European Economic
and Social Committee
Breadcrumb
- Home
- Current: Ní mór don tsochaí shibhialta breith ar an bhfaill atá ann chun bealaí nua a thriail le gaois agus le géire.
Ní mór don tsochaí shibhialta breith ar an bhfaill atá ann chun bealaí nua a thriail le gaois agus le géire.
Ní mór don tsochaí shibhialta breith ar an bhfaill atá ann chun bealaí nua a thriail le gaois agus le géire.
Is de dhlúth agus d’inneach na ré seo na claochluithe brostaithe éagsúla atá ag titim amach lena linn agus is léir dúinn a leochailí atá ár gcórais daonlathais, ár sochaithe agus ár bpláinéad.
Nuair a chuaigh mé i gceann oifige mar Uachtarán i mí Aibreáin 2018, is éard a bhí á thaibhreamh dom an uair sin ná go raibh orainn spiorad daonnach na hAthbheochana a aimsiú athuair chun dlús a chur lenár n-aistear ar an mbealach chuig Eoraip inbhuanaithe. I bhfianaise an vóta a caitheadh sa Ríocht Aontaithe ar son Brexit agus i ngeall ar na toghcháin Eorpacha a bhí romhainn amach, ba léir dom go raibh ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta chun an geilleagar a threorú i leith samhlacha níos inbhuanaithe agus níos cliste.
Agus deireadh ag teacht le mo théarma oifige an mhí seo, is féidir liom a rá gur léiríodh dúinn i ndáiríre a mhéid teacht aniar atá san Eoraip. Buadh ar na náisiúnaithe agus ar lucht an eoraisceipteachais i dtoghcháin an Aontais agus bhuail paindéim COVID-19 buille doshéanta ar a n-insint bhréige. Rinne an tAontas Eorpach bearta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus i gcás nithe a raibh sé de gheasa orainn gan baint leo roimhe sin, táimid tagtha ar athintinn fúthu le cúpla mí anuas óir is tábhachtaí ár saoránaigh agus ár bpobail a chosaint agus infheistiú a dhéanamh i straitéis láidir don todhchaí, rud a rinneamar le comhthoil nach bhfacthas roimhe sin ach oiread.
Murab ionann is riamh, is cinnte liom inniu gur bunchlocha de chuid na hAthbheochana atá le déanamh ar an Eoraip is ea na trí thosaíocht a chuir mé romham mar Uachtarán, mar atá an fhorbairt inbhuanaithe, an tsíocháin agus an cultúr.
Bíodh is gur gairm chun gnímh ar shlí a bhí sa phaindéim, bhí an t-athrú aeráide agus an adhaimsir le sonrú cheana féin le tamall roimhe sin. Deis ar leith atá i bplean téarnaimh an Aontais, a glacadh de thairbhe phaindéim COVID-19, chun tubaist ollmhór a sheachaint agus ceannaire domhanda i réimse na hinbhuanaitheachta a dhéanamh den Eoraip.
Tá deis ag an tsochaí shibhialta a bheith ar thús cadhnaíochta ina leith sin. Bhíomar ar an gcéad cheann d’institiúidí an Aontais a thug éisteacht do Greta Thunberg agus do na gníomhaithe aeráide óga a bhíonn i mbun agóidí sráide a reáchtáil agus iad ag achainí orainn cúrsaí a athrú láithreach bonn. Ba é CESE ba thúisce a chuir an geilleagar ciorclach agus samhlacha forbartha inbhuanaithe i bhfeidhm. Beidh ár dtoghlaigh, chomh maith leis na rialtais áitiúla, fós sa líne thosaigh ag iarraidh an plean téarnaimh a chur i bhfeidhm tar éis na paindéime agus iad a ar a ndícheall ag iarraidh an t-anord a sheachaint. Ní fada uainn anois an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus deis atá inti chun sinn a stiúradh i dtreo Eoraip nua i dteannta a chéile.
Dúirt Robert Schuman ina dhearbhú 70 bliain ó shin nach féidir an tsíocháin dhomhanda a chosaint gan iarrachtaí cruthaitheacha a dhéanamh atá inchurtha leis na contúirtí atá ag bagairt uirthi. Ní heol dúinn aon chríoch eile ar domhan ná aon ré eile sa stair inar mhair mná agus fir acu faoi shíocháin, faoi chobhsaíocht agus faoi rathúnas eacnamaíoch chomh fada sin; ná ní heol dúinn aon ré eile ina raibh oiread sin cinnteachta faoi shaoirsí agus cearta le sonrú agus atá i réim san Eoraip anois. Mar is eol dúinn uile, ní féidir linn ár maidí a ligean le sruth, áfach.
Tharla roinnt géarchéimeanna san am atá caite a chuir féachaint ar an Eoraip agus is amhlaidh sin don Eoraip níos mó ná riamh faoi láthair i ngeall ar an bpaindéim gan choinne seo nach bhfacthas a leithéid cheana. Ach táim cinnte de go bhfuil go leor fuinnimh agus cruthaitheachta againn a chuirfidh ar ár gcumas teacht slán, i dteannta a chéile, as seo athuair. Is mithid dúinn anois aghaidh a thabhairt ar an dúshlán.
Tá a ról féin le himirt ag Teach Ionadaithe na Sochaí Sibhialta Eorpaí, a cheiliúir 60 bliain ar an bhfód le déanaí, tráth atá acmhainneacht ann athuair chun díriú ar na nithe is tábhachtaí ar fad: a bheith sásta athruithe a dhéanamh agus bealaí a mholadh trínar féidir an Eoraip a thógáil "trí éachtaí nithiúla a chruthóidh dlúthpháirtíocht de facto ar dtús", mar a dúirt Schuman.
Tarlóidh an rEUnaissance seo ach fir agus mná a bheith sásta dul i bhfiontar na nuálaíochta, rún a gcroí a shamhlú, dul i mbun gnímh, dul san amhantar agus tuiscint choiteann ar an bhfreagracht a chothú, agus é de réasún iontu san am céanna bealaí nua a thriail le díograis, le gaois agus le géire.
Luca Jahier
Uachtarán CESE