European Economic
and Social Committee
CESE: an spórt a chur chun cinn mar bhealach dearfach chun tacú le luachanna an Aontais
Bhí CESE ar thús cadhnaíochta i gcónaí maidir leis an spórt a chur chun cinn mar bhealach dearfach chun luachanna sláintiúla a chothú i ngach cuid den tsochaí.
Sa tuairim ó CESE maidir leis an Spórt agus Luachanna Eorpacha a dhréachtaigh an comhalta Bernardo Hernández Bataller, tugadh le fios go gcuidíonn an spórt le cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach, go bhforbraíonn sé luachanna tábhachtacha oideachais agus cultúir, agus go gcuireann sé le himeascadh an duine sa tsochaí, ós rud é go bhfuil gach duine sa phobal in ann spórt a chleachtadh, gan beann ar inscne, cúlra eitneach, reiligiún, aois, náisiúntacht, aicme shóisialta nó gnéaschlaonadh. Tá ról lárnach ag an spórt mar uirlis chun dul i ngleic leis an éadulaingt, an tseineafóibe agus an ciníochas.
In 2022, ba ar an tuairim Gníomhaíocht an Aontais maidir leis an tréimhse tar éis COVID‑19: téarnamh níos fearr a bhaint amach a bhuí leis an spórt arbh é an comhalta Pietro Barbieri a dhréachtaigh í a dhírigh obair CESE i réimse an spóirt. I ngeall ar cé chomh fada agus a mhair an phaindéim, a raibh tionchar tromchúiseach aici ar earnáil iomlán an spóirt agus go háirithe ar chumainn spóirt áitiúla, d’áitigh an Coiste gur ghá cur chuige straitéiseach a thabhairt isteach maidir le ról an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a athbheochan agus a chur chun cinn chun sochaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil.
Leag CESE béim freisin i roinnt tuairimí uaidh ar a thiomanta atá sé don rothaíocht mar mhodh iompair sláintiúil atá neamhdhíobhálach don aeráid, e.g. Promotion of cross-border cycle transport agus Transport in urban and metropolitan areas. Ní raibh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil in CESE nuair a foilsíodh na tuairimí sin.
Sampla praiticiúil den tacaíocht a thugann CESE don rothaíocht is ea an foilseachán Léacsacan Rothaíochta na hEorpa (foilsíodh an t-eagrán is déanaí in 2023). Is éard a chnuasaítear ann stór focal a bhaineann leis an rothaíocht i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh; is úsáideach an foilseachán é do dhuine a bheadh ag iarraidh dul ag rothaíocht i dtír eile san Eoraip nó níos faide i gcéin.
Le blianta beaga anuas, d’eagraigh CESE imeachtaí éagsúla a bhaineann leis an rothaíocht nó thug sé tacaíocht dá leithéidí. I mí na Bealtaine 2024, ba é an comhalta Bruno Choix an príomhrothaí i dturas rothaíochta trasna na Fraince agus na Beilge, imeacht a eagraíodh chun na toghcháin Eorpacha a chur chun cinn agus daoine a spreagadh le dul amach ag vótáil. In 2019, mar chuid den Grand Départ de Bruxelles 2019 (1-7 Iúil 2019) de chuid an Tour de France, chuir CESE an rothaíocht chun cinn mar mhodh iompair glan agus mar chaitheamh aimsire coitianta. (mp)