The EESC issues between 160 and 190 opinions, evaluation and information reports a year.
It also organises several annual initiatives and events with a focus on civil society and citizens’ participation such as the Civil Society Prize, the Civil Society Days, the Your Europe, Your Say youth plenary and the ECI Day.
Here you can find news and information about the EESC'swork, including its social media accounts, the EESC Info newsletter, photo galleries and videos.
The EESC brings together representatives from all areas of organised civil society, who give their independent advice on EU policies and legislation. The EESC's326 Members are organised into three groups: Employers, Workers and Various Interests.
The EESC has six sections, specialising in concrete topics of relevance to the citizens of the European Union, ranging from social to economic affairs, energy, environment, external relations or the internal market.
An 20 Meán Fómhair, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (ECOSOCC) dearbhú comhpháirteach i láthair ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí i Nua-Eabhrac. Leagtar béim ann ar an ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
An 20 Meán Fómhair, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (ECOSOCC) dearbhú comhpháirteach i láthair ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí i Nua-Eabhrac. Leagtar béim ann ar an ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
Leagtar amach sa dearbhú, faoi chuimsiú an Mheabhráin Tuisceana idir CESE agus ECOSOCC, fís chomhroinnte le haghaidh domhan níos córa, níos cuimsithí agus níos cothroime. Is é is aidhm don chomhpháirtíocht idir CESE agus ECOSOCC comhghuaillíochtaí agus tionscnaimh nua a spreagadh.
Bhí an méid a leanas le rá ag Uachtarán Röpke: ‘Ní fuighle fáis atá sa dearbhú seo. Tiomantas láidir atá ann dár gcomhluachanna, mar atá, an daonlathas, an chuimsitheacht agus an inbhuanaitheacht. Agus dúshláin phráinneacha dhomhanda ag bagairt orainn, tá iltaobhachas níos láidre de dhíth agus an tsochaí shibhialta ina chroílár de’.
Leagtar béim sa dearbhú comhpháirteach ar an méid a leanas:
Ní mór dlús a chur leis an dul chun cinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) agus straitéis chuimsitheach a chur le chéile chun na SFInna a chur chun cinn.
Is gá aistriú cothrom a dhéanamh i dtreo na haeráidneodrachta agus cuirtear i bhfáth a thábhachtaí atá sé obair chuibhiúil a chinntiú agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht san aistriú chuig geilleagair aeráidneodracha san am céanna.
Ní foláir athchóiriú airgeadais domhanda a dhéanamh sa chóras airgeadais domhanda chun tacaíocht níos fearr a thabhairt don fhorbairt inbhuanaithe, go háirithe i dtíortha leochaileacha.
Ba chóir beartais inscne-fhreagrúla a cheapadh lena n-iarrfar beartais inscne-chuimsitheacha i gcláir um ghníomhú ar son na haeráide agus um fhorbairt.
Ní mór ról lárnach a bheith ag an tsochaí shibhialta maidir leis an rialachas domhanda a athchóiriú, lena n-áirítear comhlachtaí cinnteoireachta na Náisiún Aontaithe a athchóiriú.
Is gá daoine óga a mhealladh agus an nuálaíocht dhigiteach a chothú más uainn an rialachas domhanda a spreagadh amach anseo.
Cuireadh comhpháirtíocht CESE agus ECOSOCC ar bhonn foirmiúil nuair a síníodh Meabhrán Tuisceana an 17 Iúil 2024 in Accra, Gána. Leis an Meabhrán Tuisceana sin, neartaítear an comhar i bpríomhréimsí amhail an fhorbairt inbhuanaithe, an gníomhú ar son na haeráide agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta. Leagtar amach ann gníomhaíochtaí, lena n-áirítear cruinnithe rialta, rannchuidiú comhpháirteach le cruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach agus buansásra rannpháirtíochta don tsochaí shibhialta.
Is léiriú é an comhar sin ar thiomantas an dá institiúid SFInna na Náisiún Aontaithe agus rialachas cuimsitheach a chur chun cinn. Agus an Meabhrán Tuisceana dírithe ar ról na sochaí sibhialta sa chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach a fheabhsú, leagtar béim ann ar an ngá atá le réitigh chomhpháirteacha ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus an athléimneacht dhaonlathach.
Tá sé d’aidhm ag CESE agus ECOSOCC an tsochaí shibhialta ar fud na hAfraice a chumhachtú. (at)