
The EESC brings together representatives from all areas of organised civil society, who give their independent advice on EU policies and legislation. The EESC's326 Members are organised into three groups: Employers, Workers and Various Interests.
The EESC has six sections, specialising in concrete topics of relevance to the citizens of the European Union, ranging from social to economic affairs, energy, environment, external relations or the internal market.
Léirigh na toghcháin Eorpacha go bhfuil an tromlach fós ar son na hEorpa. Léirigh siad freisin, áfach, go bhfuil vótálaithe ar fud an Aontais ag éileamh freagairtí polaitiúla agus reachtacha mar ábhar práinne ar na dúshláin a ardaíodh san fheachtas toghcháin. Mura ndéanfaí é sin, tá an baol ann go gcaillfear an tromlach sin mar tá seans nach beag ann go dtabharfaidh níos mó saoránach a gcúl leis na gnáthfhórsaí polaitiúla.
Léirigh na toghcháin Eorpacha go bhfuil an tromlach fós ar son na hEorpa. Léirigh siad freisin, áfach, go bhfuil vótálaithe ar fud an Aontais ag éileamh freagairtí polaitiúla agus reachtacha mar ábhar práinne ar na dúshláin a ardaíodh san fheachtas toghcháin. Mura ndéanfaí é sin, tá an baol ann go gcaillfear an tromlach sin mar tá seans nach beag ann go dtabharfaidh níos mó saoránach a gcúl leis na gnáthfhórsaí polaitiúla.
Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí Iúil, ghlac Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus ionadaithe ó ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint nuathofa na hEorpa páirt i ndíospóireacht maidir le staid an daonlathais.
Dúirt Oliver Röpke, Uachtarán CESE, gur oscailt súl a bhí sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh. Dúirt sé freisin go bhfuil sé de dhualgas orainn ár machnamh a dhéanamh ar staid an daonlathais mar atá sé inniu, i bhfianaise thorthaí sin na dtoghchán: ‘Rud a chreidimid go láidir agus a bhfuilimid go léir ar aon fhocal faoi ná gurb é an tAontas Eorpach an freagra, agus é sin amháin: cinntíonn an tAontas Eorpach daonlathas de chineál a fheabhsaíonn saol na ndaoine ar fud na hEorpa, mar atá feicthe againn go léir.’
Chun tacaíocht don daonlathas san Eoraip a dhaingniú, is gá don Aontas, dar le Roberta Metsola, a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil an pholaitíocht fós ar an uirlis is fearr atá againn chun athrú dearfach a spreagadh sna sochaithe agus sna pobail: ‘Tá ról ríthábhachtach le himirt ag fostóirí, ag oibrithe agus ag an tsochaí shibhialta i dtógáil na hEorpa, ar fud na mbailte, na gcathracha agus na réigiún Eorpach dár gcuid, mar a dtosaíonn an Eoraip agus mar a bhfeictear an daonlathas i mbun oibre.’
Sa díospóireacht le hionadaithe na ngrúpaí polaitiúla, dúirt Željana Zovko, Leas-Chathaoirleach Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), an grúpa is mó i bParlaimint na hEorpa, go raibh an grúpa chun leanúint ar aghaidh leis na beartais ar cuireadh tús leo sa sainordú a bhí ann roimhe seo. Dúirt Ana Catarina Mendes, Leas-Uachtarán na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe (S&D), gur ríthábhachtach díriú ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar an mbochtaineacht a chomhrac. Thathantaigh Dan Barna, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa Renew Europe, ar an gCoimisiún Eorpach nua an smacht reachta a chosaint trí na huirlisí atá ann cheana a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Labhair Kira-Marie Peter-Hansen, Leas-Chathaoirleach Na nGlasach/SCE, faoina thábhachtaí atá sé an Comhaontú Glas a choinneáil ina bheartas ríthábhachtach de chuid an Aontais. Chuir Martin Schirdewan, Comhchathaoirleach Ghrúpa na Clé, in iúl go soiléir go bhfuil sé i gceist ag an ngrúpa iarraidh ar an gCoimisiún nua dul i ngleic le géarchéim na gcostas tithíochta. (mt)
An 1 Iúil, chuir an Ungáir tús lena tréimhse i mbun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus beidh ról thar a bheith tábhachtach aici agus í ag stiúradh na hEorpa.
