European Economic
and Social Committee
Próiseas méadaithe an Aontais a choinneáil faoi lánseol: iarracht na sochaí sibhialta tairbhe a dhéanamh do na Balcáin Thiar trí bhíthin an lánpháirtithe de réir a chéile
20 bliain ó tháinig an tSlóivéin isteach san Aontas, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ceannairí polaitiúla agus ceannairí de chuid na sochaí sibhialta a thabhairt le chéile in Liúibleána leis an ócáid stairiúil a cheiliúradh, le béim a leagan ar bhuntáistí bunúsacha na ballraíochta san Aontas, agus lena dhearbhú an athuair gur san Aontas Eorpach a bheidh todhchaí na mBalcán Thiar.
I rith na comhdhála ‘Dea-scéal mhéadú an Aontais a choinneáil ar bun – Tairbhe a dhéanamh do na Balcáin Thiar in oirchill an aontachais’, a d’eagraigh CESE i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus craobh na mBalcán Thiar de Open Society Foundation, tarraingíodh aird ar na hathchóirithe a theastaíonn chun dul chun cinn a dhéanamh ar bhealach an aontachais, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le bunluachanna an Aontais a chur chun cinn.
I measc chainteoirí na comhdhála, bhí an tUachtarán Oliver Röpke, Aire Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine Tanja Fajon, Aire Saothair na Slóivéine Luka Mesec, agus Ardrúnaí na Comhairle um Chomhar Réigiúnach Majlinda Bregu.
Chuir Uachtarán CESE Oliver Röpke i bhfáth gur ina gcuid den Aontas ba cheart do na Balcáin Thiar a bheith agus nach mbeidh an tAontas ina theaghlach Eorpach iomlán go mbeidh siad ann. Dúirt sé go ndéanfadh CESE a chion den obair trí Chruinniú Mullaigh na Sochaí Sibhialta maidir leis an Méadú a reáchtáil i mí Mheán Fómhair.
Dúirt Tanja Fajon, Aire Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine, an méid a leanas: ‘I gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu, creidim go dteastaíonn muid óna chéile níos mó ná riamh. Ar son an phróisis seo, ní mór don tsochaí shibhialta brú a chur ar lucht na polaitíochta agus ar na rialtais na tíortha a thabhairt níos cóngaraí don Aontas.’
Bhí an méid a leanas le rá ag Luka Mesec, Aire Saothair, Gnóthaí Sóisialta, agus Comhdheiseanna na Slóivéine: ‘Is fada stair choiteann na Slóivéine agus na mBalcán Thiar. Is é an tAontas Eorpach an baile coiteann atá againn agus, dá bhrí sin, beidh mise obair le Rialtas na Slóivéine chun aontachas thíortha na mBalcán Thiar leis an Aontas a éascú’. (mt)