European Economic
and Social Committee
An Buanghrúpa um Iompar
Feidhmíonn an Buanghrúpa um Iompar (an Buanghrúpa) mar mheitheal mhachnaimh inmheánach do Rannóg TEN maidir le saincheisteanna iompair, agus go háirithe mar chomhlacht a dhéanann réamh-mheasúnú ar dhúshláin nua agus a fhorbraíonn agus a dhéanann athbhreithniú ar smaointe agus coincheapa nua. Dá réir sin, tá an Buanghrúpa ag iarraidh machnamh a dhéanamh ar dhearcthaí agus ar smaointe, chomh maith leis an ról foriomlán ar féidir le CESE a imirt – mar ionadaí ar shochaí shibhialta na hEorpa – maidir le múnlú thodhchaí an iompair san Eoraip.
Le linn shainordú 2025–2028, díreoidh an Buanghrúpa ar na hábhair seo a leanas:
- an t-aistriú glas, an dícharbónú, iomaíochas tionsclaíoch agus nuashonruithe rialála;
- an tslándáil, an athléimneacht agus an tsoghluaisteacht mhíleata;
- an nascacht, an bonneagar agus an idirmhódúlacht;
- na fadhbanna a bhaineann leis an tsoghluaisteacht shóisialta, uirbeach agus chríochach.
Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028– 2034
Chas an Buanghrúpa le hAonad um Infheistíocht Iompair AS MOVE agus le roinnt geallsealbhóirí chun togra an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034 a phlé, agus béim á leagan ar chuspóirí iompair. Leagadh béim sna díospóireachtaí ar cheithre phríomhthosaíocht:
- tacaíocht a thabhairt do thionscadail leasa choitinn trasteorann TEN-T;
- forbairt a dhéanamh ar bhonneagar gréasáin TEN-T chun go mbeidh sé cliste, athléimneach, dícharbónaithe agus inbhuanaithe;
- nascacht le tríú tíortha a fheabhsú; agus
- an bonneagar iompair shibhialta a mhodhnú le haghaidh na soghluaisteachta míleata.
Downloads
-
PG-T work progamme 2025-2028