TionóladhLeatsa an Eoraip, Abair Leat! an 13 agus an 14 Márta seo caite. Tionól bliantúil é seo i gcomhair na hóige a bhíonn á eagrú ag CESE. Díríodh ann ar ról na ndaoine óga i múnlú na todhchaí athléimní. 

TionóladhLeatsa an Eoraip, Abair Leat! an 13 agus an 14 Márta seo caite. Tionól bliantúil é seo i gcomhair na hóige a bhíonn á eagrú ag CESE. Díríodh ann ar ról na ndaoine óga i múnlú na todhchaí athléimní. 

Ag ócáid na bliana seo, tháinig beagnach 100 duine óg le chéile ó gach cearn den Aontas, ó naoi dtír is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, sin agus ón Ríocht Aontaithe. Labhair na rannpháirtithe thar ceann na n-eagraíochtaí óige, na gcomhairlí náisiúnta óige agus na meánscoileanna, rud a tharraing aird ar gacj is ábhar imní do raon leathan grúpaí. Is abhcóidí óga go leor acu a bhfuil taithí na mblianta acu. I gcás daoine eile, ba é an t-imeacht seo an chéad chéim thábhachtach chun dul i ngleic leis an daonlathas rannpháirtíochta ina bpobail féin agus níos faide ó bhaile.

Le linn na gceardlann, faoi threoir na n-éascaitheoirí, thug na daoine óga suntas do na saincheisteanna is práinní ar cheart dar leor go gcuirfeadh na gníomhaithe polaitiúla aghaidh orthu. I measc na gceisteanna sin, bhí an comhrac i gcoinne an éillithe agus straitéis chomhleanúnach aeráide a fhorbairt, mar aon le hionannas na gceart a chinntiú do chách. Ós rud é go gcreimeann an t-éilliú an mhuinín atá ag na daoine as na hinstitiúidí agus ós rud é go lagaíonn sé an daonlathas, ba ríthábhachtach tacú leis an iriseoireacht iniúchach agus trédhearcacht a fheabhsú maidir leis an úsáid a bhaintear as airgead na gcáiníocóirí.

'Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh cuntasacht ann. Ní féidir a bheith inar mbaireoirí ar an gclaí: tá costas na neamhghníomhaíochta ró-ard. Ní mór dúinn dul i ngleic leis agus an bua a fháil air,' a dúirt YEYSer amháin.

Is éard a dúirt na daoine óga gur mithid cuspóirí coiteanna a bheith ann sa chomhrac in aghaidh an athraithe san aeráid. Ba léir dá réir gur gá beatha an duine a chosaint ar thionchar díobhálach an athraithe san aeráid agus aitheantas a thabhairt don chosaint sin go foirmeálta. D’iarr siad curaclam a bheadh bunaithe ar luachanna agus sin a bheith mar chuid den dearadh, curaclam a mbeidh tionchar dearfach aige ar nósmhaireacht na ndaoine ar líne, curaclam a chuirfidh srian leis an mífháisnéis. Mhol rannpháirtithe YEYS cearta comhionanna, cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna, chomh maith le cuimsiú do chách i ngach réimse. Maidir leis an easpa ionadaíochta don óige sna próisis chinnteoireachta pholaitiúla, chuir siad i bhfios go láidir go n-éilíonn daonlathas go n-éistfí le gach guth.

Ba é buaicphointe an imeachta leathlae seisiún iomlánach deiridh na hóige, áit ar chuir slua tiomanta rannpháirteach a gcuid moltaí faoi bhráid Uachtarán CESE Oliver Röpke agus chomhordaitheoir óige an Aontais Biliana Sirakova. Tar éis an vóta, rangaigh YEYSers cúig phointe fócais in ord a dtábhachta.

(1) An t-éilliú a chomhrac trí thrédhearcacht agus rannpháirtíocht na hóige.

(2) An tsaoránacht ghníomhach: ón seomra ranga go dtí an pobal.

(3) IN ar son an chomhionannais.

(4) Tá suíochán dá gcuid féin tuillte ag an aos óg.

(5) Straitéis chomhtháite um athrú aeráide a fhorbairt.

