Cabhair dhaonnúil tugtha ag comhaltaí de CESE don Úcráin

arna scríobh ag Marcin Nowacki, comhalta de CESE, an Pholainn

An 8 Márta 2022, d’eagraigh eagraíocht sa Pholainn (ZPP) lena mbainim i gcomhar le Fondúireacht Kulski (a bhfuil baint ag Małgorzata Bogusz, comhalta eile de CESE, leis) conbhua daonnúil beag gasta.

Ba é an dara turas a tugadh an tseachtain sin féin é. Chuaigh mé go Lviv na hÚcráine le Małgorzata Bogusz agus Tom Palmer, Leas-Uachtarán Líonra Atlas, ó na Stáit Aontaithe. Ba é an cuspóir a bhí leis an turas cógais agus ábhair leighis agus sláinteachais a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine. Agus lán dhá bhus de sholáthairtí againn, bhaineamar amach an pointe cruinnithe a chuir ár gcomhghleacaithe Úcránacha in iúl dúinn. Is ansin a dhéantar na táirgí a phacáil agus a dháileadh ar na háiteanna is mó riachtanas.

Bhí scuaine fhada shíoraí de ghluaisteáin agus busanna romhainn feadh na teorann idir an Pholainn agus an Úcráin, agus iad ag déanamh a slí i dtreo na Polainne. Ar an drochuair, níl aon lagú ag dul ar an ngá atá le sibhialtaigh a aistriú amach; a mhalairt sin, is amhlaidh atá fás seasta faoin ráta aslonnaithe. Faoin 10 Márta 2022, bhí an Pholainn tar éis fáilte a chur roimh bhreis agus 1.5 milliún Úcránach cheana féin.

Ar an mbealach dúinn go Lviv ghabhamar thar roinnt seicphointí. An ceann is mó orthu, bhí sé daingnithe ag an arm agus suite ag an mbealach isteach go dtí an chathair. Áit ghriothalánach is ea Lviv agus é beo le daoine. Bhí na céadta míle duine sa chathair sa bhreis ar an méid a bheadh ann de ghnáth. Ionad aistrithe agus lóistíochta is ea Lviv faoi láthair atá ag fóirithint ar lár agus ar oirthear na hÚcráine. Ar imeallbhoird na cathrach, bhuaileamar lenár dtreoraí, a thug sinn amach go dtí an t-ionad lóistíochta. Bhí foireann daoine ag fanacht ann agus chrom siad láithreach bonn ar na soláthairtí a dhíluchtú. Rinneadh na táirgí go léir a shortáil agus a chlárú go cáiréiseach. B’éifeachtach agus b’éachtach mar a rinneadh an próiseas a bhainistiú, agus tar éis dúinn ár gcuid oibre a chríochnú, bhí uain againn ar thuairimí a mhalartú le chéile faoi chúrsaí mar a bhí sa tír i láthair na huaire sin agus faoi na nithe atá de dhíth go dóite ar mhuintir na hÚcráine. Tá a ndoirse ar leathadh ag muintir Lviv agus cóiríocht, bia agus modhanna iompair á gcur ar fáil acu do dhídeanaithe ó limistéir atá faoi ionsaí ag an Rúis.

Le linn dom a bheith ann, chuir ár gcomhghleacaithe san Úcráin in iúl dúinn na moltaí agus na riachtanais is mó atá acu. D’oibríomar as lámh a chéile gach lá agus is mór an onóir liom é a dteachtaireacht a chur in iúl thar a gceann. Baineann na moltaí agus na riachtanais atá acu le trí réimse bhunúsacha: an réimse polaitiúil, an réimse míleata agus an réimse sibhialta. Seo a leanas na cinn is práinní díobh:

  • Cúnamh airgeadais agus soláthairtí trealaimh mhíleata a chur ar fáil, ar cúram é a thiteann ó cheart ar rialtais agus ar chuideachtaí móra.
  • Brú agus smachtbhannaí cuimsitheacha a chur ar an Rúis agus ar an mBealarúis nach féidir éalú uathu. Beimidne caillteach leis na bearta seo freisin agus ní mór dúinn glacadh leis sin. Is lánmhithid dúinn ár mbeartas fuinnimh a leagan amach as an nua.

Faoi na rialtais náisiúnta, faoi eagraíochtaí na bhfostóirí agus na n-oibrithe agus faoin tsochaí shibhialta ina hiomláine atá sé a gcion féin a dhéanamh chun na bearta nithiúla riachtanacha sin a chur i gcrích:

  • Tacaíocht a thabhairt i bhfoirm soláthairtí táirgí leighis.
  • Soláthairtí riachtanacha eile a chur ar fáil de réir a bhfuil sonraithe ag ár gcomhpháirtithe.
  • Tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a aistríodh. Ar ár mbealach abhaile ón Úcráin, bhí sé d’onóir againn daoine a bhí ag teitheadh as an tír a thabhairt linn. Rogha eile atá ann ná tacaíocht a chur ar fáil cois teorann agus cuidiú le daoine a slí a dhéanamh as sin.
  • Fáilte a chur roimh theaghlaigh a thagann go dtí na Ballstáit agus cóir a chur orthu. Tá tíortha an réigiúin seo ag brath orainne chun áiteanna a chur ar fáil inar féidir le dídeanaithe fanacht, cuir i gcás i seomraí spártha inár dtithe nó inár n-árasáin fholmha. Maidir leis an bPolainn, tá fáilte curtha aici roimh os cionn 2.8 milliún dídeanaí cogaidh cheana féin.
  • Simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas faoina ndéantar poist a chuardach dóibh siúd ar féidir leo obair a dhéanamh agus a bhfuil fonn oibre orthu.

Ba mhaith liom treise a chur air gur géarchéim nach bhfacthas a leithéid cheana i stair nua-aimseartha na hEorpa í géarchéim leanúnach na ndídeanaithe. Ionas go mbeifear in ann dul i ngleic léi, ní mór ról a thabhairt don tsochaí shibhialta sna Ballstáit uile.