‘Ó cuireadh tús leis an gcogadh, tá flaithiúlacht uathúil as cuimse feicthe againn, sampla ar leith den dlúthpháirtíocht, den aontacht agus den altrúchas i leith mhuintir na hÚcráine. Tá iarrachtaí éachtacha déanta ag ár gcomhaltaí agus ag a gcuid eagraíochtaí chun teacht le chéile agus tá rún daingean acu lámh chúnta a thabhairt do dhídeanaithe na hÚcráine’.

Féach ar Leas-Uachtarán CESE, Cillian Lohan, agus é ag déanamh cur síos ar iarrachtaí leanúnacha na sochaí sibhialta tacú leis an Úcráin a bhfuil drochbhail uirthi ag an gcogadh.