Chuir an tUachtarán Röpke i bhfios go láidir go bhféadfadh na moltaí sin obair chomhairleach CESE a mhúnlú, agus béim á leagan aige ar an gcomhionannas inscne mar phríomhthosaíocht don Choiste. Thug B. Uas. Sirakova dá haire go gcuideodh na moltaí sin le bonn eolais a chur faoi obair an Aontais freisin. (cpwb)

 

Don té ar mian leis a ghnó a fhorbairt thar theorainneacha san Aontas, beidh air aghaidh a thabhairt ar an iliomad rialacha CBL a thagann salach ar a chéile agus carn mór páipéarachais, rudaí a chuireann leis na costais. Bíonn ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) dul i ngleic le hualach díréireach comhlíontachta, rud a fhágann gur deacra dóibh forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht. Tá athchóirithe práinneacha á n-éileamh ag CESE in dhá thuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Feabhra, i bhfianaise Thuarascálacha Letta agus Draghi. I measc na moltaí a rinneadh, tá rialacháin airgeadais chomhchuibhithe, tuairisciú faoi thiomáint na hintleachta saorga agus beartas tionsclaíoch comhordaithe.

Don té ar mian leis a ghnó a fhorbairt thar theorainneacha san Aontas, beidh air aghaidh a thabhairt ar an iliomad rialacha CBL a thagann salach ar a chéile agus carn mór páipéarachais, rudaí a chuireann leis na costais. Bíonn ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) dul i ngleic le hualach díréireach comhlíontachta, rud a fhágann gur deacra dóibh forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht. Tá athchóirithe práinneacha á n-éileamh ag CESE in dhá thuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Feabhra, i bhfianaise Thuarascálacha Letta agus Draghi. I measc na moltaí a rinneadh, tá rialacháin airgeadais chomhchuibhithe, tuairisciú faoi thiomáint na hIntleachta Saorga agus beartas tionsclaíoch comhordaithe.

‘Cnámh droma rathúnas eacnamaíoch na hEorpa é an margadh aonair ach, dá ainneoin sin, níor cuireadh i gcrích é fós in earnálacha ríthábhachtacha mar an t-airgeadas, an fuinneamh agus na seirbhísí digiteacha,’ a dúirt Uachtarán CESE Oliver Röpke. ‘Léiríonn díospóireacht an lae inniu an géarghá atá le hathchóirithe a dhéanamh le bacainní a bhaint, earnáil na seirbhísí a neartú agus cothrom na Féinne a chinntiú do na gnólachtaí ar fud an Aontais.’

Rinne Maria Luís Albuquerque, Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais agus um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, a tacaíocht don mhéid sin a chuir in iúl: ‘An fhís atá agamsa den Aontas Coigiltis agus Infheistíochta ná rud a chruthóidh rachmas do na saoránaigh agus a chothóidh fás i measc na gcuideachtaí trína dtabhairt le chéile i dtimpeallacht shábháilte iomaíoch a ndéanfar rialáil agus maoirsiú cuí uirthi.’

Sna tuairimí ó CESE, luaitear dhá dhúshláin shuntasacha atá roimh an iomaíochas: an ilroinnt sa mhargadh aonair, rud ar tarraingíodh aird air i dTuarascálacha Letta agus Draghi, mar aon leis an rómhaorlachas arb iad na FBManna is mó a bhíonn thíos leis. Cuireann an dá rud sin srian leis an nuálaíocht agus an fás eacnamaíoch.

Cén fhadhb atá ann?

Gnólachtaí ar fud na hEorpa, níl siad in ann ag na rialacháin chasta fhorluiteacha atá ann. Dá dheasca sin, cuirtear am agus airgead amú, cuirtear moill ar an gComhaontú Glas agus cuirtear srian leis an rochtain atá ag na cuideachtaí meánmhéide ar mhaoiniúchán. Cuirtear frustrachas ar an lucht gnó, cuirtear leis na costais atá le híoc ag an tomhaltóir agus cuirtear bac ar an bhfás eacnamaíoch.

De bhreis ar an ualach rialála, tá dúshláin struchtúracha níos doimhne ann a bhaineann an bonn ó iomaíochas an Aontais. Tá teorainn le cumas an Aontais dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda mar gheall ar a mhoille atá an margadh aonair á chur i gcrích, mar gheall ar an neamhionannas atá ann ó thaobh bonneagar digiteach agus fuinnimh de agus mar gheall ar a laghad a chomhordaítear an beartas tionsclaíoch. Cé gur féidir le bloic eacnamaíocha eile beart a dhéanamh gan mhoill le hinfheistíocht a mhealladh agus nuálaíocht a chothú, go tapa chun infheistíocht, tá an Eoraip i mbaol a titime ar gcúl.

Cén réiteach atá ann?

Má táthar chun an t-iomaíochas a neartú, beidh gá le cur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear bacainní a bhaint in earnálacha ríthábhachtacha mar an t-airgeadas agus an fuinneamh, dlús a chur leis an gclaochlú digiteach agus cinnte a dhéanamh de gur féidir le FBManna forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht agus cothrom na Féinne á fháil acu.

Moltar an méid a leanas sna tuairimí ó CESE:

  • Rialacháin a shimpliú gan na caighdeáin chomhshaoil ná na caighdeáin shóisialta a ísliú.
  • Ardán aonair amháin faoi thiomáint na hintleachta saorga a chruthú leis an tuairisciú a dhéanann na FBManna agus na cuideachtaí meánmhéide a chuíchóiriú, rud a d’fhágfadh gurbh fhusa agus gurbh thapa an chomhlíontacht.
  • Rialacha a chomhchuibhiú ar fud na n-earnálacha ar mhaithe leis an bpáipéarachas a laghdú.
  • Na rialacháin airgeadais a chaighdeánú ar fud na mBallstát trí bhíthin beartas tionsclaíoch Eorpach comhordaithe.
  • An Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a athchóiriú, le gur cothroime an córas agus gur lú an t-ualach a bhaineann leis. (gb)

An príomhchúram atá ar Uachtaránacht reatha na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ná an Eoraip a choinneáil aontaithe, í a bhrú chun tosaigh agus cinntí a ghlacadh gan mhoill

An príomhchúram atá ar Uachtaránacht reatha na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ná an Eoraip a choinneáil aontaithe, í a bhrú chun tosaigh agus cinntí a ghlacadh gan mhoill

Ag seisiún iomlánach mhí Feabhra, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht faoi thosaíochtaí Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas, ceann ar ghlac Magdalena Sobkowiak-Czarnecka Fo-Rúnaí Stáit na Polainne do Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh páirt ann.

Ag tagairt do shlándáil sheachtrach an Aontais di, go háirithe don chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, dúirt an Fo-Rúnaí Sobkowiak-Czarnecka gurb í an sprioc atá ann leanúint den chúnamh don Úcráin agus aontacht inmheánach an Aontais a chaomhnú. Luaigh sí an 16ú pacáiste smachtbhannaí ar an Rúis mar cheann de na chéad éachtaí atá bainte amach ag Uachtaránacht na Polainne.

Labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus chuir i bhfáth go raibh cúram Uachtaránacht rothlach an Aontais á ghlacadh ag an bPolainn tráth a bhfuil dúshláin mhóra ar gach taobh den Eoraip, lena n-áirítear teannas geopholaitiúil agus géarchéimeanna fuinnimh.

Dúirt sé gur dearbhaíodh an athuair leis an díospóireacht sin a thábhachtaí atá an chobhsaíocht, an athléimneacht agus an aontacht maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú. Tá tosaíochtaí Uachtaránacht na Polainne ag teacht go dlúth le spriocanna comhchoiteanna na hEorpa, dar leis an Uasal Röpke, go háirithe maidir le cur chuige ilghnéitheach a chothú i leith na slándála. Dúirt sé gur tábhachtaí ná riamh, agus an éiginnteacht go mór i réim ar an leibhéal idirnáisiúnta, bearta a dhéanamh ar bhonn cinntitheach comhoibritheach.

'An tslándáil’ agus ‘an Eoraip’ ina bhfocail faire aici, díreoidh Uachtaránacht na Polainne ar sheacht ngné den tslándáil, mar atá, an ghné sheachtrach, inmheánach agus eacnamaíoch, mar aon le gné an bhia, an fhuinnimh, na sláinte agus na faisnéise.

Le míonna beaga anuas, tá comhar tréan tairbheach ar bun idir CESE agus Uachtaránacht na Polainne. Tá 15 thústuairim tarraingthe suas ag CESE, cuid acu a glacadh cheana féin, an chuid eile acu le glacadh go luath. (mp)

Copyright: EU2025 - source: EC

Le Michal Pintér, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE

Aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CID) a foilsíodh le déanaí an tábhacht straitéiseach atá le tionscail dianfhuinnimh do gheilleagar an Aontais, agus sainaithnítear ann na príomhdhúshláin atá rompu. Cé go bhfuil smaointe suaitheanta ann – margaí luaidhe glasa, tacaíocht don gheilleagar ciorclach agus cistiú le haghaidh dícharbónú – níl an phráinn agus an dánaíocht is gá sna bearta chun stop a chur leis an meath ar thionscail dianfhuinnimh na hEorpa.

