Dessine-moi… (Tabhair cuntas dom…)

Ní háibhéil a rá gur roinn ildathach í an roinn nua seo againn “Dessine-moi…” agus is mór an mhaise uirthi na mothúcháin, na smaointe agus na tuairimí faoin saol agus faoin am i láthair a bailíodh le chéile inti i rith an ama. Is léir ó na cuntais a sholáthair comhaltaí de chuid CESE go bhfuil a rian fágtha ag an ngéarchéim seo, a bhí fada agus crua, ar chuimhne an phobail. Gabhaimid buíochas ó chroí leis na comhaltaí sin a roinn lenár léitheoirí smaointe a rith leo le linn na géarchéime.

Míle buíochas le Irini Pari, Tellervo Kylä-Harakka-Ruonala, Reet Teder, Tatjana Babrauskiené, Gunta Anča, Kinga Joó, Sofia Björnsson, Evangelia Kekeleki, Michalis Antoniou, Philip von Brockdorff, Peter Schmidt, Cristian Pîrvulescu.

Tá na scéalta sin go léir le léamh ag an nasc seo: https://www.eesc.europa.eu/en/news-media/eesc-info/082020#a80501(eh)