European Economic
and Social Committee
Airgead a dheonú agus dídeanaithe a óstáil
Emilis Ruželė, comhalta de CESE, an Liotuáin
Cheana féin ag tús mhí an Mhárta, bhí os cionn EUR 12 mhilliún bronnta ag muintir na Liotuáine. Thug m’eagraíocht féin, Investors’ Forum, EUR 1000 agus thug ár mballeagraíochtaí breis agus EUR 300 000 d’eagraíochtaí éagsúla a bhí ag cabhrú leis an Úcráin.
Tá eagraíocht dheonach, Stiprūs Kartu (Níos láidre le chéile), ag cabhrú le hiompar, lóistín agus acmhainní eile a aimsiú do dhídeanaithe ón Úcráin. Chláraigh m’eagraíocht, Investors’ Forum, leath dár n‑oifig i Vilnias leis an gcóras agus táimid réidh le teaghlach dídeanaithe a óstáil ann. Chláraigh mé seomra i m’árasán féin freisin chun glacadh le dídeanaithe.
Ar deireadh, bíonn slua daoine i Vilnias ag agóidíocht taobh le hAmbasáid na Rúise gach lá.