Tá tábhacht lenár vóta!

A léitheoirí dile,

Tá dúshlán ár ndaonlathais á thabhairt ag tosca éagsúla atá ag dul i bhfeidhm ar an Eoraip ó chuir an Rúis cogadh ionsaitheach ar an Úcráin, agus tá impleachtaí tromchúiseacha sóisialta, polaitiúla agus airgeadais aige sin do gach Ballstát agus don Aontas féin. Mar sin féin, chreid mé i gcónaí go seasann muintir na hEorpa gualainn ar ghualainn nuair a bhíonn an saol ag éirí crua, iad meáite ar an mbealach chun cinn a réiteach agus an Eoraip atá uathu a mhúnlú dóibh féin agus don chéad ghlúin eile. Is féidir sin a dhéanamh trí vóta a chaitheamh ar son cheannairí nua na hEorpa.

Ós rud é go mbeidh tionchar mór ag na toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin ar an treo a rachaidh an tAontas sna cúig bliana amach romhainn, shínigh CESE agus Parlaimint na hEorpa Meabhrán Tuisceana maidir le Comhar eatarthu mar chuid den ullmhúchán le haghaidh na dtoghchán Eorpach a bhfuil súil lena reáchtáil an 6‑9 Meitheamh 2024.

Is é a tharlaíonn de ghnáth go mbíonn an ráta vótála sna toghcháin Eorpacha níos ísle ná mar a bhíonn sé sna toghcháin náisiúnta. Ar an gcúis sin, déanfaidh CESE a mhíle dícheall maidir le heolas a scaipeadh faoi na toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin. Spreagfaimid an gréasán fairsing de 90 milliún duine atá againn, idir fhostóirí, oibrithe agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, chun cabhrú le méadú a chur ar an líon daoine a rachaidh amach ag vótáil.

Cuireadh roinnt beart i bhfeidhm cheana féin. Ar an gcéad bheart bhí Seachtain na Sochaí Sibhialta a tionóladh an 4-7 Márta 2024, inar tháinig os cionn 800 ionadaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó ghrúpaí óige le chéile chun na toghcháin agus todhchaí an Aontais a phlé.

Glacadh Rún le linn sheisiún iomlánach mhí an Mhárta, inar iarr CESE ar na saoránaigh dul amach agus vóta a chaitheamh. Chruthaíomar leathanach gréasáin ar leith faoin mana #USEYOURVOTE chun ardán a thabhairt do ghníomhaíochtaí, imeachtaí agus tionscnaimh chomhaltaí agus fhoireann CESE. Beidh an-tábhacht ina leith sin le gníomhaíochtaí áitiúla na gcomhaltaí!

An 4 Bealtaine, eagróidh institiúidí uile an Aontais lá oscailte don phobal chun an rannpháirtíocht dhaonlathach sna toghcháin a cheiliúradh trí chomóradh a dhéanamh ar shíniú Dhearbhú Schuman. An 26 Bealtaine, glacfaidh ár bhfoireann dhíograiseach ‘Run For Europe’ páirt i rás 20K na Bruiséile chun an feachtas ‘Use your Vote’ a chur chun cinn. Dá mhéad daoine a chaithfidh vóta, is láidre an daonlathas a bheidh ann. Dá mhéad daoine a chaithfidh vóta, is dlisteanaí a bheidh na cinntí a dhéanfar. An babhta seo, ní mór do na saoránaigh, daoine óga go háirithe, dul amach agus vóta a chaitheamh. Gan ach an méid sin a dhéanamh, is féidir difríocht a dhéanamh agus dreach a mbeidh muintir na hEorpa bródúil as a chur ar an Eoraip.

Toisc go bhfuil an tsochaí shibhialta le leas ginearálta mhuintir na hEorpa, is féidir léi ról tábhachtach a imirt san fheachtas sin, go háirithe a fhad a bhaineann sé le feasacht a mhúscailt faoi thábhacht na dtoghchán agus daoine a spreagadh le vóta a chaitheamh.

Oibrímis le chéile, déanaimis teagmháil leis na saoránaigh agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar gach leibhéal – Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach –, bíodh plé dáiríre againn leo, éistimis lena dtuairimí agus cuirimis in iúl dár gceannairí polaitiúla cad é go díreach atá eagraíochtaí éagsúla na milliún saoránach a ndéanaimid ionadaíocht orthu ag súil leis ó na Feisirí Eorpacha nua agus ón gCoimisiún nua sna cúig bliana amach romhainn.

Tá tábhacht lenár vóta! #USEYOURVOTE

Is mise le meas,

Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid