An t-aoi gan choinne

Beidh aoi speisialta á chur i láthair againn gach mí – duine atá i mbéal an phobail a roinnfidh a thuairimí nó a tuairimí faoi chúrsaí reatha linn, a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn, a spreagfaidh sinn agus a dhíreoidh ár n-aird ar shaol an lae inniu. In eagrán na míosa seo, is cúis áthais dúinn bheirt phearsa ó réimsí éagsúla den saol – an cultúr agus na meáin – a chur i láthair óir cuideoidh siad linn tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil ag titim amach timpeall orainn agus cuirfidh siad an ola ar ár gcroí. Hélène Theunissen, duine mór-le-rá i saol amharclannaíochta agus scannánaíochta na Beilge, agus Nicolas Gros-Verheyde, saineolaí ar pholaitíocht na hEorpa agus breathnadóir uirthi.

Le breis agus tríocha bliain anuas, tá páirt glactha ag Hélène Theunissen, aisteoir, stiúrthóir agus athchóiritheoir, i mbeagnach céad dráma a léiríodh i bhformhór na n-amharclann Fraincise sa Bheilg. Ina theannta sin, ghlac sí páirt i roinnt drámaí sa Fhrainc. Tá dosaen saothar curtha ar stáitse agus athchóirithe aici, ina measc na cinn seo a léiríodh le déanaí: “Le Songe d’une nuit d’été” le William Shakespeare a cuireadh ar stáitse in Théâtre des Martyrs, agus “Les Murs murmurent”, monalóg de chuid Babetida Sadjo, agus arna cur i láthair ag an údar, ag Théâtre Le Public sa Bhruiséil. Tá páirt glactha ag Hélène Theunissen i roinnt scannán lánfhada, ar a n-áirítear “Girl” le Lukas Dhont, agus bhí páirt aici freisin sa tsraith “Unité 42” de chuid RTBF sa Bheilg.

Is iriseoir Francach agus comhfhreagraí AE/ECAT é Nicolas Gros-Verheyde. Tá dea-theist agus meas air i measc lucht polaitíochta na hEorpa de thoradh an eolais mhóir atá aige ar ghnóthaí na hEorpa agus ar an mbeartas eachtrach Is comhfhreagraí do “Sud-Ouest” é (agus roimhe sin do “Ouest France” agus do “France-Soir”) agus in 2008, bhunaigh sé ardán ar líne “B2-Bruxelles2”, an chéad suíomh gréasáin Fraincise a bhí dírithe ar ghnóthaí Eorpacha, ar shaincheisteanna straitéiseacha agus cosanta AE agus ar obair na taidhleoireachta Eorpaí. Ar a mhuin sin, is é údar an lámhleabhair “La politique européenne de sécurité et de défense commune. Parce que l'Europe vaut bien une défense” (Comhbheartas slándála agus cosanta na hEorpa. Toisc gur fiú an Eoraip a chosaint) é. (ehp)