European Economic
and Social Committee
A léitheoirí dile,
Tá tús á chur i mí Dheireadh Fómhair le ré nua do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), agus níos mó ná 40% de chomhaltaí nua chugainn sa Choiste.
Tá na comhaltaí nua sin ceaptha anois agus cuirfear tús go luath le téarma oifige cúig bliana eile in CESE. Is ábhar inspioráide don Choiste i gcónaí teacht na gcomhaltaí nua chuige, gona saineolas uathúil agus gona ndíograis úr.
Agus tús á chur leis an téarma oifige polaitiúil nua seo tá dúshláin ollmhór le sárú ag an Eoraip agus ag an Aontas Eorpach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana i dtaca le méid. Tá paindéim an choróinvíris fós ag déanamh eirligh ar fud na mór-roinne, agus is í faoi deara géarchéimeanna sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha. Anuas air sin, tá an tAontas ag feidhmiú i dtimpeallacht gheopholaitiúil thar a bheith dúshlánach.
Cuidíonn an Coiste go mór le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach trí bhéim an-láidir a leagan ar na saoránaigh i dtuairimí agus gníomhaíochtaí an Choiste. Inniu, murab ionann is riamh, ní mór dúinn a chinntiú go gcloisfear guth na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach nuair a bheidh beartais agus tionscnaimh nua á ndréachtú. Oibreoidh an Coiste ar na príomhréimsí beartais is tábhachtaí le daoine i ndáiríre, ina measc Aontas Sláinte Eorpach níos láidre, an Comhaontú Glas don Eoraip, cearta an duine agus an smacht reachta, an comhaontú nua maidir le himirce, an claochlú digiteach agus iarmhairtí Brexit. Pléifimid roinnt tograí beartais a léiríonn go soiléir gur gá do ghníomhaithe ar gach leibhéal rialachais cur go dlúth le chéile ina gcuid oibre.
Ní dhéanfaidh CESE dhá leath dá dhícheall agus a ról á chomhlíonadh aige: oibreoidh sé sna Ballstáit, coinneoidh sé an líonra teagmhálaithe atá aige le heagraíochtaí náisiúnta agus le heagraíochtaí Eorpacha na sochaí sibhialta ar bun agus cuirfidh sé leo, agus leagfaidh sé béim ar a thábhachtaí atá sé aird a thabhairt ar fhíor-thaithí agus ardmhianta an phobail agus na ngnólachtaí.
Beifear in ann an méid sin a dhéanamh a bhuí leis an saineolas a bhfuil tarraingt againn air cheana, agus a bhuí libhse freisin! Is iad bhur dtiomantas, bhur rannpháirtíocht sheasta agus an obair a dhéanann sibh in bhur gcáil mar ambasadóirí a chuireann fíordhearcadh ar fáil dúinn agus a chuireann fíor-bhreisluach le gníomhaíochtaí an Choiste. I ndlúthchomhar le hinstitiúidí eile, is féidir linn gníomhú le chéile chun teacht ar chomhréitigh chomhpháirteacha chomhsheasmhacha.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun fáilte a fhearadh roimh ár gcomhaltaí nua atá tagtha chugainn ó gach cearn den Eoraip. Guím gach rath oraibh sna cúig bliana amach romhainn, ar tréimhse chinniúnach í do thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus do thodhchaí ár gCoiste féin.
Gianluca Brunetti
Ardrúnaí CESE