Le Michal Pintér, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE

Aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CID) a foilsíodh le déanaí an tábhacht straitéiseach atá le tionscail dianfhuinnimh do gheilleagar an Aontais, agus sainaithnítear i gceart ann na príomhdhúshláin atá rompu. Cé go bhfuil smaointe suaitheanta ann – margaí luaidhe glasa, tacaíocht don gheilleagar ciorclach agus cistiú le haghaidh dícharbónú – níl an phráinn agus an dánaíocht is gá sna bearta chun stop a chur leis an meath ar thionscail dianfhuinnimh na hEorpa.

Sa tuairim a glacadh le déanaí Todhchaí thionscail dianfhuinnimh an Aontais i bhfianaise praghsanna arda fuinnimh agus costais arda an aistrithe, d’aithin Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa bearna mhór iomaíochais idir EIInna san Aontas agus tionscail iomaitheoirí domhanda. Bhí an ceart ag an gCoimisiún an milleán a chur ar phraghsanna fuinnimh ós iad is cúis leis sin. Mar sin féin, ní mholtar sa Chomhaontú ná sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne aon athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais. Bhí toradh fónta go leor ar an bpraghsáil imeallach fad a bhí an tAontas ag baint tairbhe as gás na bpíobán ar phraghas réasúnta íseal agus réasúnta cobhsaí ón Rúis. Ar an drochuair, tá athrú tagtha ar an saol, mar táimid faoi anáil na soláthairtí GNL feasta, rud atá luaineach costasach. Is baol gur mar sin a bheidh an scéal go ceann tamall de bhlianta. Ainneoin méadú ar an sciar den leictreachas atá saor ar iontaise ar chostas íseal i meascán fuinnimh an Aontais, tá praghsanna breoslaí iontaise fós ag imirt tionchair nach beag ar mhúnlú phraghsanna an leictreachais.

Is díol sásaimh na hiarrachtaí beartais chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, ach ní laghdaíonn siad na billí leictreachais mar gheall ar dhearadh an mhargaidh i láthair na huaire. Tá gá le bearta láithreach bonn chun tairbhí costais an leictreachais in-athnuaite a aistriú chuig tionscail agus chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna maolaithe praghsanna uile, rud lena n-áirítear díchúpláil praghsanna leictreachais.

Aithnítear sa Chomhaontú freisin bealaí éalaithe sa Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (gan réiteach ar an onnmhairiú, ná ar atheagrú agus ar imchéimniú na n-acmhainní) agus ionstraimí cosanta trádála. Mar sin féin, is beag leargas a thugann sin dúinn, ar an drochuair, faoin gcaoi a gcosnófar margadh an Aontais, rud a fhágann nach bhfuil EIInna cinnte faoi chogadh trádála domhanda.

Tá CESE ag tathant ar institiúidí an Aontais bearta cinntitheacha a chur chun feidhme i bpleananna gníomhaíochta earnáilsonracha, d’fhonn tuilleadh díthionsclaithe a chosc agus acmhainneacht an Aontais maidir le claochlú tionsclaíoch a choinneáil ar bun.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag tathant ar an Aontas Eorpach straitéis láidir a chur chun feidhme maidir leis an tionsclaíocht. D’fhágfadh an straitéis sin go bhféadfaí cur leis an iomaíochas, poist ardcháilíochta a chruthú agus bheadh sí i gcomhréir leis an gComhaontú Glas. Chun go n-éireoidh leis an straitéis, ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh uirthi agus í a chur in oiriúint do na dúshláin atá ag teacht chun cinn.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag tathant ar an Aontas Eorpach straitéis láidir a chur chun feidhme maidir leis an tionsclaíocht. D’fhágfadh an straitéis sin go bhféadfaí cur leis an iomaíochas, poist ardcháilíochta a chruthú agus bheadh sí i gcomhréir leis an gComhaontú Glas. Chun go n-éireoidh leis an straitéis, ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh uirthi agus í a chur in oiriúint do na dúshláin atá ag teacht chun cinn.

‘Tá baol mór ann go dtarlóidh díthionsclú ar fud na hEorpa. Ní mór don tionsclaíocht agus don ghníomhaíocht aeráide a bheith fite fuaite ina chéile,’ arsa Andrea Mone, rapóirtéir na tuairime Todhchaí na tionsclaíochta san Aontas Eorpach i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus na gcostas ard aistrithe atá ann a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Feabhra.

Sa tuairim sin, leag CESE béim ar an tábhacht atá le creat láidir eacnamaíoch agus rialála chun go bhféadfar dul i ngleic leis an gcostas ard ar fhuinneamh agus ar amhábhar, leis na dúshláin a bhaineann leis an infheistíocht san aistriú glas, leis na bearnaí sa bhonneagar, le ganntanas scileanna agus leis an éileamh lag laistigh den Aontas. Tá an-tábhacht le beartas iomaíochais atá dírithe ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht le go bhféadfar an comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí beart go práinneach toisc an mhéadaithe ar na hábhair imní atá ann maidir le slándáil eacnamaíoch na hEorpa agus a spleáiche atá an Eoraip ar thríú tíortha.  Sa tréimhse seo ina bhfuil méadú ar an éiginnteacht gheopholaitiúil agus trádála, tá gá le beartas trádála Eorpach athléimneach chun an inbhuanaitheacht thionsclaíoch a chosaint tráth atá spriocanna éagothroma ann maidir le dícharbónú, ró-acmhainneacht ann ar an leibhéal domhanda agus méadú ar an teannas trádála. Le go bhféadar an sprioc sin a bhaint amach, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an Eoraip níos neamhspleáiche maidir le hamhábhair chriticiúla a fháil.

Tá an-tábhacht leis an infheistíocht bhreise, rud a tugadh le fios i dtuarascáil Draghi, agus le hathchóirithe ar an rialachas. Fágfaidh margadh aonair aontaithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh, go neartófar geilleagar an Aontais. Trí na hualaí rialála a laghdú, creataí an mhargaidh leictreachais a bheachtú agus feabhas a chur ar na hionstraimí airgeadais ar nós comhaontuithe ceannaigh cumhachta, tacófar leis an gclaochlú in earnáil na tionsclaíochta.

Le go bhféadfar an t-aistriú cóir a bhaint amach, tá gá le hidirphlé sóisialta láidir agus le cómhargáil. Ní mór don bheartas tionsclaíoch a bheith i gcomhréir leis na straitéisí maidir le hoideachas agus an lucht saothair, agus béim á leagan ann ar an taighde, ar an nuálaíocht agus ar fhorbairt scileanna. Cuideoidh an infheistíocht sa bhonneagar fuinnimh, san fhuinneamh in-athnuaite agus i dtionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh leis na spriocanna aeráide a bhaint amach.

Ina theannta sin, ghlac CESE tuairim fhorlíontach Todhchaí na dtionscal dianfhuinnimh san Aontas ina moltar réitigh shaincheaptha chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na dtionscal sin a chinntiú. Tá todhchaí thionsclaíoch an Aontais ag brath air go dtabharfaidh an tAontas aghaidh ar na dúshláin ar leith atá le sárú ag na tionscail sin. (ll)

Is é Nicolas Gros-Verheyde, iriseoir Francach, údar agus saineolaí ar an gcosaint agus ar an bpolaitíocht eachtrach, ár n-aoi inniu. Tugann sé míniú ar chúig thogra an phlean ReArm Europe, a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair le déanaí chun cosaint na hEorpa a mhéadú i measc imní mhéadaitheach faoin ngealltanas ó na Stáit Aontaithe maidir leis an slándáil a chosaint san Eoraip.

Is é Nicolas Gros-Verheyde, iriseoir Francach, údar agus saineolaí ar an gcosaint agus ar an bpolaitíocht eachtrach, ár n-aoi inniu. Tugann sé míniú ar chúig thogra an phlean ReArm Europe, a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair le déanaí chun cosaint na hEorpa a mhéadú i measc imní mhéadaitheach faoin ngealltanas ó na Stáit Aontaithe maidir leis an slándáil a chosaint san Eoraip.

Is iriseoir Francach é Nicolas Gros-Verheyde ó 1989. D’oibrigh sé do Ouest France, ARTE, LCI agus France Culture mar chomhfhreagraí ar ghnóthaí an Aontais agus ECAT. Tá clú, cáil agus meas air i ar fud na hEorpa mar gheall ar an eolas fairsing atá aige ar ghnóthaí Eorpacha agus ar an mbeartas eachtrach agus cosanta. Is stiúrthóir eagarthóireachta é ar B2, a bunaíodh in 2008 agus is é ar an eagraíocht meán is mó agus is cuimsithí maidir le cosaint agus taidhleoireacht na hEorpa. Is comhlachas neamhbhrabúsach a bhainistíonn an eagraíocht i bhfoirm comharchumainn iriseoirí, agus is trí shíntiúis a mhaoinítear í. https://club.bruxelles2.eu/

Agus na leabhair a leanas scríofa aige: ‘Défense européenne à l'heure de la guerre en Ukraine’, ‘La politique européenne de sécurité et de défense commune’. ‘Parce que l'Europe vaut bien une défense’, ‘Europe de la défense’, agus é ina anailísí ar an nuacht pholaitiúil ar LN24, France-Info agus RTBF.

Ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (CSW69) i Nua-Eabhrac, d’athdhearbhaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (AU ECOSOCC) a dtiomantas buanseasmhach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban a chur chun cinn. 

Ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (CSW69) i Nua-Eabhrac, d’athdhearbhaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (AU ECOSOCC) a dtiomantas buanseasmhach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban a chur chun cinn.

Agus é cothrom le 30 bliain ónar glacadh Dearbhú Bhéising agus an Clár Oibre Gníomhaíochta, aithníonn CESE agus AU ECOSOCC an dul chun cinn atá déanta agus na dúshláin leanúnacha atá fós ann agus iad ag cur bac ar an gcomhionannas iomlán inscne.

Leagtar béim sa dara dearbhú comhpháirteach uathu ar phríomhthosaíochtaí, lena n-áirítear ceannaireacht na mban a mhéadú trí chuótaí inscne, deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe trí choinbhinsiúin idirnáisiúnta, an deighilt dhigiteach inscne a dhúnadh, agus cumhachtú eacnamaíoch na mban a chur chun cinn.

Moltar sa dearbhú go dtabharfaí beartais níos láidre isteach maidir le hobair chúraim gan íocaíocht, cuimsiú na mban in iarrachtaí síochána, agus ceapadh beartas sonraíbhunaithe. Leagtar béim ann freisin ar an gcomhar domhanda chun deireadh a chur le neamhionannais shistéamacha agus chun cearta na mban a chaomhnú. Iarrann CESE ar an Aontas freisin an foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, paireacht inscne a áirithiú, agus ról na sochaí sibhialta a chosaint maidir le comhionannas a chur chun cinn.

Bhí an méid a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Oliver Röpke: Agus 30 bliain ónar glacadh Dearbhú Bhéising, ní mór dúinn beart a dhéanamh den mhéid cainte a rinne muid. Ní pribhléid atá i gceist leis an gcomhionannas inscne ach is ceart bunúsach é, agus tá sé ríthábhachtach go mbainfimid amach é le haghaidh sochaithe inbhuanaithe cuimsitheacha. Seasann CESE go daingean leis an ngealltanas a thug sé chun bacainní a shárú, rannpháirtíocht iomlán na mban sa chinnteoireacht a áirithiú agus cumhachtú eacnamaíoch a chothú. Is mithid anois do na rialtais, do na hinstitiúidí agus don tsochaí shibhialta gníomhú go cinntitheach, ní bheidh aon chomhionannas ann gan cuntasacht ina leith.

Is é an Coimisiún um Stádas na mBan an príomhchomhlacht idirnáisiúnta agus idir-rialtasach atá ag troid ar son an chomhionannais inscne. Ba é sin an dara huair a ghlac CESE páirt sa chruinniú bliantúil is mó de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cumhachtú na mban. (tk)

Copyright: Nicolas Gros-Verheyde

Le Nicolas Gros-Verheyde

Thíolaic Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen an plean ReArm Europe agus d’fhormhuinigh na 27 mBallstát é ag cruinniú mullaigh urghnách an 6 Márta. Tá cúig phríomhthogra ann; is cinnte go bhfuil siad suimiúil, ach is fiú tuilleadh plé a dhéanamh orthu freisin.

Le Nicolas Gros-Verheyde

Thíolaic Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen an plean ReArm Europe agus d’fhormhuinigh na 27 mBallstát é ag cruinniú mullaigh urghnách an 6 Márta. Tá cúig phríomhthogra ann; is cinnte go bhfuil siad suimiúil, ach is fiú tuilleadh plé a dhéanamh orthu freisin.

Is é an chéad togra go mbeadh solúbthacht ann maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún clásal éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát caiteachas cosanta a mhéadú 1.5 % de OTI gan an baol a bheith ann go seolfaí nós imeachta um easnamh iomarcach. Cad é an coigilteas a mbeifí ag súil leis? Beagnach EUR 650 billiún thar thréimhse ceithre bliana. Ní mór don Eoraip 'cur go mór lena caiteachas cosanta', a dúirt Ursula von der Leyen.

Is ionstraim nua iasachtaithe cosanta é an dara togra.

