European Economic
and Social Committee
Tá béim nua gheopholaitiúil ag teastáil i leith an mhargaidh aonair Eorpaigh a bheidh ann amach anseo
Is dianriachtanas anois é athmhachnamh straitéiseach a dhéanamh ar mhargadh aonair an Aontais. Ag labhairt dó ag díospóireacht sheisiún iomlánach CESE an 20 Márta 2024, dúirt iarcheannaire rialtas na hIodáile, Enrico Letta, nach ionann an saol anois agus an saol a bhí ann 30 bliain ó shin agus nach mór an margadh aonair a chur in oiriúint don tírdhreach nua idirnáisiúnta.
Agus an príomhsmaoineamh óna Thuarascáil Ardleibhéil maidir le Todhchaí an Mhargaidh Aonair á chur i láthair aige, chuir Letta, Uas., ar Uachtarán reatha Institiúid Jacques Delors anois é, i bhfios go láidir gur gá cur chuige geopholaitiúil a chur i bhfeidhm i leith an mhargaidh aonair a bheidh ann amach anseo agus díriú ar neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa agus ar cholúin amhail an chosaint, an teileachumarsáid, an fuinneamh agus an t-airgeadas.
Chuir sé in iúl gur mór idir an tírdhreach geopholaitiúil atá anois ann agus an tírdhreach a bhí ann 30 bliain ó shin. Is é an misean atá ann inniu, dar leis, machnamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bheidh ag an gcás nua domhanda ar an margadh aonair agus ar a bhfuil i ndán dó, agus dúirt sé freisin nach mór dúinn cur chuige nua a bheith againn agus ábhair amhail an chosaint agus an méadú a chur san áireamh ann.
Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i bhfios go láidir nach féidir rath an mhargaidh aonair a thomhas i dtéarmaí eacnamaíocha amháin, ach nach mór dóchas agus dea-bhail shaoránaigh na hEorpa a áireamh ann freisin. ‘Tá CESE den tuairim’, a dúirt sé, ‘gur le daoine a bhaineann an margadh aonair go bunúsach agus go gcuimsítear leis an gceart chun gluaiseacht go bhfuil saoirse ag duine fanacht.’
Chuir Letta, Uas. in iúl gur daoine atá i gcroílár an mhargaidh aonair agus go n-oibríonn sé ar son na ndaoine sin. B’éigean an t-iomaíochas eacnamaíoch a bheith fite fuaite leis an gcosaint shóisialta dar leis agus chuir sé i gcuimhne go bhfuil an tsaoirse chun gluaiseacht agus an ceart chun fanacht mar chuid den tsaoirse chéanna. Dúirt sé freisin go raibh tionchar tubaisteach ag imirce daoine oilte ar roinnt tíortha agus nach mór dúinn cothromaíocht a aimsiú idir an tsaoirse chun fanacht agus an tsaoirse chun filleadh. Mhínigh sé gur ticéad aonbhealaigh atá ann sa lá atá inniu ann, rud a chuireann as go mór don iomaíochas agus a chruthaíonn fadhb mhór san Eoraip. (mp)