Beidh ról thar a bheith tábhachtach ag daoine óga san Albáin chun an tír a thabhairt níos gaire don Aontas. Mar sin féin, is minic nach mbíonn na hacmhainní cuí ag gabháil lena dtoilteanas a bheith ina ngníomhairí don athrú agus lena ndíograis don Aontas, rud a chuirfeadh ar a gcumas páirt fhóinteach a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail agus sa chinnteoireacht. Dar leis an aoi speisialta, Dafina Peci, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine, is é an rud atá ag teastáil anois go ndéanfaí na páirtithe leasmhara a chomhordú ar bhealach uilechuimsitheach chun díriú ar dhaoine óga. 

Ceapadh Dafina Peci ina stiúrthóir feidhmiúcháin ar Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine in 2016, tar éis di a bheith ina huachtarán ar feadh dhá bhliain as a chéile. Ó 2017 i leith, tá Dafina ag múineadh freisin sa Roinn Eolaíochtaí Polaitiúla in Ollscoil Thiorána. Bhí sí ina comhalta den mheitheal chun an Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige (RYCO) a bhunú, agus ina dhiaidh sin rinne sí ionadaíocht ar an Albáin ar Bhord Eolaire RYCO, chomh maith le bheith ina hionadaí óige ar an mBord Rialaithe. Tá céim bhaitsiléara aici sna hEolaíochtaí Polaitiúla agus sa Chaidreamh Idirnáisiúnta agus Máistreacht sna hEolaíochtaí sa Pholaitíocht Réigiúnach agus sa tSábháilteacht. Chomh maith leis sin, rinne sí speisialtóireacht iarchéime sa tSlándáil tar éis Coinbhleachta, sa Tógáil Síochána agus in Institiúidí Idirghabhála.