B’fhiú EUR 150 billiún an ionstraim sin, arna maoiniú trí iasachtaí ó bhuiséad an Aontais faoi chóras atá cosúil le cúnamh macrairgeadais. Tá sé beartaithe í a úsáid i réimsí tosaíochta ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha: an chosaint frithdhiúracáin (Tionscnamh Eorpach um Chosaint Aerspáis de bhunadh na Gearmáine), córais airtléire, diúracáin agus armlón, ladrainn agus córais frith-ladrainn, cumasóirí straitéiseacha, cosaint an bhonneagair chriticiúil (lena n-áirítear i ndáil leis an spás amuigh), an tsoghluaisteacht mhíleata, an chibearshlándáil, an intleacht shaorga agus an chogaíocht leictreonach.

Chun dlús a chur leis an bpróiseas, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leas a bhaint as Airteagal 122 den Chonradh: leis an Airteagal seo, a úsáidtear in imthosca eisceachtúla, ní cheanglaítear ach comhaontú na mBallstát laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus Parlaimint na hEorpa á cur ar an eolas. Is teacht timpeall ar an bpróiseas daonlathach é sin a bhféadfaí easaontú leis. Formhuiníodh an plean maidir le cosaint na hEorpa a neartú ag Cruinniú Mullaigh Versailles in 2022 – trí bliana ó shin! Is doiligh a fheiceáil go bhfuil údar leis an ‘práinn’ seo.

Is é an tríú togra tarraingt as cistí réigiúnacha.

Sa ghearrthéarma, maíonn an Coimisiún gur féidir leis an Aontas Eorpach leas níos fearr a bhaint as buiséad an Aontais trí chistí a athdháileadh ó cheannteidil bhuiséid áirithe. Molann sé go dtabharfaí rogha do na Ballstáit cláir an bheartais comhtháthaithe a úsáid chun an caiteachas cosanta a mhéadú, agus tá sé ag iarraidh an próiseas a éascú lena ndéantar aistrithe deonacha chuig cistí eile an Aontais a bhaineann leis an gcosaint.

Is ionann sin agus ciorrú mór ar an bplean buiséadach ilbhliantúil reatha (2021-2027). Ní mór dúinn an cheist seo a leanas a chur orainn féin: ar cheart dúinn an comhtháthú sóisialta nó réigiúnach a ghéilleadh ar mhaithe leis an gcosaint? Ní mór an cheist seo a phlé.

San am céanna, d’fhéadfaí leas níos mó a bhaint as Ardán STEP le haghaidh teicneolaíochtaí straitéiseacha trína leathnú chuig na teicneolaíochtaí uile in earnáil na cosanta. Mar rogha eile, dar leis an gCoimisiún, d’fhéadfaí na srianta atá ann cheana, ar nós rialacha iomaíochta nó rialacha réamh-mhaoinithe nó rialacha cómhaoinithe, a mhaolú.

Baineann an ceathrú togra le hiasachtaí BEI.

Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus a chuid scairshealbhóirí (na Ballstáit) in iúl arís agus arís eile go bhfuil siad i gcoinne aon bheart eile a dhéanamh chun iasachtaí a thabhairt don earnáil mhíleata amháin, ós fearr leo an earnáil dhéach. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag éileamh go n-athrófaí beartas BEI.

Is é an cúigiú togra caipiteal príobháideach a shlógadh.

Is é an aidhm atá ann an rochtain is fearr is féidir a thabhairt ar chaipiteal agus ar mhaoiniú do chuideachtaí cosanta – fadhb choitianta sa tionscal sin. Ba cheart an smaoineamh sin a chur san áireamh sa teachtaireacht maidir le ‘hAontas Coigiltis agus Infheistíochta’.

Le Marcin Nowacki

Agus an Eoraip ag dul i ngleic le timpeallacht gheopholaitiúil atá ag síorathrú, tagann an phríomhcheist seo a leanas chun cinn: conas is féidir leis an Aontas Eorpach an tslándáil a chinntiú i ndomhan atá ag éirí níos éiginnte? Sa tuairim Maoiniú na cosanta san Aontas Eorpach, cuireann CESE treochlár cuimsitheach i láthair chun slándáil na hEorpa a neartú agus chun ullmhú do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann san am atá romhainn.

Le Marcin Nowacki

Agus an Eoraip ag dul i ngleic le timpeallacht gheopholaitiúil atá ag síorathrú, tagann an phríomhcheist seo a leanas chun cinn: conas is féidir leis an Aontas Eorpach an tslándáil a chinntiú i ndomhan atá ag éirí níos éiginnte? Sa tuairim Maoiniú na cosanta san Aontas Eorpach, cuireann CESE treochlár cuimsitheach i láthair chun slándáil na hEorpa a neartú agus chun ullmhú do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann san am atá romhainn.

