The EESC issues between 160 and 190 opinions and information reports a year.
It also organises several annual initiatives and events with a focus on civil society and citizens’ participation such as the Civil Society Prize, the Civil Society Days, the Your Europe, Your Say youth plenary and the ECI Day.
Here you can find news and information about the EESC'swork, including its social media accounts, the EESC Info newsletter, photo galleries and videos.
The EESC brings together representatives from all areas of organised civil society, who give their independent advice on EU policies and legislation. The EESC's326 Members are organised into three groups: Employers, Workers and Various Interests.
The EESC has six sections, specialising in concrete topics of relevance to the citizens of the European Union, ranging from social to economic affairs, energy, environment, external relations or the internal market.
An 17 agus an 18 Deireadh Fómhair, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a phríomhimeacht cumarsáide bliantúil dar teideal‘Connecting EU’, inar tugadh le chéile oifigigh chumarsáide ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. An teideal a bhí ar sheimineár na bliana seo ná ‘Dún deiridh an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’ agus díríodh ann ar staid reatha na meán agus ar an ról atá ag na meáin sa tsochaí. Tarraingíodh aird ar an mbrú méadaitheach atá ar iriseoirí mar gheall ar na rialtais agus leasanna príobháideacha a chuireann srian le saoirse na meán. Anuas ar na constaicí coitianta, tá méadú ag teacht anois ar an intleacht shaorga ghiniúnach, rud a chuireann bunchlocha eacnamaíocha na hiriseoireachta i mbaol in ainneoin na dtairbhí a bhaineann léi.
An 17 agus an 18 Deireadh Fómhair, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a phríomhimeacht cumarsáide bliantúil dar teideal‘Connecting EU’, inar tugadh le chéile oifigigh chumarsáide ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. An teideal a bhí ar sheimineár na bliana seo ná ‘Dún deiridh an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’ agus díríodh ann ar staid reatha na meán agus ar an ról atá ag na meáin sa tsochaí. Tarraingíodh aird ar an mbrú méadaitheach atá ar iriseoirí mar gheall ar na rialtais agus leasanna príobháideacha a chuireann srian le saoirse na meán. Anuas ar na constaicí coitianta, tá méadú ag teacht anois ar an intleacht shaorga ghiniúnach, rud a chuireann bunchlocha eacnamaíocha na hiriseoireachta i mbaol in ainneoin na dtairbhí a bhaineann léi.
Céard í an fhírinne? Le forbairt na hintleachta saorga, tagann an cheist sheanbhunaithe sin chun cinn as an nua, ós rud é go mbaineann an bhréagnuacht, teoiricí comhcheilge agus réimis fhorlámhacha an bonn go córasach ó dhíospóireachtaí atá bunaithe ar fhíricí, ón gcruinneas agus ó mhalartú measúil tuairimí. Is mithid, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar na ceisteanna agus ar na freagraí a bhaineann linn go léir’, arsa Uachtarán CESE Oliver Röpke.
Fiche bliain ó shin, is beag duine a d’fhéadfadh a thuar nach léifeadh an chuid is mó againn an nuachtán lenár gcaife ar maidin a thuilleadh in 2024, ach go n-úsáidfimis ár bhfóin chun an nuacht a sheiceáil ar shuíomhanna gréasáin nuachta agus, níos mó ná riamh, ar na meáin shóisialta’, arsa Aurel Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE. ‘Ach taobh amuigh de na dúshláin nua, tá na seandhúshláin fós ann. Leanann iriseoirí de bheith ag troid i gcoinne a seannaimhde, lena n-áirítear an chinsireacht, easpa trédhearcachta maidir le húinéireacht na meán, tearcmhaoiniú agus dlíthe i gcoinne na meán.’
Chuir Ricardo Gutiérrez, Ard-Rúnaí na Cónaidhme Eorpaí Iriseoirí, i bhfios go láidir gur cheart caitheamh le hobair iriseoirí mar ‘sheirbhís phoiblí’ nó mar ‘leas poiblí’ atá faoi bhagairt ag dúshláin eacnamaíocha, ag ciapadh trí imeachtaí breithiúnacha (cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí) agus ag foréigean díreach (maraíodh 14 iriseoir san Aontas ó 2015 i leith).
‘Tá an iriseoireacht ag éirí níos contúirtí ná riamh,’ a d’áitigh Jerzy Pomianowski, Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Dearlaice Eorpaí i gcomhair Daonlathais. Luaigh sé an ghéarleanúint atá á déanamh ar iriseoirí sa Bhealarúis. Dúirt Andrey Gnyot, scannánóir, gníomhaí agus iriseoir ón mBealarúis, a cuireadh faoi bhraighdeanas baile i mBéalgrád agus atá i mbaol an eiseachadta, i dteachtaireacht físe gurb é ‘an rún an fhírinne agus an cuibheas a scriosadh, trí fhorneart brúidiúil’ an bhagairt is tromchúisí atá os comhair na hiriseoireachta. Ar an gcaoi chéanna, thug an t-iriseoir ón mBealarúis Hanna Liubakova, ar gearradh téarma príosúnachta 10 mbliana uirthi in absentia, faoi deara go bhfuil 33 iriseoir i bpríosún sa Bhealarúis, agus go bhféadfadh téarma príosúnachta a ghearradh ar dhuine dá gcláródh an duine sin lena cainéil ar na meáin shóisialta.
Ina heochairóráid Trusted Information in the Age of Generative AI, rinne Alexandra Borchardt, iriseoir sinsearach, comhairleoir neamhspleách, taighdeoir sna meáin agus príomhúdar thuarascáil Aontas Craolacháin na hEorpa maidir le hiriseoireacht iontaofa in aois na hintleachta saorga giniúnaí, ‘maíomh conspóideach’, mar a thug sí air. Chuir sí in iúl go bhfuil ‘an iriseoireacht agus an intleacht shaorga ghiniúnach ag teacht salach ar a chéile toisc go dtagraíonn an iriseoireacht d’fhíricí agus go ríomhann an intleacht shaorga ghiniúnach dóchúlachtaí, rud a chiallaíonn nach bhfuil sí bunaithe ar fhíricí’. ‘Sin an fáth nach mór na fíricí a sheiceáil,’ a dúirt sí.
Thug Alexandra Borchardt rabhadh do na meáin faoin ‘deighilt dhigiteach’ a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Sa chás sin, ghlacfadh cuid den tsochaí le haois na hintleachta saorga agus chuirfeadh an chuid eile ina coinne. Má theipeann ar na meáin iad féin a chur in oiriúint, chaillfeadh siad an deis an intleacht shaorga a úsáid chun iad féin a nuachóiriú agus chun dul i dteagmháil lena lucht féachana. I measc na ndúshlán a eascraíonn as an intleacht shaorga ghiniúnach nach mór do na meáin aghaidh a thabhairt orthu tá cailliúint infheictheachta d’iriseoirí i samhail ghnó atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus an easpa smachta maidir le hábhar.
D’fhéadfadh sé go gcuirfí ró-ualach ar an bpobal mar gheall ar an iomarca faisnéise ar féidir leis an intleacht shaorga a olltáirgeadh. ‘An mbeidh fonn ar dhaoine óga a bheith ina n-iriseoirí más rud é gur gá dóibh dul in iomaíocht leis an intleacht shaorga?’ a d’fhiafraigh Alexandra Borchardt. (ll)