An t-aoi gan choinne

Uair sa mhí sa cholún ‘An t‑aoi gan choinne’, bíonn pearsa phoiblí faoi leith á cur i láthair againn, ar foinse inspioráide í a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici. Leis an misneach, an diongbháilteacht agus an tiomantas chun gníomhú a léiríonn sí, tugann sí dea‑shampla agus ní mór meas a léiriú dá crógacht ghairmiúil.

Is í Tetyana Ogarkova aoi gan choinne na míosa seo, iriseoir Úcránach, ceannaire ar roinn idirnáisiúnta Ukraine Crisis Media Center agus comhláithreoir ar an bpodchraoladh Explaining Ukraine. Is léachtóir í chomh maith ag Ollscoil Mohyla Chív agus tá Dochtúireacht sa Litríocht aici ó Ollscoil Pháras-XII Val-de-Marne.

Is minic a iarrtar ar Tetyana páirt a ghlacadh i gcláir teilifíse agus raidió ar fud an domhain chun cur síos a dhéanamh ar chruachás mhuintir na hÚcráine agus léargas a thabhairt ar an tragóid dhaonna seo.

San eagrán speisialta seo de CESEinfo, roinneann sí lenár léitheoirí a cuntas pearsanta, cuntas atá níos cumhachtaí ná riamh ó tharla gur scríobhadh é san Úcráin, áit nár fhág sí d’ainneoin an chogaidh agus atá faoi léigear, cráite agus cróga. (eh)