Táimid ag cabhrú le fiontraithe na hÚcráine na foirgnimh léirscriosta a fhágáil ina ndiaidh agus a ngnólachtaí a chruthú as an nua sa Pholainn

Tomasz Wróblewski, comhalta de CESE, an Pholainn

Nuair a bheidh deireadh leis an gcogadh seo, ní ar an Dara Cogadh Domhanda ná ar an gCogadh Fuar a smaoineofar níos mó mar am cinniúnach i stair na hEorpa, ach ar gach rud atá ag titim amach san Úcráin faoi láthair agus na hiarmhairtí aige sin, rud nach féidir a thuar go fóill. An taithí atáimid a fháil anois agus na ceachtanna a fhoghlaimeoimid as an taithí sin, athróidh sé an dearcadh atá againn ar an domhan.  

Maidir leis an bPolainn, beidh cuimhne shíoraí ar an am seo mar am cinniúnach i bpróiseas tógála an náisiúin. An méid atá foghlamtha againn faoi leochaileacht an tsaoil seo agus na milliúin daoine ag teitheadh ón olc, agus an méid atá foghlamtha againn fúinn féin trí lóistín a chur ar fáil inár dtithe féin do na céadta míle duine ón gcoigríoch, fágfaidh sin a rian orainn go ceann blianta fada.

Déantar tagairt uaireanta d’Úcráiniú na Polainne, claochlú anama an dá thír seo.
 Tá cóiríocht, cabhair agus áiteanna i scoileanna agus i naíolanna aimsithe ag 2.7 milliún duine a tháinig isteach thar teorainn chugainn.

Tá gach duine ar m’aithne agus daoine a fheicim ar an tsráid nó sna siopaí ag cabhrú ar shlí éigin. Gach duine ar a bhealach féin. Na daoine is cróga inár measc, tá cógais agus veisteanna piléardhíonacha á n-iompar acu chun na hÚcráine. Tá daoine eile ann a bhfuil a gcuid ama saoir á chaitheamh acu ag cabhrú le hinimircigh doiciméid a líonadh, cuntais bhainc a oscailt nó obair a lorg. Na daoine atá ar an teorainn, tá an lá ar fad á chaitheamh acu ag cur fáilte roimh na dídeanaithe agus tá a líon siúd ag dul i méad.

Bíonn siad ag ullmhú bia dóibh, ag eagrú síob chuig cathracha nó tíortha eile dóibh, agus ag dáileadh an iliomad ní a deonaíodh, e.g. pluideanna, málaí droma, teidithe do na leanaí, nithe atá ag teacht as gach cearn den domhan chomh fada leis an teorainn.

An rud is féidir linn a dhéanamh mar chomhaltaí d’eagraíocht fiontraithe ná cabhrú sa réimse sin is fearr eolas againn air. Táimid ag cabhrú le fiontraithe na hÚcráine a ngnólachtaí a chruthú as an nua sa Pholainn, ag cabhrú leo na monarchana, na siopaí, na clinicí agus na sciamhlanna léirscriosta a fhágáil ina ndiaidh agus post a aimsiú dóibh sa Pholainn. Is daoine iad ar minic a dtithe, a slí mhaireachtála agus a muintir caillte acu.

 I lár chathair Vársá, tá oifig atá dírithe ar eagraíochtaí fhiontraithe na hÚcráine. Chomh maith le spás oifige agus tacaíocht riaracháin, táimid ag cabhrú leo spás a aimsiú do chuideachtaí atá ag iarraidh a ngnólachtaí a atógáil sa Pholainn. Thosaíomar amach trí na scórtha míle méadar cearnach de spás tionsclaíochta a fháil ar cíos. A bhuí le flaithiúlacht na gcuideachtaí Polannacha i gceantar tionsclaíochta Vársá, is féidir le fiontraithe ón Úcráin spás a fháil saor in aisce. Ní gá dóibh íoc ach as an uisce agus an bailiúchán bruscair.

Tar éis beagnach dhá mhí de ghéarchéim seo na ndídeanaithe sa Pholainn, níor cruthaíodh fós campa dídeanaithe amháin ná aon ionad eile ina mbeadh dínit an duine ná sábháilteacht daoine i mbaol.

Tá tús á chur le céim nua sa chogadh san Úcráin, agus sa Pholainn freisin. Táimid ag iarraidh go mbeadh na daoine uile a fuair tearmann anseo in ann dul i mbun cúraimí an tsaoil arís. Ní féidir linn a dtír a thabhairt ar ais dóibh, ach, ar a laghad, trí phost a thabhairt dóibh, táimid ag cabhrú leo gnáthshaol de chuma éigin a bheith acu.