Beidh taispeántas grianghraf dar teideal Teagmhálaithe Cumhachtacha: Ag smaoineadh ar thodhchaí ina bhfuil deireadh curtha leis an mbochtaineacht fuinnimh á óstáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Is taispeántas grianghraf an-spéisiúil é ina léirítear saothar an ghrianghrafadóra Miriam Strong. Eagraithe i gcomhpháirtíocht le Cairde na Cruinne san Eoraip, tugtar aird sa taispeántas ar ghníomhaíochas, ar chomhsheilbheachas agus ar chumhachtú pobal ar fud na hEorpa atá ag dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh. Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta de chuid CESE a d’eagraigh an taispeántas, a bheidh ar taispeáint i bhfoirgneamh JDE de chuid CESE sa Bhruiséil, 99-101 rue Belliard, ón 4 go dtí an 16 Nollaig.

Ag an oscailt oifigiúil, chuir an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Aurel Laurenţiu Plosceanu, agus cathaoirleach Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta de chuid CESE, Séamus Boland, béim ar thiomantas CESE chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an fuinneamh inacmhainne a chur chun cinn, athrú sistéamach a chothú agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach. 

San aitheasc a thug sé, phléigh an tUasal Boland an costas maireachtála atá ag dul i méid agus an leibhéal bochtaineachta atá ag méadú san Eoraip, agus é ag leagan béime ar an ngá le freagairt láidir pholaitiúil ón gCoimisiún Eorpach nua agus ó Pharlaimint na hEorpa. ‘Ní mór don chéad Straitéis Eorpach i gcoinne na bochtaineachta agus an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, sna treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach nua, réitigh inbhuanaithe a sholáthar don fhíorstaid ar an láthair’, a dúirt Séamus Boland.

Threisigh an Feachtasóir um Cheartas Fuinnimh Laia Segura agus Oifigeach Cumarsáide Chairde na Cruinne Yvonne Lemmen go ndéantar iniúchadh sa tionscadal grianghraf seo ar an dóigh a dtugann daoine aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh agus a dtroideann siad ar son a gceart chun tithe fónta atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, arna gcumhachtú ag fuinneamh glan inacmhainne. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo.