Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi speisialta’ cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide iad a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Go háirithe, is eiseamláir dúinn misneach, diongbháilteacht agus díograis na pearsan ar a bhfuiltear ag díriú.

In CESE Info na míosa seo, tugaimid cead cainte do Sławek Kamiński, grianghrafadóir ó Gazeta Wyborcza. Thaispeáin sé dúinn na grianghraif a ghlac sé ag teorainn na hÚcráine leis an bPolainn.

Tá eachtraí den chineál céanna le feiceáil in áiteanna eile, toisc go bhfuil muintir na hÚcráine ag trasnú teorainneacha i roinnt tíortha Eorpacha, amhail an Pholainn, an Ungáir, an tSlóvaic, an Rómáin, agus an Mholdóiv.

Cé gur griangrafadóir é a bhfuil a lán taithí aige agus a bhfuil tragóid dhaonna feicthe aige go minic, dúirt Sławek Kamiński nach raibh insint béil aige agus é ag féachaint ar mháithreacha agus ar pháistí na hÚcráine ag teacht isteach sa Pholainn in Rzeszów, in Przemyśl agus in Medyka-Szeginie, agus iad ag fágáil slán ag fir céile agus aithreacha a bhí ag filleadh ar a dtír chun dul ag troid.

Agus stair thubaisteach na hÚcráine ag titim amach os comhair ár súl féin, is a bhuí le hobair dhochloíte chróga na n-iriseoirí, na ngrianghrafadóirí agus na n-oibrithe ceamara a leithéid Sławek Kaminski a théann chuig na háiteanna nach féidir linne dul, gur féidir linn foghlaim faoi na heachtraí atá ag tarlú ar an talamh agus faoi chruachás tragóideach na ndaoine i gcogadh. A bhuí leo siúd, leanfaimid de bheith ar an eolas agus táimid in ann cabhrú leo.

Is buaiteoir de roinnt duaiseanna agus gradam i gcomórtais fóta-iriseoireachta chlúiteacha é Sławek Kamiński. Bhuaigh sé an chéad duais as Grianghraf na Bliana sa chomórtas Grand Press Photo 2019. Lena cheamara, tá sé ag doiciméadú athruithe polaitiúla sa Pholainn le níos mó ná 30 bliain. Tá a chuid saothair foilsithe freisin i bhformhór na nuachtán Polannach agus i gcuid mhór meáin chlóite agus leabhar thar lear. Ghlac sé páirt freisin i mórthionscadail fógraíochta. Is féidir a obair fóta-iriseoireachta a fheiceáil ar Wyborcza.pl agus ar Reuters.(ll/ehp)