Ní íoctar beagnach leath na n-oiliúnaithe san Aontas Eorpach agus tá cuid mhaith díobh i mbun tréimhsí oiliúna 'bréagacha', is é sin le rá go n-úsáidtear iad mar lucht saothair ar bheagán costais ach gan rochtain acu ar chosaint shóisialta ná ar chearta eile. Cé gur díol sásaimh é an togra a tháinig ón gCoimisiún Eorpach le déanaí chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas, cáineadh é freisin ar an ábhar nár leor é. D’iarramar ar rapóirtéir na tuairime Treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna, Nicoletta Merlo, léamh CESE ar an togra ón gCoimisiún a roinnt linn mar aon le moltaí CESE faoi conas feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna agus an chaoi lena áirithiú go mbeidh rochtain ag cách orthu agus ní ag daoine óga amháin a bhfuil sé d’acmhainn acu iad a dhéanamh.