I mí Aibreáin 2024, d’fhoilsigh Enrico Letta a thuarascáil dar teideal Much More than a Market. Tuarascáil í a rabhthas ag dréim léi le fada ina bhfuil tuairim Letta faoi thodhchaí mhargadh aonair an Aontais. Sa seisiún iomlánach a bhí aige i mí Eanáir, ghlac CESE an tuairim Mar is féidir tacú le heintitis an gheilleagair shóisialta i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair: lón machnaimh i bhfianaise mholtaí thuarascáil Enrico Letta. I measc nithe eile, iarrtar sa tuarascáil ar na hinstitiúidí Eorpacha feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil maidir le státchabhair agus a chur ar chumas fhiontair an gheilleagair shóisialta iasachtaí agus cistiú a fháil ar bhealach níos éasca. D’iarramar ar rapóirtéir na tuairime, Giuseppe Guerini, a mhéid a spreag tuarascáil Letta é agus cén chúis a bhí leis sin. Bunaithe ar chonclúidí na tuarascála seo, cén chaoi a bhfuil sé beartaithe ag CESE cabhrú leis na fiontair sin na rialacha maidir leis an státchabhair a chomhlíonadh?