European Economic
and Social Committee
99 ndalta ag teacht le chéile chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht
Sna míonna amach romhainn, beidh daltaí ó mheánscoileanna ar fud na hEorpa réidh le seisiún tobsmaointeoireachta a bheith acu maidir leis an gcaoi is fearr le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis san Eoraip. I mí an Mhárta, roghnóidh siad na smaointe is coitianta le cur i láthair cheannairí an Aontais.
‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’ is teideal d’ócáid shuaitheanta CESE don aos óg ‘Leatsa an Eoraip, Abair leat!’ (YEYS) den 13ú bliain as déis a chéile.
Rinne 561 mheánscoil ó 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh agus ó na 5 thír is iarrthóirí (an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc) iarratas ar pháirt a ghlacadh in YEYS 2022. Tháinig deireadh leis an gclárú ar an 2 Nollaig 2021. Roghnaíodh na scoileanna rannpháirteacha, scoil amháin ó gach tír, trí chrannchur an 9 Nollaig 2021. Tá liosta na scoileanna a roghnaíodh don tionscnamh le fáil anseo.
Beidh na seisiúin díospóireachta ar siúl go cianda an 31 Márta agus an 1Aibreán 2022. Tá CESE tosaithe cheana féin leis na hullmhúcháin chun fáilte a chur roimh gach duine de na 99 ndalta agus na múinteoirí a bheidh mar mheantóirí acu.
Faoi lár mhí Eanáir 2022, beidh comhaltaí CESE, ag gníomhú dóibh mar mheantóirí, tosaithe le cuairt a thabhairt ar na scoileanna a roghnaíodh chun cabhrú leis na daltaí ullmhú do na príomhsheisiúin.
Tá an ócáid ceaptha feasacht a ardú maidir le contúirtí na bréagaisnéise agus spreagadh a thabhairt don aos óg a bheith níos gníomhaí maidir le dul i ngleic leis an mbréagnuacht.
Sainaithníodh YEYS2022 mar cheann de phríomhimeachtaí Bhliain Eorpach na hÓige 2022. (ck)