Tagann an tuairim seo chun cinn tráth a bhfuil méadú ag teacht ar bhagairtí slándála. Is é atá i gcroílár sheasamh CESE éileamh go mbeidh sásra maoiniúcháin cosanta ann ar leibheál an Aontais a bheidh aontaithe agus láidir. Ní leor na struchtúir chistiúcháin atá ann faoi láthair, agus is gá athrú a dhéanamh. Mura nglacfar cur chuige níos comhordaithe maidir le maoiniú na cosanta, tá baol ann go dtitfidh an tAontas ar gcúl maidir lena leasanna a chosaint. I measc na n-ábhair imní a luaitear sa tuairim, cuirtear in iúl go ndeachaigh 78 % den EUR 75 bhilliún a chaith tíortha an Aontais ar sholáthar trealaimh cosanta chuig soláthraithe nach soláthraithe de chuid an Aontais iad, rud a shonraítear sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa. Ní féidir neamhaird a dhéanamh den spleáchas méadaitheach sin ar sholáthraithe seachtracha.

Ní leor tuilleadh airgid a chaitheamh, óir is fearr leas a bhaint as an mbuiséad atá againn ar shlí eagnaí agus éifeachtúil. Molann CESE an comhordú idir an tAontas agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) a neartú, maoiniú a mhéadú do thionscnaimh amhail an Ciste Eorpach Cosanta agus an tSaoráid Eorpach Síochána, agus díriú ar éadálacha comhpháirteacha chun acmhainní a chuíchóiriú agus chun costais a laghdú. Thairis sin, tá CESE ag iarraidh ar bhaill Eorpacha de ECAT 2.5 % ar a laghad dá OTI a ghealladh don chosaint, céim a neartódh freagairt na hEorpa ar bhagairtí geopholaitiúla atá ann faoi láthair. A bhuí leis an sprioc chaiteachais níos airde sin, cinnteofar go rannchuideoidh comhaltaí ECAT de chuid an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí leis an gcomhshlándáil, agus ceannasacht iomlán ar a bhfórsaí armtha á coimeád acu ag an am céanna.

Ina theannta sin, tá tionscnaimh amhail an Gníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin (ASAP) agus an Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA) ríthábhachtach chun cumais chosanta an Aontais a neartú. A bhuí leis na hiarrachtaí seo féadfaidh an Eoraip acmhainní a chomhthiomsú go héifeachtach, rud a chinnteoidh an ullmhacht mhíleata agus shibhialta.

Is ríthábhachtaí ná riamh é an dul chun cinn teicneolaíoch, lena n-áirítear an intleacht shaorga, ladrainn agus an chibearshlándáil, a mhéid a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Cuireann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sna réimsí sin chun fanacht chun tosaigh ar bhagairtí atá le teacht. Tá ríthábhacht ag baint leis an gcomhar idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach chun an nuálaíocht a spreagadh, go háirithe maidir leis an intleacht shaorga , na ladrainn agus córais chibearshlándála.

Iarrtar sa tuairim freisin go mbeadh éiceachóras tionsclaíoch cosanta Eorpach athléimneach ann, lena spreagfar comhar níos láidre idir na fiontair, na FBManna agus na rialtais. Tríd an nuálaíocht a chothú agus trína áirithiú go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch, laghdófar an spleáchas ar sholáthróirí seachtracha, rud a thógfaidh tionscal cosanta a bheidh níos neamhspleáiche.

Ina theannta sin, níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na tionscnaimh réigiúnacha atá ann laistigh den Aontas. Trí chomhar réigiúnach a neartú, cuideofar le straitéisí cosanta a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha slándála a bhíonn roimh na Ballstáit éagsúla. Cinntíonn an cur chuige sin go dtugtar aghaidh ar ábhair imní réigiúnacha laistigh de chreat leathan an Aontais.

Ní leis an tslándáil amháin a bhaineann neartú chumais an Aontais i réimse na cosanta ach le luachanna an Aontais a chaomhnú. Tríd an treochlár a leagtar amach sa tuairim a leanúint, creidimid gur féidir leis an Aontas a bheith slán i bhfad na haimsire agus gur féidir an tsíocháin agus na leasanna eacnamaíocha atá aige a chur ó bhaol.