Dafni Peci, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine, a scríobh 

Ní hamháin san am atá le teacht ach san am i láthair freisin, is comhpháirtithe tábhachtacha iad na daoine óga. An treallús atá iontu, an tsamhlaíocht atá acu, agus a thiomanta a bhíonn siad do smaointe iontacha a thabhairt i gcrích, tá géarghá leis an méid sin má táthar chun an tsochaí a chur chun tosaigh. Déanann an teagmháil ghníomhach leis an óige luachanna an daonlathais, an dul chun cinn sóisialta agus an fás pearsanta a chur chun cinn. Tugann sí an-léargas do lucht déanta na gcinntí ar na fadhbanna ar ghá aghaidh a thabhairt orthu. 

Tá an-fhonn ar dhaoine óga na hAlbáine an tír a lánpháirtiú san Aontas, ach ní chuirtear leis an bhfonn sin faisnéis ná eolas cuí ná bealach chun páirt a ghlacadh sa phróiseas. 

D’fhéadfadh sé dul go mór chun tairbhe don Albáin a chur ar chumas na hóige páirt fhóinteach a ghlacadh sna cláir agus na tionscadail ábhartha. Chabhródh sé sin leis na hAlbánaigh óga a bhfuil ag teastáil uathu agus na rudaí is mó tábhacht dóibh a chur in iúl agus beart a dhéanamh chun na hathruithe ba mhian leo a dhéanamh. 

Sa teagmháil leanúnach a dhéanann Comhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine leis an dream óg, díríodh go mór mór go dtí seo ar an bhfeasacht a mhúscailt faoin méid a athraíodh sa tsochaí a bhuí le gníomhaíochas na sochaí sibhialta agus rannpháirt na hóige. Má táthar chun cur le rannpháirt na ndaoine óga i bpróiseas lánpháirtiú na hAlbáine san Aontas, ní mór dianmhachnamh a dhéanamh ar ar foghlaimíodh san am atá thart, is é sin gur gá comhpháirtíochtaí láidre a thógáil a thugann tús áite don óige, gur gá acmhainn mhór na hóige a aithint agus infheistíocht a dhéanamh inti, agus an cur le chéile a chothú idir na geallsealbhóirí ábhartha go léir. Tá an méid sin ríthábhachtach, dar liom féin. 

Dul i gcomhar leis an dream óg agus an tsochaí shibhialta d’fhonn próiseas lánpháirtithe an Aontais a chur chun tosaigh san Albáin

Ní hamháin gurb iad ár bpríomhfhoinse dhóchais iad, is iad na daoine óga is mó is sochair leis an athrú agus le brú chun tosaigh na hAlbáine, i dtreo todhchaí gheal amach anseo mar aon leis an lá inniu is fearr is féidir. Tá idir an chrógacht, na hidéil agus an neart tola acu a theastaíonn chun na coincheapa is mó dúshláin, fiú, a thabhairt i gcrích. Na déagóirí a ghlacann páirt ghníomhach sa tsochaí, ní hamháin go gcuirean siad lena bhforbairt phearsanta agus lena scileanna sóisialta féin ach is daonlathaí an tsochaí dá mbarr agus is iontach fóinteach an dearcadh a thugann siad do lucht déanta na gcinntí ar réimse saincheisteanna agus nósanna is gá a réiteach. Má thugtar cumhacht don aos óg agus an deis páirt fhóinteach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus cláir a thugann aghaidh ar a bhfuil ag teastáil uathu agus ar na cuspóirí atá acu, rachaidh sé go mór chun tairbhe don Albáin. 

Ní hamháin gur ceann de bhunchearta an duine í an rannpháirtíocht ach is bealach praiticiúil í freisin chun an tsaoránacht ghníomhach don uile dhuine a chur chun cinn. Cé gur codanna riachtanacha den rannpháirtíocht sa daonlathas iad an vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin, is mó ná sin a bhíonn i gceist le rannpháirtíocht na n-óg sa saol laethúil. I measc réamhriachtanais na saoránachta gníomhaí, tá an ceart agus na deiseanna páirt a ghlacadh sa tsochaí ach, de bhreis air sin, tá na hacmhainní, an spás, na huirlisí, agus, nuair is gá, an tacaíocht airgeadais a theastaíonn chun tionchar a imirt ar dhéanamh na gcinntí agus páirt a ghlacadh i mbearta agus gníomhaíochtaí a chuireann leis an tsochaí, a chothaíonn í agus a dhéanann níos athléimní í. 

Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach líonraí na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta a leathnú amach d’fhonn spásanna breise a chur ar fáil chun daoine óga a dhéanamh rannpháirteach agus cumhacht a thabhairt dóibh. Beidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta in ann teacht ar an gcleachtas is fearr, foghlaim óna chéile, eolas a roinnt agus smaointe nua a cheapadh ach obair a dhéanamh i gcomhar, líonraí a thógáil, agus cur le chéile a chothú. Lena chois sin, cuirfidh sé sin ar a gcumas leas a bhaint as cistiúchán breise san obair i gcomhar agus beartais agus cláir a chomhordú. Cuirtear le cumhacht na ndaoine óga trí bhíthin obair na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta, rud a chuireann le hionadaíocht agus rannpháirtíocht ghrúpaí na hóige sa tsochaí. 

Ionas go mbeifear in ann cumas agus nuálaíocht na ndaoine óga a chur chun tairbhe do shochaí na hAlbáine tríd an mbealach a réiteach don fhás sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch, tá súil agam go gcuirfear an leathnú sin i gcrích agus go gcuirfidh sé sin borradh faoi ghníomhaíochas na hóige agus na sochaí sibhialta. 

Tá neart oibre gan déanamh fós má táthar chun cur le rannpháirtíocht, ionadaíocht, agus ceannaireacht ghníomhach fhóinteach na ndaoine óga sa tsochaí. Mar chuid den obair sin, ba cheart spásanna a chruthú do na daoine óga agus a chur chun cinn dóibh inar féidir leo teacht ar fhaisnéis agus ar dheiseanna plé a dhéanamh agus eolas a roinnt le daoine eile dá n-aoisghrúpa, geallsealbhóirí eile, agus lucht déanta na gcinntí.