Ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (CSW69) i Nua-Eabhrac, d’athdhearbhaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (AU ECOSOCC) a dtiomantas buanseasmhach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban a chur chun cinn.

Agus é cothrom le 30 bliain ónar glacadh Dearbhú Bhéising agus an Clár Oibre Gníomhaíochta, aithníonn CESE agus AU ECOSOCC an dul chun cinn atá déanta agus na dúshláin leanúnacha atá fós ann agus iad ag cur bac ar an gcomhionannas iomlán inscne.

Leagtar béim sa dara dearbhú comhpháirteach uathu ar phríomhthosaíochtaí, lena n-áirítear ceannaireacht na mban a mhéadú trí chuótaí inscne, deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe trí choinbhinsiúin idirnáisiúnta, an deighilt dhigiteach inscne a dhúnadh, agus cumhachtú eacnamaíoch na mban a chur chun cinn.

Moltar sa dearbhú go dtabharfaí beartais níos láidre isteach maidir le hobair chúraim gan íocaíocht, cuimsiú na mban in iarrachtaí síochána, agus ceapadh beartas sonraíbhunaithe. Leagtar béim ann freisin ar an gcomhar domhanda chun deireadh a chur le neamhionannais shistéamacha agus chun cearta na mban a chaomhnú. Iarrann CESE ar an Aontas freisin an foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, paireacht inscne a áirithiú, agus ról na sochaí sibhialta a chosaint maidir le comhionannas a chur chun cinn.

Bhí an méid a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Oliver Röpke: Agus 30 bliain ónar glacadh Dearbhú Bhéising, ní mór dúinn beart a dhéanamh den mhéid cainte a rinne muid. Ní pribhléid atá i gceist leis an gcomhionannas inscne ach is ceart bunúsach é, agus tá sé ríthábhachtach go mbainfimid amach é le haghaidh sochaithe inbhuanaithe cuimsitheacha. Seasann CESE go daingean leis an ngealltanas a thug sé chun bacainní a shárú, rannpháirtíocht iomlán na mban sa chinnteoireacht a áirithiú agus cumhachtú eacnamaíoch a chothú. Is mithid anois do na rialtais, do na hinstitiúidí agus don tsochaí shibhialta gníomhú go cinntitheach, ní bheidh aon chomhionannas ann gan cuntasacht ina leith.

Is é an Coimisiún um Stádas na mBan an príomhchomhlacht idirnáisiúnta agus idir-rialtasach atá ag troid ar son an chomhionannais inscne. Ba é sin an dara huair a ghlac CESE páirt sa chruinniú bliantúil is mó de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cumhachtú na mban. (tk)