Sheol Oogvereniging (Cumann Súl na hÍsiltíre), le cabhair ó líonra Aontas na nDall san Eoraip (EBU), an tionscnamh ‘Sport Accessibility’ a fhéachann le réitigh phraiticiúla a mholadh maidir le deireadh a chur le bacainní a fhágann nach féidir le daoine dalla agus leathdhalla páirt a ghlacadh i gclubanna agus i gcumainn spóirt san Aontas Eorpach. Rinne an gníomhaí ar son cearta daoine faoi mhíchumas atá ina oibrí deonach in Oogvereniging agus in EBU, Peter van Bleijswijk, cur síos dúinn ar an gcomhthionscadal ceannródaíoch seo a réitíonn an bealach le haghaidh earnáil spóirt atá cuimsitheach dáiríre san Eoraip. Is féidir cabhrú leis an tionscadal trí fhreagra a thabhairt ar an suirbhé faoin teacht a bhíonn ag daoine a bhfuil lagú radhairc orthu ar ghníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire i do réigiúnsa.

Le Peter van Bleijswijk

D’fhonn an chuimsitheacht sa spórt a chur chun cinn, tá tionscnamh ceannródaíoch seolta san Ísiltír – ‘Sport Accessibility’ – ina ndírítear ar na dúshláin uathúla a bhíonn le sárú ag daoine dalla agus leathdhalla. Is éard atá i gceist leis an tionscadal sin deireadh a chur leis na bacainní a fhágann nach féidir le daoine a bhfuil lagú radhairc orthu páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt agus coirp i gclubanna agus i gcumainn spóirt.

Tá an tionscadal bunaithe ar thuiscint dhomhain ar na constaicí a bhíonn roimh na daoine sin. Tar éis taighde fairsing agus tástálacha a dhéanamh, aithníodh go bhfuil 10 mbacainn mhóra ann, mar shampla an teacht a bhíonn ar chóitseáil shonrach agus ar cláir mheantóireachta, inrochtaineacht áiseanna spóirt agus fadhbanna iompair. Is minic a thugtar neamhaird ar na bacainní sin, ach is iad is cúis leis go mbíonn bac ar dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu leas a bhaint as an tairbhe atá sa spórt.

Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, tugadh isteach leis an tionscnamh an coincheap ‘Sport Proeftuinen’ nó ‘Saotharlanna Spóirt’. Is éard a dhéantar ná go mbunaítear na saotharlanna sin i gclubanna spóirt atá ann cheana nó go dtéitear i gcomhpháirtíocht le soláthraithe spóirt ar mhaithe le fíorthimpeallacht a chruthú chun réitigh fhéideartha a thástáil. Maidir le gach bacainn a aithníodh, moltar trí réiteach éagsúla a dhéantar a thástáil. Ina dhiaidh sin, déantar an réiteach is éifeachtaí a mhionchoigeartú agus a thástáil arís agus arís eile chun praiticiúlacht agus éifeachtúlacht an réitigh a chinntiú.

Cuirtear torthaí na dtástálacha sin i dtoll a chéile mar ‘Threoirphlean don Spórt Digiteach’, treoir chuimsitheach a chuirfear ar fáil do chlubanna spóirt, do sholáthraithe spóirt agus do bhardais. Tá sé i gceist go mbeidh an treoirphlean ina acmhainn lena bhféadfar feabhas a chur ar an inrochtaineacht agus ar an gcuimsitheacht sa spórt, trí réitigh phraiticiúla atá infheidhme i suíomhanna éagsúla a chur ar fáil.

Ní san Ísiltír amháin a bhainfear leas as an tionscadal, áfach. Rinne ‘Sport Accessibility’ teagmháil le comhpháirtithe éagsúla san Eoraip le déanaí, lena n-áirítear EBU, chun léargais agus dea-chleachtais a bhailiú ó thíortha éagsúla. Tá an-fháilte curtha roimh an tionscnamh, agus chuir a lán eagraíochtaí agus tíortha in iúl go bhfuil siad toilteanach páirt a ghlacadh ann. Féachann an comhar Eorpach seo leis an inrochtaineacht agus an chuimsitheacht sa spórt a fheabhsú ar scála níos leithne, le go bhféadfaidh daoine a bhfuil lagú radhairc orthu ar fud na hEorpa tairbhe a bhaint as an tionscnamh.

Is é cur chuige comhoibritheach an tionscnaimh an neart atá ann. Faigheann an tionscadal tacaíocht ó chomhghuaillíocht de rialtais áitiúla, Oogvereniging, the Knowledge Centre for Sport and Physical Activity, Cónaidhm na Lúthchleasaíochta san Ísiltír agus eagraíochtaí eile a oibríonn go dícheallach chun an chuimsitheacht a chur chun cinn. Trí na comhpháirtithe éagsúla sin a thabhairt le chéile, baintear leas as raon leathan saineolais agus acmhainní chun réitigh inbhuanaithe a bhfuil éifeacht leo a chruthú.

De réir mar a leanann an tionscadal de bheith ag bailiú nirt, tá ‘Sport Accessibility’ ag iarraidh go mbeadh institiúidí oideachais agus eagraíochtaí sláinte súl san Eoraip páirteach ann. Dar leis an bhfoireann gur céim thábhachtach é sin maidir le cultúr spóirt fíorchuimsitheach a chothú ar fud na hEorpa, le gur féidir le gach duine, gan beann ar a bhfad radhairc, páirt a ghlacadh sa spórt agus taitneamh a bhaint as.

Ní tionscadal tús agus deireadh scéil ‘Sport Accessibility’, áfach; is gluaiseacht atá ann ar mhaithe le saol níos fearr a chruthú le nach bhfágfar aon duine ar an taobhlíne. Trí chomhiarrachtaí na gcomhpháirtithe díograiseacha ar fud na hEorpa, tá an tionscnamh dírithe ar thionchar buan a imirt ar an inrochtaineacht sa spórt, rud a réiteoidh an bealach do thimpeallacht níos cuimsithí agus níos cothroime do chách.

Más spéis leat páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht chlaochlaitheach seo nó tuilleadh a fhoghlaim faoi, molann ‘Sport Accessibility’ duit do chuid féin a dhéanamh agus a chinntiú go mbeidh an deis ag gach duine taitneamh agus tairbhe a bhaint as an spórt. Is féidir cabhrú leis an tionscadal tríd an suirbhé faoin teacht a bhíonn ag daoine dalla agus leathdhalla ar ghníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire i do bhaile nó i do réigiún a líonadh isteach faoin 27 Meán Fómhair.

Iar-stiúrthóir nuálaíochta, bainistíochta saoráidí agus TFC agus bainisteoir in eagraíochtaí brabúis agus neamhbhrabúis araon é Peter van Bleijswijk, atá ag díriú le blianta beaga anuas ar an abhcóideacht ar son leasanna cliant. Tá sé an-tiomanta don chuimsitheacht agus d’fheabhas a chur ar an inrochtaineacht sa spórt do dhaoine dalla agus leathdhalla. Ina theannta sin, oibríonn sé go deonach in Oogvereniging agus in EBU agus tá sé páirteach sna meithleacha a bhíonn ag comhoibriú leis na rialtais áitiúla agus náisiúnta. Tá a chuid oibre fréamhaithe go domhain san iarracht an cháilíocht saoil a fheabhsú agus comhdheiseanna a chruthú do ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí.