Tá cur síos déanta ag Marcin Nowacki, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime Maoiniú na cosanta san Aontas Eorpach, ar mholtaí CESE maidir le conas slándáil an Aontais a neartú. Ós amhlaidh atá ag méadú ar a bhfuil de bhagairtí slándála ann agus ár gcomhghuaillíochtaí ina ngaineamh beo anois, tá CESE ag iarraidh ar an Aontas sásra cosanta aontaithe láidir a chur i bhfeidhm. Ní féidir don Eoraip feasta oiread céanna muiníne a chur i soláthraithe arm lasmuigh den Aontas Eorpach, faoi mar atá déanta aici go nuige seo. Rud eile de, ní leor tuilleadh airgid a chaitheamh, óir is fearr leas a bhaint as an mbuiséad atá againn ar shlí eagnaí agus éifeachtúil.