European Economic
and Social Committee
Ceiliúraimis an Eoraip agus an daonlathas!
Bí linn ar Lá Oscailte CESE an 4 Bealtaine!
Dé Sathairn, an 4 Bealtaine 2024, sin an lá a osclóidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a dhoirse do Lá Oscailte idirinstitiúideach bliantúil an Aontais Eorpaigh. Ceiliúrfaimid daonlathas na hEorpa agus díreoimid ar na toghcháin Eorpacha a reáchtálfar i mí an Mheithimh. Deis atá ann foghlaim faoin Aontas Eorpach, dul i dteagmháil leis an tsochaí shibhialta agus a fháil amach conas is féidir do ghuth agus do vóta a úsáid chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú.
Cén fáth ar cheart duit cuairt a thabhairt ar Lá Oscailte CESE?
- Foirgneamh Jacques Delors: beidh deis agat féachaint thart ar fhoirgneamh aitheanta CESE ar Rue Belliard, croílár na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip. Gheobhaidh tú amach conas a chuireann ionadaithe ó eagraíochtaí fostóirí, oibrithe, gníomhaithe comhshaoil, tomhaltóirí agus eile le próiseas ceaptha beartais an Aontais.
- Foghlaim idirghníomhach: beidh tú in ann páirt a ghlacadh i bpléití bríomhara le comhaltaí CESE maidir le hábhair atá tábhachtach agat. Foghlaimeoidh tú conas a mhúnlaíonn an t-idirphlé sóisialta reachtaíocht an Aontais agus cén chaoi ar féidir do bharúil a chur in iúl.
- Gníomhaíochtaí do gach aois: bainfidh tú sult as atmaisféar bríomhar, as ceol beo den chéad scoth agus as cluichí idirghníomhacha a thástálfaidh an t-eolas atá agat ar an Aontas, agus beidh péinteáil éadan ar fáil do pháistí. Beidh deis agat cuimhneachán nó scigphictiúr a thabhairt abhaile leat, maille le grianghraf ón mboth grianghraf.
- Dianphlé: gheobhaidh tú dearcadh an duine a bhfuil an cos istigh aige/aici ar ról CESE maidir le hEoraip inbhuanaithe, rathúil agus chuimsitheach a mhúnlú don uile dhuine. Beidh an deis agat páirt a ghlacadh i bplé tapa spriocdhírithe le comhaltaí CESE maidir le hábhair faoi leith is cás leatsa. Deis uathúil a bheidh ann léargas luachmhar a fháil i gcroílár phróiseas ceaptha beartais an Aontais.
- Cumhacht na sochaí sibhialta: foghlaimeoidh tú faoin gcaoi a n-oibríonn CESE chun an bhearna idir na saoránaigh agus an tAontas a dhúnadh. Feicfidh tú conas a thagann guthanna éagsúla le chéile chun tacú leis an gceartas sóisialta, le cosaint an chomhshaoil agus i bhfad eile ar son Aontas Eorpach níos láidre a bhaint amach.
Céiliúradh dhá roth!
Agus murar leor an méid sin, beidh grúpa rothaithe ag teacht chuig CESE an 4 Bealtaine freisin! Tá 500 km á rothaíocht ag cuid de chomhaltaí tiomnaithe CESE agus daoine aonair eile ón bhFrainc go dtí an Bhruiséil chun feasacht a mhúscailt faoi na toghcháin Eorpacha. Bí linn ag spreagadh iad agus iad ag teacht chuig CESE agus foghlaim tuilleadh faoin misean spreagúil atá acu, faoina n-aistear agus faoi na dúshláin rompu ar an mbealach chugainn.
Eispéireas seachas cuairt atá ann
Is deis é Lá Oscailte CESE chun teagmháil a dhéanamh leis an Eoraip, an daonlathas a cheiliúradh agus eolas a chur ar chumhacht na sochaí sibhialta. Is cuma más duine thú a bhfuil spéis aige nó aici san Aontas Eorpach, más sceipteach thú nó más duine nua fiosrach thú, beidh rud éigin ar fáil do chách. Tar isteach chugainn agus foghlaim i gcroílár dhaonlathas na hEorpa.
Fan i dteagmháil linn más mian leat tuilleadh sonraí a fháil
Ní gá clárú roimh ré. Beidh tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí ar leith á roinnt againn, maille le buaicphointí spreagúla, sna seachtainí amach romhainn. Más mian leat an t-eolas is déanaí a fháil, is féidir sinn a leanúint ar na meáin shóisialta agus dul chuig ár suíomh gréasáin (www.eesc.europa.eu/openday).
Ná caill an deis uathúil seo taithí phearsanta a fháil ar an Aontas Eorpach! (cg)
#EuropeDay #UseYourVote