I mbliana, bhí rás 20 km na Bruiséile, an 41ú ceann, ar siúl ar an 12 Meán Fómhair. Bhí an rás tiomnaithe do dhá fheachtas: an chéad cheann, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun cinn lena mana: ‘Is tusa an todhchaí’, agus an dara ceann, tacú le bearta in aghaidh na hailse agus EUR 10 000 a thiomsú chun an ailse a chomhrac agus chun tacú le taighde. Don fheachtas seo, chuaigh EUR 10 ó gach táille chlárúcháin go díreach go TELEVIE, imeacht carthanachta arna eagrú i mBeilg na Fraincise agus i Lucsamburg ag RTL-TVI ó 1989 ar mhaithe le taighde eolaíoch in aghaidh ailse ar leanaí agus ar dhaoine fásta.

Tháinig os cionn 22 000 reathaí de bhreis is 100 náisiúntacht, chomh maith le siúlóirí, rothaithe láimhe agus úsáideoirí cathaoireacha rothaí le chéile chun siúl nó rith trí shráideanna na Bruiséile. Ghlac breis is 800 comhghleacaí ó institiúidí an Aontais Eorpaigh páirt sa rás agus an geansaí foirne leis an mana ‘Ag rith ar son na hEorpa’ á chaitheamh acu.

Ba é Amaury Paquet as Liège a bhuaigh an rás i mbliana, rud a rinne sé i 59.31 nóiméad, an tríú ham is tapa i stair an imeachta. I rás na mban, ba í Florence De Cock, as Liège chomh maith, a tháinig sa chéad áit, rud a rinne sí in 1:09:50 uair.

Rinne Cillian Lohan Leas-Uachtarán ar CESE ionadaíocht air, agus ba eisean, in éineacht le Stefaan De Rynck, ceann Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa Bheilg a thug an comhartha chun an rás a thosú. Chuir Jaume Duch, Ardstiúrthóir um Chumarsáid i bParlaimint na hEorpa agus Banríon Mathilda na Beilge a ghlac páirt sa rás freisin, fáilte roimh na reathaithe.

Beidh an chéad rás 20k eile sa Bhruiséil ar siúl ar an 29 Bealtaine 2022. (ehp)