Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Is oiriúnach an feachtas ó Pharlaimint na hEorpa ‘Úsáid do vóta, nó déanfaidh daoine eile cinneadh ar do shon’. San fhíseán a d’eisigh siad don toghchán pléitear na fréamhacha atá faoi thionscadal na hEorpa agus an cuspóir atá leis, is é sin, todhchaí shíochánta a chruthú as luaithreach an chogaidh agus an chinedhíothaithe. Measaimid go rachaidh sé sin i bhfeidhm ar dhaoine. Go háirithe sa lá atá inniu ann, tá an t-antoisceachas imithe ó smacht agus neamhshuim ag níos mó daoine, dealraíonn sé gur seó réaltachta atá i gceist leis an bpolaitíocht seachas fóram ceart.

Ar mian leat an deis a thabhairt do dhaoine eile cinneadh a dhéanamh ar do shon? Tá sé sin á dhéanamh acu cheana féin agus is í an déine atá roghnaithe acu arís.

Bhí ár nÚachtarán, Lucie Studničná, an-soiléir nuair a dúirt sí nach bhféadfaimís géarchéim déine eile a sheasamh. Tá roinnt tíortha fós i ngalar na gcás mar gheall ar na bearta a rinneadh le linn na géarchéime airgeadais deireanaí, agus meath eacnamaíoch agus imirce daoine oilte le feiceáil iontu anois. Sa Spáinn, san Iodáil agus sa Ghréig, tá an dífhostaíocht fós ard, agus tá OTI per capita fós i bhfad ón leibhéal a bhí ann in 2008. Mar fhreagairt ar an réiteach neamhleor sin, tá méadú tar éis teacht ar an eoraisceipteachas agus ar an bpobalachas, rud a bhí éascaithe ag an aistriú i dtreo na heite deise.

Fágfaidh na rialacha fioscacha nua nach mbeidh dóthain cumhachta ná acmhainneachta ag formhór na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin aeráide agus shóisialta a bheidh rompu sa todhchaí. Is fánach a bheidh na gealltanais a rinneadh in La Hulpe. Is iad na saoránaigh a bheidh thíos leis, agus d’fhéadfadh deacrachtaí breise eacnamaíocha a bheith mar bhuille na tubaiste le haghaidh go leor daoine, agus níl aon dabht go ndéanfaidh rialtais cur síos ar na deacrachtaí sin mar bhearta a ‘d’fhorchur an Bhruiséil orthu’.

Ní bhaineann an daonlathas le vóta a chaitheamh amháin. Baineann an-tábhacht leis an tsochaí shibhialta agus le ceardchumainn chun an daonlathas a choinneáil slán. Agus fós féin, ní hamháin gur uirlis dlisteanachta í an vótáil, agus baineann an-úsáid le do vóta. Is ceart atá ann a d’éirigh le hiarrachtaí, agus saol, na milliún duine ar fad neart glúnta, a bhaint amach ar ár son. Agus d’fhéadfaimis an ceart sin a chailleadh.

Níl na cinntí maidir le déine greanta i gcloch. Maidir leis na toghcháin atá le teacht i Meitheamh agus na toghcháin náisiúnta atá ar na bacáin, iarraimid ort: úsáid do vóta. Ná lig d’éinne an vóta sin a bhaint díot. Vótáil ar son dul chun cinn sóisialta. I dteannta a chéile, is féidir linn leanúint d’fheabhas a chur ar ár dtíortha agus ar an Aontas Eorpach, agus an méid nach n-oibríonn a athrú.