Tá sé léirithe ag an bhFóram Eorpach um Imirce an chaoi ar féidir leis an tsochaí shibhialta cabhrú le cuspóirí an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme

Ag an 9ú Fóram Eorpach um Imirce a d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile an Choimisiúin Eorpaigh, díríodh ar an gcaoi ar féidir leis an tsochaí shibhialta ról lárnach a bheith aici i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann atá ar na bacáin, agus leagadh béim san am céanna ar an obair a dhéanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an láthair.

San Fhóram Eorpach um Imirce, a tionóladh sa Bhruiséil ag deireadh mhí na Samhna, tarraingíodh aird ar an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2024. Rinne na rannpháirtithe iniúchadh ar an gcaoi a gcuirfear chun feidhme é amach anseo agus ar an gcaoi ar féidir leis an tsochaí shibhialta tacú leis an gcomhshocrú agus é a chur i bhfeidhm ar bhealach daonnúil. Le linn na himeachta freisin, caitheadh súil níos géire ar an mbuansásra nua dlúthpháirtíochta, ar naisc níos dlúithe a chruthú idir nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh, ar dhálaí glactha leormhaithe a áirithiú agus ar an bPlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027.

Agus í ag cur tús leis an seisiún oscailte, dúirt an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile atá ag dul as oifig, Ylva Johansson, gur dhíol sásaimh di deis labhartha a bheith aici ag an bhFóram Eorpach um Imirce mar cheann de na dualgais phoiblí dheireanacha a bheadh uirthi ina cáil mar Choimisinéir. Dúirt sí gur ardán ríthábhachtach é an Fóram sin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do Bhallstáit an Aontais agus do lucht déanta beartas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le bainistiú imirce agus chun na deiseanna lena mbaineann a thapú freisin. Foinse inspioráide a bhí sna díospóireachtaí ar fad thar na blianta, a dúirt sí. Dúirt sí freisin gur féidir linn, i dteannta a chéile, pobail níos láidre agus níos athléimní a thógáil, seasamh lenár luachanna agus a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de dhídean agus deiseanna a chur ar fáil do dhaoine.

Ghabh Uachtarán CESE, Oliver Röpke, buíochas leis an gCoimisinéir Johansson as a tiomantas chun beartas imirce an Aontais a athchóiriú. Dúirt seisean nach mór dúinn a áirithiú go ndéanfar an comhshocrú maidir le himirce a chur chun feidhme ar an mbealach is daonnúla agus is inbhuanaithe is féidir agus gurb é an t-aon bhealach ar féidir an méid sin a dhéanamh ná trí éisteacht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an láthair. Chuir sé ina luí gaidhte gur tús maith a bhí i nglacadh an chomhshocraithe ach gur fada an bealach atá romhainn fós agus formhór na hoibre fós le déanamh.

Bunaíodh an Fóram Eorpach um Imirce in 2015 mar ardán don idirphlé idir an tsochaí shibhialta, na hinstitiúidí agus na húdaráis faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an imirce agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Tagann siad le chéile uair sa bhliain chun na forbairtí beartais is déanaí a phlé agus chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú maidir leis an gcaoi a gcuirtear beartais Eorpacha chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an phobail.

Gach bliain, dírítear san fhóram ar théamaí éagsúla, a roghnaítear ar bhonn an ionchuir a chuireann eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fáil le linn próisis chomhairliúcháin a dhéantar sna míonna roimh an imeacht. Go dtí seo, rinneadh plé ar bhealaí sábháilte imirce, ar rochtain imirceach ar chearta agus seirbhísí agus ar an Aontas, ar mhargadh saothair na hEorpa atá níos cuimsithí d’imircigh, ar an ról atá ag daoine óga agus ar ábhair eile nach iad.

Tá tuairimí tábhachtacha glactha cheana féin ag CESE maidir le mórthéamaí a bhaineann leis an imirce agus an tearmann, lena n-áirítear na tuairimí seo a leanas: An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, An rialachán maidir le tearmann agus imirce, Pacáiste an Aontais Slándála/Pacáiste Schengen, agus Plean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtiú agus Cuimsiú 2021-2027. Bhunaigh CESE an Buanghrúpa um Inimirce agus Lánpháirtíocht in 2009 freisin, rud a chabhraíonn le léiriú soiléir a thabhairt ar ról CESE mar éascaitheoir idir an tsochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais maidir le saincheisteanna imirce, agus iarracht á déanamh san am céanna forbairt comhbheartais Eorpaigh maidir le hinimirce agus lánpháirtiú a chur chun cinn. (lm)