Seimineár ‘Connecting EU’ CESE, lena dtugtar le chéile gairmithe cumarsáide ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta gach bliain, beidh sé ar siúl sa Bhruiséil an 17-18 Deireadh Fómhair 2024. Díreofar ann ar an iriseoireacht agus ar a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas agus ábharthacht na ceirde a chaomhnú i bhfianaise an bhrú atá ar na meáin atá ag dul in olcas agus theacht chun cinn tapa na hintleacht saorga giniúnaí. 

An teideal atá ar sheimineár na bliana seo ná ‘Dún an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’, agus reáchtálfar dhá sheisiún painéil agus seisiún líonraithe amháin mar chuid de:

  • An iriseoireacht fhreagrach i ré na hiarfhírinne: Tá caighdeáin an daonlathais ag dul go tóin poill ar fud an domhain agus tá dúshláin nua le sárú ag na hiriseoirí, cuir i gcás úsáid shleamhain na hintleachta saorga chun bréagnuacht a chur chun cinn. Lena chois sin, is ann do na fadhbanna seanbhunaithe i gcónaí, mar atá an easpa trédhearcachta maidir le húinéireacht na gcomhlachtaí meán nó ganntanas cistiúcháin. Céard is gá a dhéanamh chun an iriseoireacht a choinneáil ina bunchloch faoin daonlathas? An féidir an iriseoireacht fhreagrach a chleachtadh fiú, sa lá atá inniu ann? Ar na saolta seo, agus na comhlachtaí meán ag dul in iomaíocht leis an lucht tionchair agus na meáin shóisialta mar fhoinsí nuachta, an gá an iriseoireacht a athrú ó bhonn lena coinneáil ina hearra poiblí? An féidir go gcabhróidh an gníomh is déanaí ón Aontas leis an intleacht shaorga a chur chun tairbhe do shaoirse an phreasa? 
  • Obair a dhéanamh sa bhearna bhaoil: – An tuairisceoireacht iniúchta – lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais agus guth a thabhairt dóibh siúd ar mian leo mí-úsáid chumhachta nó stádais a chur in iúl, sin atá á dhéanamh ag an iriseoir iniúchta le fada an lá. Céard iad na dúshláin ar gá do na tuairisceoiri iniúchta dul i ngleic leo ar mhaithe leis an bhfírinne a nochtadh? Cén sórt cosanta ar a bhfuil teacht acu lena gcoimhéad féin ar bhagairtí? An féidir go mbronnfaidh an reachtaíocht Eorpach nua a thuilleadh saoirse agus cumhachta orthu? 
  • Ról an oifigigh preasa nó cumarsáide i ré seo Instagram, TikTok agus na hintleachta saorga – mar is féidir do theachtaireacht a chur in iúl (seisiún líonraithe agus ceardlanna) – Trí bhíthin an chuir i láthair agus na gceardlann praiticiúil, is é is aidhm don seisiún seo spléachadh a thabhairt ar an gcumarsáid a dhéantar sa ré nua seo le spriocghrúpaí éagsúla, an t-aos óg san áireamh. 

Deis a bheidh i seimineár ‘Connecting EU’ do ghairmithe preasa agus cumarsáide eagraíochtaí na sochaí sibhialta teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar na saincheisteanna a dhéanann difear dóibh féin agus don Eoraip. Tabharfar le chéile ann comhaltaí de CESE agus ionadaithe eile de chuid an Aontais, de chuid eagraíochtaí comhpháirtíochta na mBallstát, iriseoirí agus an lucht taighde, d’fhonn mórcheisteanna an lae a chíoradh. Beidh an clár iomlán agus liosta iomlán na gcainteoirí ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin CESE. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chur chuig pressofficers@eesc.europa.eu. (ll)