Tá athnuachan pholaitiúil ar bun sa tréimhse seo tar éis na dtoghchán Eorpach, agus tá sé beartaithe ag CESE a bheith ina chomhpháirtí stuama ag Uachtaránacht na hUngáire, agus ról lárnach a imirt chun roinnt de na tosaíochtaí polaitiúla a mhúnlú le linn an téarma pharlaimintigh atá romhainn. Tá sé iarrtha ag Uachtaránacht na hUngáire ar an gCoiste suas le 10 dtústuairim a ullmhú di.
An 1 Iúil, chuir an Ungáir tús lena tréimhse i mbun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus beidh ról thar a bheith tábhachtach aici agus í ag stiúradh na hEorpa.
Tá athnuachan pholaitiúil ar bun sa tréimhse seo tar éis na dtoghchán Eorpach, agus tá sé beartaithe ag CESE a bheith ina chomhpháirtí stuama ag Uachtaránacht na hUngáire, agus ról lárnach a imirt chun roinnt de na tosaíochtaí polaitiúla a mhúnlú le linn an téarma pharlaimintigh atá romhainn.
Tá sé iarrtha ag Uachtaránacht na hUngáire ar an gCoiste suas le 10 dtústuairim a ullmhú di. Tá tuilleadh eolais faoi na gníomhaíochtaí sin le léamh inár mbróisiúr nua; tá cur síos ann freisin ar chomhaltaí na hUngáire in CESE agus ar na heagraíochtaí as a dtagann siad. (cw)
Is é Fóram Eorpach na nÓg an t-ardán is mó d’eagraíochtaí óige san Eoraip, agus tar éis dó tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin a mholadh le 10 mbliana anuas, tá sé ag tacú anois leis an iarraidh ó CESE cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan íocaíocht. Tá anailís déanta ag ár n-aoi speisialta, Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg, ar an togra is déanaí ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas agus tá na lochtanna uile liostaithe aici cé go bhfuil sí den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é ar an iomlán.
Is é Fóram Eorpach na nÓg an t-ardán is mó d’eagraíochtaí óige san Eoraip, agus tar éis dó tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin a mholadh le 10 mbliana anuas, tá sé ag tacú anois leis an iarraidh ó CESE cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan íocaíocht. Tá anailís déanta ag ár n-aoi speisialta, Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg, ar an togra is déanaí ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas agus tá na lochtanna uile liostaithe aici cé go bhfuil sí den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é ar an iomlán.
Is minic, agus iad ag lorg post, nach mbíonn roimh dhaoine óga sa lá atá inniu ann ach sraith de thréimhsí oiliúna neamhíoctha. Cén gealltanas a thugtar? Deirtear gur bealach le dul isteach i margadh an tsaothair atá sna tréimhsí oiliúna sin gan phá. Maítear go dtugtar rochtain do dhaoine óga ar líonraí agus go gcuirtear taithí foghlama nua ar fáil dóibh.
Níl a leithéid de rud, áfach, agus neamhspleáchas airgeadais le tréimhsí intéirneachta den chineál sin. Conas is féidir bia a cheannach, cíos a íoc nó smacht a choinneáil ar na billí uile sin a mbíonn sa mhullach orainn ar fad más ag obair saor in aisce atá tú?
Is dúshaothrú ar dhaoine óga i margadh an tsaothair i ndáiríre iad na tréimhsí oiliúna gan phá. Cuireann siad leis an eisiamh sóisialta freisin ós rud é go bhfágtar ar lár láithreach bonn na daoine sin nach acmhainn dóibh a bheith ag obair saor in aisce, daoine óga ó chúlra faoi mhíbhuntáiste cuir i gcás. Mar bharr donais ar an scéal, ní ann do phoist ar an leibhéal iontrála mar gheall orthu, rud a fhágann gur forbhásaí fós an margadh saothair.
