Sa chéad chlár den dara séasúr den phodchraoladh “The Grassroots View/Dearcadh na Cosmhuintire”, beidh plé ann faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) Eorpach nua. Insíonn ár gceathrar aíonna dúinn cad iad na láidreachtaí, na laigí agus na bearnaí sa chomhaontú sin a rabhthas ag súil leis le fada

Míníonn Feisire de Pharlaimint na hEorpa, agus comhrapóirtéir ar an CAI do Pharlaimint na hEorpa, Jan Olbrycht, cén fáth a raibh an chaibidlíocht chomh cáiréiseach sin agus cuireann sé béim freisin ar thábhacht an chláir nua EU4Health. Feictear do Stefano Palmieri, Cathaoirleach Rannóg ECO i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, go bhfuil féidearthachtaí ann córais eacnamaíocha agus shóisialta na hEorpa a nuachóiriú. Leagann sé amach fís na sochaí sibhialta i gcomhar le beirt chainteoirí eile: Gabriella Civico, ball de Choiste Stiúrtha an ghrúpa Sochaí Shibhialta na hEorpa), agus Zsuszanna Szabó, iriseoir agus ball den Fhondúireacht Res Publica. Tá imní den chineál céanna orthu faoi acmhainní dílse an Aontais agus faoi laige an tsásra nua coinníollachta um an Smacht Reachta.