Le Emilis Ruželė, comhalta de CESE, an Liotuáin

Faoi thús mhí an Mhárta, bhí níos mó ná EUR 12 mhilliún deonaithe ag muintir na Liotuáine. Tá EUR 1 000 deonaithe ag m’eagraíocht ar a dtugtar ‘Investors’ Forum’ (Fóram na nInfheisteoirí)
agus tá níos mó ná EUR 300 000 deonaithe ag ár mballchomhlachtaí ar eagraíochtaí éagsúla a chabhraíonn
leis an Úcráin.

Tá eagraíocht dheonach Stiprūs Kartu (Ní neart go cur le chéile), ag cabhrú maidir le hiompar, lóistín agus acmhainní eile a aimsiú do dhídeanaithe ón Úcráin. Tá leath na hoifige in Vilnius curtha ar fáil ag ‘Investors’ Forum’, chun cabhrú leo, agus tá siad réidh le teaghlach dídeanaithe a óstáil ansin. Tá seomra curtha ar fáil agam féin chun glacadh le dídeanaithe i m’árasán féin.

Ar deireadh, in Vilnius bíonn daoine i mbun agóide lasmuigh d’Ambasáid na Rúise gach lá.