Tá tréimhsí oiliúna ar ardchaighdeán á gcur chun cinn ag Fóram Eorpach na nÓg le 10 mbliana anuas. Le dhá bhliain anuas, tá feachtas dar teideal An bhfuil sé d’acmhainn agatsa a bheith ag obair saor in aisce? á reáchtáil go gníomhach againn, agus treoir á éileamh againn chun cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan phá i margadh an tsaothair i mBallstáit uile an Aontais.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach ar deireadh i mí an Mhárta agus, go deimhin, rinne sé treoir a iarraidh ann! Is céim mhór chun cinn é seo agus tiomantas dochloíte na ndaoine óga ar fud na mór-roinne ba chúis leis. In ainneoin na céime chun tosaigh, áfach, ní áirithítear go soiléir faoin treoir go gcuirfear pá ar fáil do thréimhsí oiliúna i margadh an tsaothair.
Is é príomhábhar imní Fhóram Eorpach na nÓg maidir leis an téacs atá beartaithe nach dtéann sé i ngleic ach le gné amháin den fhadhb. Ní phléitear ann ach na tréimhsí oiliúna bréagacha (i.e. gnáthphoist atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna agus é d’aidhm acu dálaí oibre agus an pá go háirithe a ísliú) nuair ba cheart díriú ar gach intéirneach i margadh an tsaothair. Treoir um fhorfheidhmiú atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach, rud a chuireann cuid mhaith brú ar chigireachtaí saothair, daoine nach dtugtar acmhainní airgeadais leordhóthanacha dóibh agus a bhfuil ualach trom oibre orthu cheana féin.
Dá bhrí sin, is cúis imní é d’Fhóram Eorpach na nÓg cur chun feidhme praiticiúil na treorach agus an chaoi ar féidir cearta daoine óga a urramú go praiticiúil. Go bunúsach, ní dhéantar sa togra ach sainmhíniú a thabhairt ar cad nár cheart a dhéanamh le linn na dtréimhsí oiliúna seachas cearta a bhronnadh go soiléir ar intéirnigh. Cé go n-áirítear prionsabal ann nach ndéanfar idirdhealú ar intéirnigh is ábhar imní é d’Fhóram Eorpach na nÓg, mar sin féin, an chaoi a bhféadfadh na Ballstáit an prionsabal sin a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta ós rud é go bhféadfadh fostóirí leanúint fós de dhúshaothrú a dhéanamh ar dhaoine óga.
Sa bhreis ar an togra le haghaidh treorach, mhol an Coimisiún Eorpach Moladh nua ón gComhairle freisin chun an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a thabhairt cothrom le dáta, trína raon feidhme a leathnú chuig gach cineál intéirneachta agus trí phrionsabail maidir le rochtain ar phá agus ar chosaint shóisialta a áireamh ann. Is iontach an rud é na prionsabail sin a bheith le feiceáil i dtogra cé nach bhfuil an Moladh ón gComhairle ceangailteach faraor.
Leanfaidh Fóram Eorpach na nÓg de chearta daoine óga a chosaint agus de bheith ag troid ar son dálaí oibre cothroma. Iarraimid ar an gComhairle Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa an téacs a neartú agus a áirithiú nach mbeidh aon lúb ar lár ann a d’fhéadfadh dúshaothrú leanúnach daoine óga a cheadú. Chun miondealú iomlán ar an togra seo a fháil, bí cinnte agus ár n-alt Two Steps Forward One Step Back a léamh.
Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg atá i gceannas ar an obair thathanta maidir le haistriú daoine óga ón oideachas go margadh an tsaothair, ina ndírítear ar bheartais chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Eoraip. Agus saineolas aici ar bheartas sóisialta agus saothair na hEorpa, d’oibrigh sí roimhe seo i gCónaidhm Eorpach na gCeardchumann Neamhspleách.