European Economic
and Social Committee
Rinne CESE ionadaíocht ar shochaí shibhialta na hEorpa i gCoimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan den chéad uair riamh
I mí an Mhárta, ghlac CESE páirt sa 68ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan, an príomhchomhlacht idirnáisiúnta agus idir-rialtasach atá ag troid ar son an chomhionannais inscne, a bhí ar siúl i Nua-Eabhrac.
Ba é sin an chéad uair do CESE páirt a ghlacadh sa chruinniú bliantúil is mó de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cumhachtú na mban. Díríodh i mbliana ar dheireadh a chur le bochtaineacht na mban. Trí ghuth a thabhairt do shochaí shibhialta na hEorpa agus iad ag troid ar son an chomhionannais inscne, chuir CESE leis an téama trí dhearbhú a chur chun cinn ina raibh deich bpointe gníomhaíochta maidir le cumhachtú eacnamaíoch agus cosaint shóisialta na mban.
Bhí an tUachtarán Oliver Röpke, a bhfuil an comhionannas inscne ina thosaíocht lárnach dá chuid oibre agus dá uachtaránacht, i gceannas ar thoscaireacht CESE. Seo an méid a bhí le rá ag an Uachtarán Röpke: ‘Tá stair fhada ag CESE maidir le beartais an Aontais agus beartais dhomhanda a mholadh chun an comhionannas inscne a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas eacnamaíoch agus sóisialta a mbíonn mná agus cailíní ag streachailt leis sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, is é seo an chéad uair do shochaithe sibhialta na hEorpa dul i bpáirt le chéile agus a ndícheall a dhéanamh sa chomhrac comhchoiteann seo chun an comhionannas inscne a bhaint amach ar fud an domhain. Níl an bhochtaineacht neodrach ó thaobh inscne de, mar sin, ní féidir freagairt neodrach a thabhairt uirthi’.
Sna pointí gníomhaíochta a liostaítear sa dearbhú ó CESE, léirítear seasamh CESE maidir le téama an 68ú seisiúin de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan. Tá siad dírithe ar an gcomhionannas inscne a chur chun cinn, ar dhul i ngleic leis an mbochtaineacht agus ar institiúidí a neartú trí ghné na hinscne, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. I measc nithe eile, áirítear orthu freisin mná a chosaint ar gach cineál foréigin, seirbhísí cúraim sláinte atá inrochtana a áirithiú, ionadaíocht chothrom na mban i margadh an tsaothair, ceannaireacht na mban a chur chun cinn agus comhdheiseanna a áirithiú tríd an oideachas.
‘Bliain as seo amach, tá súil agam go mbeidh mé in ann a rá gur chuidigh rannpháirtíocht CESE i gcruinniú Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan le guth níos láidre a thabhairt do na héilimh sin. Is féidir linn a bheith criticiúil agus sin ba cheart dúinn a bheith. Is éard atá de dhíth ná guthanna criticiúla na sochaí sibhialta, na bpáirtithe leasmhara, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na n-institiúidí agus iad ag obair i dtreo sprioc chomhchoiteann, mar atá, Eoraip agus domhain atá níos cothroime a bhaint amach. Is féidir linn agus ba cheart dúinn díriú ar an mbealach atá romhainn’, a dúirt an tUachtarán Röpke. Bhí CESE ina chuid de thoscaireacht de chuid an Aontais a ndearna Uachtaránacht an Aontais ionadaíocht uirthi. Bhí ról breathnóra aige, in éineacht le Parlaimint na hEorpa. I dteannta an Uachtaráin, bhí na comhaltaí seo a leanas ar thoscaireacht CESE: Christa Schweng, Mariya Mincheva, Cinzia del Rio, Maria Nikolopoulou, Chiara Corazza agus Sif Holst, Cathaoirleach an Ghrúpa um an gComhionannas in CESE. (ll)