European Economic
and Social Committee
Tá sé thar am Aontas an Chomhionannais a fhíorú
Tá bailiú cruinn sonraí agus beartais chuí sna Ballstáit riachtanach chun plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus chun an ciníochas agus an t-idirdhealú eitneach a nochtadh, fadhbanna a chuaigh chun donais le linn phaindéim COVID-19 san Eoraip.
Le linn éisteacht fhíorúil a thionóil CESE an 18 Márta, tháinig sé chun solais go mothaíonn an ceathrú cuid de mhuintir na hEorpa go ndearnadh idirdhealú ina n-aghaidh i réimse amháin ar a laghad dá saol agus go bhfuil an t-idirdhealú ciníoch agus eitneach ag dul i méid san fhostaíocht. Ina fhianaise sin, táthar den tuairim go bhfuil práinn leis an reachtaíocht maidir leis an gciníochas a chomhrac a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorfheidhmiú ar fud na hEorpa.
Le linn na héisteachta, “Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025”, labhair ionadaithe ó institiúidí an Aontais agus ó ardáin Eorpacha um chearta an duine agus um an bhfrithchiníochas. Thug na figiúirí léiriú duairc ar an staid mar atá sé go háitiúil ar fud an Aontais.
Chuir rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an ábhar seo, Cristian Pîrvulescu, béim ar thráthúlacht phlean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an bhfrithchiníochas a seoladh tráth a bhí an éagothroime agus an t-idirdhealú ag fás mar thoradh ar an bpaindéim.
Leag Thibault Balthazar ón gCoimisiún Eorpach, béim ar ról tábhachtach na mBallstát agus mhol sé dóibh pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus na comhlachtaí comhionannais. Rinne Aleksandra Wesoły cur síos ar ionstraimí atá ag an Aontas amhail Líonra an Aontais Eorpaigh um Fheasacht ar an Radacú agus ardáin eile a chabhraíonn leis an radacú agus insintí antoisceacha a chomhrac. Dúirt Maria Daniella Marouda gur leag staidéar a rinne an Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe béim ar an dul chun cinn atá déanta i réimse na reachtaíochta frith-idirdhealaithe.
Chuir Joanna Goodey ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) i bhfáth go bhfuil sonraí in easnamh, cé go bhfuil an reachtaíocht ann. Mhínigh Goodey go dteastaíonn bailiú rialta sonraí le go mbeidh rath ar an bplean gníomhaíochta.
Chuir rapóirtéir na tuairime ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an bhfrithchiníochas, Yoomi Renström, i bhfáth gur chóir údaráis réigiúnacha agus áitiúla a aithint mar chomhpháirtithe straitéiseacha maidir leis na pleananna gníomhaíochta náisiúnta a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.
Chuir Csaba Asztalos, Uachtarán Chomhairle na Rómáine um Chomhrac an Idirdhealaithe béim ar a thábhachtaí atá sé bunachair sonraí inrochtana agus straitéisí cumarsáide soiléire a bheith ann, agus chuir Marie Mescam ó “SOS Racisme” i bhfáth go raibh géarghá le spás a chruthú don idirphlé laistigh den Aontas, áit ina roinnfeadh an tsochaí shibhialta, comhlachtaí comhionannais agus eagraíochtaí a bhaineann le frithchiníochas a gcuid faisnéise agus a dtaithí.
Chuir Juliana Wahlgren, Oifigeach Sinsearach Abhcóideachta ón Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais (ENAR), in iúl go rabhthas ag súil trí dhaoine ar de chúlra mionlaigh chiníoch nó eitnigh iad a chur i dteagmháil le saineolaithe in eagraíochtaí na sochaí sibhialta go mbeadh ról tábhachtach acu i gcur chun feidhme éifeachtach an phlean gníomhaíochta. (mt)