European Economic
and Social Committee
Tá CESE agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú oibriú i ndlúthchomhar le chéile roimh na toghcháin Eorpacha in 2024
An 27 Feabhra, shínigh Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), Oliver Röpke, agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa , Roberta Metsola, Meabhrán Tuisceana maidir le comhar chun ullmhú do na toghcháin Eorpacha.
Is é is aidhm don chomhpháirtíocht neartú ar an gcomhar idir an dá institiúid ar mhaithe leis na toghcháin Eorpacha a chur chun cinn, borradh a chur faoin ráta vótála – go háirithe i measc daoine nach gcaitheann vóta de ghnáth agus daoine atá ag vótáil den chéad uair – agus an ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac.
I measc bearta eile, chomhaontaigh na hinstitiúidí dlús a chur leis an gcomhar eatarthu maidir le cumarsáid a dhéanamh faoi na toghcháin, eagrú imeachtaí a chomhordú, amhail Lá Doirse Oscailte nó Seachtain na Sochaí Sibhialta, agus faisnéis a chomhroinnt ar na hardáin ‘together.eu’ agus ‘Na nithe a dhéanann an Eoraip dom’.
Bhí an méid seo le rá ag Oliver Röpke, Uachtarán CESE: 'Beidh na toghcháin Eorpacha ina dtástáil litmis ar dhaonlathas na hEorpa. Is féidir CESE a bheith ina ardán trínar féidir leis an tsochaí shibhialta seasamh suas ar son an daonlathais sin. Is díol sásaimh dom an Meabhrán Tuisceana a d'aontaíomar inniu le Parlaimint na hEorpa toisc go gcuireann sé ar ár gcumas ról níos gníomhaí a imirt sa tréimhse roimh na toghcháin agus teagmháil a dhéanamh le vótálaithe ar mhaithe leis an ráta vótála a ardú. Is comhpháirtithe agus comhghuaillithe iad CESE agus Parlaimint na hEorpa.’
Leagtar amach sa Mheabhrán réimsí sonracha inar cheart leanúint den chomhar idir CESE agus Parlaimint na hEorpa agus é a neartú sa tréimhse roimh na toghcháin Eorpacha in 2024. (kn/ll)